Ag tús na seachtaine seo caite eagraíodh agóidí bóthair fud fad an Tuaiscirt chun ísliú ar an ráta breosla a éileamh agus chun míshástacht a léiriú leis an tacaíocht atá ar fáil faoi láthair don phraghas maireachtála atá ag méadú le déanaí.
D’eascair na hagóidí seo ó na léirsithe móra a bhí le feiceáil ó dheas sna laethanta roimhe sin, agus is léir go raibh dóchas i measc an lucht agóide ó thuaidh go dtiocfadh leo aird a tharraingt ar an cheist seo sa bhealach céanna agus tionchar a imirt dá réir.
Sa deireadh, cé go raibh léirsithe ann ag cuid de na príomhbhóithre fud fad na sé chontae, ní raibh an tionchar céanna ag na hagóidí sa Tuaisceart ar bhóithre agus a bhí ar bhóithre an deiscirt sna laethanta roimhe sin. Cruthaíodh deacrachtaí do dhaoine i mbun taistil, gan amhras, ach ní raibh an fuinneamh nó an tiomantas céanna le feiceáil agus a bhí ó dheas roimhe sin.
Ardaítear ceist, mar sin: sa chás go bhfuil na dúshláin chéanna maidir le costais mhaireachtála agus deacrachtaí do dhaoine fud fad an oileáin á n-ardú ag na hagóidí seo, cén fáth go raibh an oiread difear eatarthu ó thaobh fuinnimh agus tionchair de?
READ MORE
Is i Westminster a luíonn an chumhacht maidir le hathrú ar na rátaí cánach a bheadh de dhíth chun praghsanna a ísliú, agus ní léir go bhfuil sé i gceist ag Rialtas na Breataine é seo a dhéanamh.
Níl aon difear sna príomhdhúshláin atá roimh na comhlachtaí tarlaithe agus na feirmeoirí sa dá dhlínse. Bhí ardú suntasach ann ar phraghas breosla ó thuaidh i ndiaidh thús an chogaidh sna Iaráin, mar a bhí ó dheas. Dár leis an Chomhairle Tomhaltóirí, tá an ráta ar pheitreal ardaithe ó 124.8p in aghaidh an lítir ar an 26 Feabhra, go 153.1p in aghaidh an lítir ar an 10 Aibreán, le costais díosail ag ardú ó 132.6p in aghaidh an lítir go 185.6p le linn na tréimhse céanna.
Cén fáth, mar sin, nár bhailigh na hagóidí neart, go háirithe i ndiaidh aird ollmhór a bheith tarraingthe ar an scéal sa deisceart?
Go bunúsach, ní thiocfadh leis an lucht agóide ó thuaidh teachtaireacht a chur chuig aon duine a thiocfadh an fhadhb a réiteach dóibh.
Leis na léirsithe i mBaile Átha Cliath agus i mbailte eile fud fad an deiscirt, cé go raibh ceisteanna in amanna maidir le línte cumarsáide agus éilimh ag athrú, bhí sé soiléir cén bunteachtaireacht a bhí á cur trasna agus cé leo a bhí an lucht agóide ag labhairt.
Sa Tuaisceart, cé go raibh an teachtaireacht a bheag nó a mhór mar a gcéanna, ní féidir leis na polaiteoirí ar Chnoc an Anfa aon rud a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo. Is i Westminster a luíonn an chumhacht maidir le hathrú ar na rátaí cánach a bheadh de dhíth chun praghsanna a ísliú, agus ní léir go bhfuil sé i gceist ag Rialtas na Breataine é seo a dhéanamh.
Cé go bhfuil dualgas ar Fheidhmeannas Chnoc an Anfa cúrsaí a riar sa Tuaisceart, is minic go bhfuil srian orthu athruithe suntasacha a dhéanamh mar gheall ar chumhachtaí nach bhfuil ar fail dóibh. Sa chás sin, tá dhá rogha ag an Fheidhmeannas: maoiniú a bhogadh thart laistigh dá mbuiséad reatha, atá faoi bhrú cheana féin, nó ceist a chur ar Rialtas na Ríochta Aontaithe tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil dóibh.
Mar sin, tá deacracht mhór atá ann do lucht ágóidíochta ó thuaidh, ar aon cheist, ná ní hamháin nach mbíonn cumhacht ag daoine tionchar a imirt in amanna, ach ní bhíonn sé le feiceáil go bhfuil mórán tionchair eile ag na polaiteoirí féin fiú.
Is minic go léiríonn polaiteoirí sa Tuaisceart go dtuigeann siad deacrachtaí atá ag daoine agus gur mhaith leo tuilleadh tacaíochta a fheiceáil dóibh. Sular tharla na hagóidí seo an tseachtain seo caite, scríobh an Chéad agus an Leas-Chéad Aire litir chuig an Príomh-Aire Keir Starmer ag léiriú imní ar an cheist seo, agus d’fhógair an tAire Bonneagair Liz Kimmins go mbeadh calcadh ar phraghasanna ticéad ar sheirbhísí taistil Translink.
Níos suntasaí, Déardaoin na seachtaine seo caite fógraíodh dearbháin ar luach £100 do thithe ar ioncam íseal, scéim le costas £19.2 milliún air. Tá sé seo ag teach i ndiaidh tacaíocht £17 milliúin atá á chur ar fáil ag Rialtas na Ríochta Aontaithe le tacú leis an cheist chéanna, ach nach raibh suntasach go leor chun tacaíocht chuí a chur ar fáil.
Ach, lasmuigh de na leasuithe seo, is beag rud gur féidir leis an Fheidhmeannas a dhéanamh. Dúirt an tAire Pobal Gordon Lyons go dtuigeann sé nach leor an scéim seo, go bhfuil srian ar na roghanna atá acu athruithe a dhéanamh, agus go léiríonn sé seo an gá le cuidiú breise a fháil ó Rialtas na Ríochta Aontaithe.
Seo an cur chuige céanna a bhí ag an Fheidhmeannas ag tús na míosa seo nuair a tháinig deireadh le maoiniú do chuid mhór carthanachtaí sa Tuaisceart mar gheall ar athrú scéime a tharla i Westminster. Cé gur aontaigh na polaiteoirí ar Chnoc an Anfa leis na grúpaí agus leis na daoine a bhí ag léiriú imní faoin cheist, ní raibh siad in ann tionchar a imirt nó an fhadhb a réiteach.
Le an-chuid éileamh ar acmhainní an Fheidhmeannais agus go leor deacrachtaí le dul i ngleic leo, costais mhaireachtála ina measc, tá sé ag iarraidh níos dúshlánaí don phobal tionchar a imirt ar chúrsaí mar gheall go bhfuil sé ag iarraidh níos deacra ar pholaiteoirí athruithe a dhéanamh chun fadhbanna a réiteach sa Tuaisceart chomh maith. Bíodh sé gur gá tuilleadh a dhéanamh leis an bhuiséad reatha, roghanna deacra a dhéanamh, nó go bhfuil sé in am do Westminster tuilleadh cumhachtaí a tharmligean le Cnoc an Anfa, tá sé ag iarraidh níos deacra do phobal an Tuaiscirt tionchar a imirt ar an chóras polaitíochta atá acu.









