WineMom ag dul ó neart go neart

Eiseofar an ceirnín nua leo, Grand Affair, faoi dheireadh na míosa

WineMom
WineMom

Labhraítear go minic faoin mbrú a bhíonn ar cheoltóirí poiblíocht a dhéanamh ar na meáin shóisialta. Cuimhním áfach ar na roghanna a bhí ann dóibh roimhe seo. An ndearna Jim Morrisson cuiridh chuig ceolchoirmeacha The Doors a fhágáil timpeall ar bhéair agus caiféanna? Ar chroch Stevie Nicks póstaeir sa siopa áitiúil ceirníní le soiscéal luathlaethannta Fleetwood Mac a scaipeadh? Ar chuir sé sin isteach orthu? An chuid den hustle é?

Banna nach gcúlaíonn ón mbunobair sin ar chor ar bith é WineMom. Bhí ainm (iontach) an bhanna feicthe agam míle babhta ar phóstaeir greamaithe de bhallaí na cathrach le blianta beaga anuas (nós ar bhreá liom é, in ainneoin gearáin na gcomhairlí áitiúla), in éindí le réimse leathan ceoltóirí eile a chuimsíonn scene ar leith in íoslaigh agus áiléir Átha Cliath. “Nuair a chuala mo mham an t-ainm ar dtús, bhí sí ar buile go gceapfadh daoine gur fúithi é” a deir Millie Moloney, dordóir an bhanna, “ach anois tá t-léine aici like ‘is mise an wine mom!’” (Luaim léi gur geall le máthair Erykah Badu í, a chroch pláta “Ms Jackson” ar a carr i ndiaidh d’André 3000 amhrán clúiteach Outkast den teideal céanna a eisiúint. Íocónach.)

Insíonn na hamhráin scéalta shaol an bhanna freisin, ó chairdeas go grá, saol Bhleá Cliath, agus ceachtanna foghlamtha ar an mbealach

Tá ceathrar bhall sa mbanna WineMom. Bhí sé i gceist ag Millie agus an príomhamhránaí Rosanna Harrington girlband a bhunú ar dtús, ach bhí plean eile ag an saol. Casadh orthu an drumadóir Reese Martin a bhí chomh cumasach sin gurbh éigean dóibh athbhreithniú a dhéanamh. Cuir leis sin an giotáraí Matthew Marshall, a bhfuil cúlra snagcheoil aige, agus tá dinimic speisialta cruthaithe acu. Measaim féin gur chuid de cheimic aon bhanna maith meascán inscne. Is léir na tionchair, spéiseanna, agus cur chuigí éagsúla atá théis tionchar a imirt ar fhuaim WineMom, agus luaitear ceoltóirí ó Travis go foinn Europhop Mika mar fhoinsí inspioráide - pop, func agus soul-rock.

“Mise agus Reese go háirithe, is breá linn ceol na seachtóidí ar nós Fleetwood Mac - Is dóigh liom go bhfuil an fhuaim beagán mar sin! - agus Blondie, chas muid le chéile i mbanna Blondie covers. Rosanna freisin, is breá léi ABBA, ach ansin Matthew, is maith leis go leor jazz agus cuireann sé sin rud difriúil leis.”

Tá draíocht mealltach fós ag an mbrionglóid úd banna a bhunú le cairde agus tú óg, gigeanna beaga a chasadh i do chathair féin, ceol a chumadh agus scéalta a thaifead: ag tabhairt faoi aistear in éindí a chéile.

Smaoiním arís ar The Doors agus an deis a bhí ag Joan Didion suí isteach sa stiúideo leo le spléachadh a fháil ar an saol agus an próiseas sin. An raibh taithí WineMom chomh rock and roll céanna agus iad ag tabhairt faoin EP a thaifead i mBéal Feirste le gairid? Tosaíonn Millie ag gáire arís. “Cineál! Tá mo chara ina cónaí i mBéal Feirste, so bhí gach duine sa mbanna ina gcodladh ar an tolg ansin, agus ag dúiseacht an-tuirseach ar maidin.. Ach ansin chuamar isteach sa stiúideo, bhí go leor cupáin chaife ar fud na háite, agus …sheinneamar na hamhráin beo agus ansin breisdubálacha. Tá a lán experimentation agus tá go leor leor vocal takes. Agus an chéad amhrán, bhí sé an-nua, níor chas muid é roimhe sin, ach d’oibrigh sé. Tá draíocht ann!”

Insíonn na hamhráin scéalta shaol an bhanna freisin, ó chairdeas go grá, saol Bhleá Cliath, agus ceachtanna foghlamtha ar an mbealach. Amhrán a sheasann amach ná Way of Life. Dar le Millie gur scríobh Rosanna an t-amhrán sin agus í ceithre bliana déag d’aois nuair a cailleadh sean-aintín léi, ach gur fhill sí air agus í fiche ‘s a ceathair. Tá comhrá ar leith a tharlaíonn idir leaganacha éagsúla dínn féin mar sin, agus ceistíonn an t-amhrán mar a braitheadh na daoine a cailleadh ar an mbealach faoin duine atá ionainn anois. “Tá sé faoin mbás agus faoin ngrá, bhí sé leath críochnaithe agus í ceithre bliana d’éag d’aois. Tá sé faoi athrú tar éis báis agus faoin mbrón, agus ag maireachtáil leis sin, so tá sé brónach ach tá sé uplifting freisin.”

Léiríonn bannaí mar seo an neart atá san earnáil agus sna healaíona fós. Mar a bheadh caisearbháin ag fás go fial in áit nach bhfuil cuma fháiltiúil uirthi. “Tá an scene ceoil ar fheabhas. Is aoibhinn linn bannaí nua agus óga ar nós Cable Boy, Grove, tá na bannaí anseo ar fheabhas. Tá gach duine chomh deas agus ag iarraidh cabhrú le daoine eile. Tá amharclanna agus ionaid an-deas. Tá an saol ollmhór i Londain, agus ár bhfoireann, tá siad i Londain… tá mothú seo ann ‘an mbeadh sé níos éasca dúinn ansin?’ Ach táimid an-sásta anseo. Ár n-amhrán Grand Affair, is faoin saol i mBaile Átha Cliath é, scríobhann muid faoi sin go minic. Tá sé sórt bittersweet.”

Tá Way of Life le cloisteáil ar EP nua WineMom, Grand Affair, a eiseofar ar an 24 Aibreán, díreach i ndiaidh dóibh dul chun ardáin ag féile Croí Lár in Átha Luain. Is cinnte nach bhfuil anseo ach tús aistir don bhanna fuinniúil seo.

Foclóir:

poiblíocht = publicity

príomhamhránaí = lead singer

áiléir = attic

sheinneamar na hamhráin = we played the songs

beo = live

caisearbhán = dandelion

mothú = feeling.