Géarchéim i ndán don earnáil dheonach agus pobail ó thuaidh

Tá seirbhísí agus poist i mbaol i dTuaisceart Éireann mar gheall ar athruithe ar scéimeanna atá á gcur i bhfeidhm i Westminster

 Celine McStravick, Príomhfheidhmeannach ar NICVA (eagraíocht ionadaíoch ar an earnáil dheonach agus pobail ó thuaidh). Grianghraf: Liam McBurney/PA
Celine McStravick, Príomhfheidhmeannach ar NICVA (eagraíocht ionadaíoch ar an earnáil dheonach agus pobail ó thuaidh). Grianghraf: Liam McBurney/PA

Tá na céadta post agus seirbhísí riachtanacha i mbaol i dTuaisceart Éireann mar gheall ar athruithe móra atá tagtha ar scéim maoinithe de chuid Rialtas na Breataine, scéim a bhí ag tabhairt tacaíochta do chuid mhór eagraíochtaí san earnáil dheonach agus pobail, agus atá freagrach as réimse leathan seirbhísí a chur ar fáil don phobal agus do dhaoine faoi mhíbhuntáiste ach go háirithe.

Mar gheall ar chinneadh atá déanta ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Pobail i Westminster, tá deireadh tagtha anois leis an Chiste Rathúnas Roinnte, a tháinig isteach nuair a cuireadh deireadh leis an mhaoiniú ón Chiste Sóisialta Eorpach, a chríochnaigh in 2023 mar gheall ar an Bhreatimeacht.

Tháinig grúpaí ón earnáil dheonach le chéile ag Cnoc an Anfa an tseachtain seo caite mar chuid den fheachtas #NICantWait agus rinneadh léirsiú mar gheall ar an imní atá ar na heagraíochtaí seo faoin dochar a thiocfadh dá ndéanfaí ciorruithe móra san earnáil seo.

tá éiginnteacht ollmhór ann . . . maidir leis an todhchaí agus tá imní mór ar eagraíochtaí san earnáil  . . . faoin tionchar a bheidh ag an chinneadh seo ar na mílte daoine a bhaineann leas as na seirbhísí seo, seirbhísí a chuirtear ar fáil do dhaoine óga, do dhaoine faoi mhíchumas, do dhaoine gan dídean agus do dhaoine atá ag streachailt lena meabhairshláinte.

Faoin scéim úr atá anois i bhfeidhm, an Ciste um Fhás Áitiúil, caithfear 70% den chiste úr ar chostais caipitil agus 30% ar chostais reatha eagraíochtaí, rud a chiallaíonn go dtiocfaidh titim thart fá 64% ar an mhaoiniú atá ar fáil don earnáil dheonach agus pobail. Meastar go gcaillfear suas le 400 post sna heagraíochtaí a bhí maoinithe faoi na scéimeanna a bhí ann, agus go dtiocfaidh deireadh le seirbhísí do na mílte daoine a bhí ag brath orthu go dtí seo.

Dúirt Celine McStravick, Príomhfheidhmeannach ar NICVA (eagraíocht ionadaíoch ar an earnáil dheonach agus pobail ó thuaidh) gur dúradh leis an earnáil roimhe seo go mbeadh socrú ar leith ann don tuaisceart maidir leis na hathruithe maoinithe seo. Bheadh an eisceacht seo de dhíth, dár léi, mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil leis an mhaoiniú ón scéim dheireanach, agus mar gheall go bhfuil riachtanais eile ag daoine sa tuaisceart agus go mbeadh creatlach na scéime ag freagairt do na riachtanas siúd. Níl sí den tuairim go bhfuil an bhéim ar chúrsaí atá sa scéim maoinithe seo oiriúnach don tuaisceart faoi láthair, agus gur chóir tosaíocht a dhéanamh de na seirbhísí gur féidir a chur ar fáil ar dtús.

Tá ráite go soiléir i ráiteas ó Fheidhmeannas Chnoc an Anfa go dtuigeann siad go bhfuil na seirbhísí atá faoi bhagairt mar geall ar na hathruithe seo rí-thábhachtach, agus go n-aithnítear go bhfuil an earnáil dheonach agus pobail mar chuid lárnach den gheilleagar agus de shaol an phobail sa tuaisceart. Mar gheall air sin, tá aighneachtaí déanta ag polaiteoirí an tuaiscirt le Rialtas Westminster go ndéanfar eisceachtaí don tuaisceart, ach tháinig an scéim nua isteach ar an chéad lá de mhí Aibreán gan réiteach ar bith ar na ceisteanna tromchúiseacha seo don Fheidhmeannas agus don earnáil.

Tá ráite ag an Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann Hillary Benn go bhfuil an chumhacht i lámha an Fheidhmeannais na bearnaí a chruthaítear mar gheall ar an athrú a líonadh agus gur féidir an cinneadh sin a dhéanamh más mian leo leis na hacmhainní reatha atá ar fáil dóibh. Bheadh thart fá £15.8m de dhíth chun an bhearna seo a líonadh don bhliain airgeadais 2026/27 amháin, agus tá brú mór ag teacht ar an Fheidhmeannas cheana féin maidir le maoiniú agus caiteachas.

Mar atá faoi láthair, tá éiginnteacht ollmhór ann san earnáil maidir leis an todhchaí agus tá imní mór ar eagraíochtaí san earnáil seo faoin tionchar a bheidh ag an chinneadh seo ar na mílte daoine a bhaineann leas as na seirbhísí seo, seirbhísí a chuirtear ar fáil do dhaoine óga, do dhaoine faoi mhíchumas, do dhaoine gan dídean agus do dhaoine atá ag streachailt lena meabhairshláinte.

Mura dtagann Westminster nó Cnoc an Anfa ar réiteach go luath, beidh na poist seo caillte agusanuas air sin, caillfear na seirbhísí agus an saineolas a thagann leo. Tá infreastruchtúr seirbhísí áitiúla i mbaol nach mbeadh furasta a chur ina gceart arís má imíonn daoine go poist eile, agus seans go mbeadh sé deacair muinín a atógáil i dtograí arís i ndiaidh deireadh tobann ag teacht leo mar seo.

Tá dúshlán ollmhór roimh an Fheidhmeannas mura féidir leo tionchar a imirt ar Rialtas Westminster chun leasú a fháil ar na srianta maoinithe atá anois i bhfeidhm agus teacht i gcabhair ar na heagraíochtaí seo. Cé go n-aontaíonn an Feidhmeannas go bhfuil gá le hathruithe agus gur chóir go leanfar le maoiniú do na heagraíochtaí atá i mbaol, go dtí seo níor éirigh leo teacht ar réiteach ar an fhadhb lena gcomhghleacaithe i Westminster nó eatarthu féin. Cuirfidh na ciorruithe sna heagraíochtaí seo brú breise ar sheirbhísí poiblí atá ag streachailt le heaspa acmhainní cheana féin in go leor cásanna, agus cruthófar deacrachtaí nua sa tréimhse seo agus sa todhchaí mura bhfuil sé de chumas ar sholáthróirí seirbhíse a gcuid oibre a dhéanamh.

Foclóir:

Seirbhísí riachtanacha = vital services

Scéim maoinithe = funding scheme

Earnáil dheonach = voluntary sector

Eisceacht = exception

Tosaíocht = priority

Furasta = easy