Bhí iontas orm, ar dhúnadh Club Chonradh na Gaeilge, nár tógadh níos mó raice. Ar ndóigh bhí athchóiriú ag teastáil. Ní shéanaim go ndéanfadh spás amharclainne fiúntas ach oiread. Is iontach go mbeidh ionad oifigiúil lárnach ag an teanga agus táim ag súil leis na féidearthachtaí a thiocfaidh leis sin.
Tá tábhacht as cuimse le tríú spásanna, áfach, agus is tríú spás eisceachtúil a bhí sa gClub. Tá a leithéid tearc go maith d’ealaíontóirí (agus leithéidí The Complex á dhúnadh) agus don ghnáthdhuine freisin (Accents Café, tá tú imithe uainn rófhada).
Ní mian liom a bheith duairc. Fógraíodh pleananna CCBÁC le Cé na gCeannaithe a aistriú ina spás ealaíne, mar shampla, mar chuid de phlean €9m a foilsíodh in 2023 le dul i ngleic le ganntanas spásanna ealaíne. Stiúideonna den chuid is mó a chruthófar, agus amharclann. Dea-scéal! Maidir le pobal na nGael, tá maoiniú á mhealladh ag scéimeanna Gaeilge sna comhairlí áitiúla, agus Gaelcheantar Átha Cliath á fhorbairt i mBÁC 2. Dea-scéalta!
Tá rudaí áirithe, áfach, nach féidir le húdaráis ná eagraíochtaí a sholáthar i bhfoirgnimh shnasta atá faoi ghlas na n-eochairchártaí agus théip dhearg an mhaorlathais, ná go deimhin nach féidir le comhlachtaí ná brandaí a shólathar le spásanna a bhfuil curation cúramach agus ardchostas orthu. Sholáthraigh An Club suíomh neamhfhoirmiúil, anaithnid (agus scaití ainrialach) ina raibh daoine in ann castáil lena chéile, le comhráite agus smaointe a fhorbairt, ócáidí a reáchtáil, pleananna áiféiseacha a chumadh ag trí a chlog ar maidin i ngan fhios don saol mór. Is as seo a d’eascair coincheapa ar nós Na Gaeil Óga, REIC, Amhránaithe an Chlub, Craobh 1916, Cúán de Búrca…
READ MORE
Ní hiad na hionaid oifigiúla na háiteacha inar chruinnigh na sluaite Gaelacha a thriail ar an Oireachtas i ndiaidh am dúnta na mbeáranna ach oiread.
Ar bhealach is maith go bhfuil ócáidí Gaelacha anois scaipthe ar fud na cathrach. B’fhéidir go bhfuil daoine ag freastal orthu seo nach mbeadh an mhuinín acu tairseach an Chlub a thrasnú. Ach ní maith liom nach bhfuil áit ag an bpobal ar leo í, ar féidir brath uirthi feidhmiú mar a bheadh cothaitheoir do na Gaeil agus a smaointí fánacha, agus inar féidir scíth a ligean beag beann ar bhrabús - an príomhghníomh a chuireann i gcoinne an ré chaipitlíoch seo ina maireann muid.
Is éasca breathnú ar Bhéal Feirste mar eiseamláir, agus iontas a dhéanamh den éacht atá bainte amach ag an bpobal sin - agus na háiseanna snasta atá ar fáil dóibh. Ach ní hiad na spásanna oifigiúla, leithéid an Chultúrlann ná an ICC, is cúis leis an bhfochultúr láidir. Cuidíonn siad sin ardán agus stádas a thabhairt don chultúr, ar ndóigh. Ach is i dtithe tábhairne, pluaiseanna rúnda, agus spásanna neamhfhoirmiúla a thosaigh Kneecap ag cleachtadh, nó Huartan ag caint ar bhanna úr Gaelach a thosú. Ní hiad na hionaid oifigiúla na háiteacha inar chruinnigh na sluaite Gaelacha a thriail ar an Oireachtas i ndiaidh am dúnta na mbeáranna ach oiread. Is stiúideo rúnda a mheall damhsóirí, agus i stiúideo compordach eile a chruinnigh grúpa beag cruthaitheoirí in uaireanta beaga na maidine. Is sna spásanna seo a fhásann síolta na samhlaíochta, i bhfad sula mbíonn gá le hardán ná le foirmeacha oifigiúla le haghaidh iarratas agus maoinithe.
An-sampla den struchtúr idéalach é Daylight i nGlas Naíon, spás pobail a fheidhmíonn ar dhea-thoil agus córas ballraíochta. Anuas ar spás sóisialta ina mbíonn cóisirí, soláthraítear spás cleachtaidh, seomraí ranga, seisiúin ghrúpa comhairleoireachta, agus ceardlanna cumasaithe. Is iad na baill a thugann am agus cúnamh deonach leis an áit a fhorbairt agus a chóiriú. Cuirtear glaochanna oscailte go minic ar Instagram ag lorg cúnaimh le glantachán, deisiúcháin, nó le córais a thógáil.
Labhair mé leis an léiritheoir ceoil Rory Sweeney, a bhfuil baint aige le forbairt na háite, agus a bhfuil stiúideo in úsáid aige thuas staighre sa bhfoirgneamh atá acu. “Go teicniúil, bhí Daylight le teacht in áit Jigsaw, rave a bhíodh i mBaile Átha Cliath ar feadh na mblianta. Ionad pobail a bhí ann. Bhíodh Dublin Digital Radio ag craoladh ann. Rith fear darbh ainm Barry [Dempsey] Jigsaw. Bhí sé iontach, ach rinne sé an obair ar fad agus bhíodh sé dóite amach go minic. Nuair a bhí Daylight á bhunú, bheartaigh siad go raibh gá le coiste. Is club ballraíochta é, mar sin tá sé dleathach. Is áit í do bhaill amháin: éinne a thagann go cóisir nó cibé rud, is ball iad. Táimid in ann go leor a dhéanamh leis sin, gigeanna agus rudaí radacacha, bíonn Food Not Bombs ag feidhmiú as, mar shampla.”
“Agus toisc go bhfuil sé beag is féidir linn aire a thabhairt dó agus rudaí spéisiúla a dhéanamh ann, ó thaobh an cheoil, ó thaobh AV, toisc go bhfuil smacht againn ar gach rud. Tá siad ag tógáil córas fuaime ann faoi láthair. Táim féin agus cúpla duine eile ag tabhairt aire dó sin. Táim an-sásta a bheith mar chuid de.”
Measaim féin go bhfuil roinnt mhaith den dioscúrsa maidir le Baile Átha Cliath agus “town’s dead” ar líne míchothrom. Tá áiteacha agus spásanna fiúntacha againn, agus pobail bhríomhara á n-úsáid. Tá tacaíocht rialtais agus forbairtí foirmiúla tábhachtach ar ndóigh. Ach ná déanaimis dearmad freisin gur féidir linn, mar phobal, na spásanna seo a athghabháil, a chruthú, agus níos tábhachtaí fós, a úsáid go gníomhach freisin.
Foclóir:
as cuimse = boundless
tearc = scarce
amharclann = theatre
fochultúr = subculture
toisc = because
spásanna fiúntacha = worthwhile spaces













