Éacht stairiúil ag OTBÁC i gCorn Uí Chonchúir

Séanann OTBÁC ar Dhóchas Éireann OCBÁC an ceathrú craobh as a chéile a thabhairt leo

Angela McGuigan Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (OTBÁC) agus Ruth Sargent  Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC)  le corn Uí Chonchubhair. Grianghraf Ben McShane/Sportsfile
Angela McGuigan Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (OTBÁC) agus Ruth Sargent Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) le corn Uí Chonchubhair. Grianghraf Ben McShane/Sportsfile

Bhain foireann peile Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (OTBÁC) éacht amach i lár na míosa nuair a bhuaigh siad ceann de na cluichí ba mhó i bhféilire na gcoláistí tríú leibhéal agus i bPeil na mBan. Ba é seo an chéad uair riamh a bhuaigh OTBÁC Corn Uí Chonchúir. Dhá fhoireann láidre a thug aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na bliana seo – Dóchas Éireann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) agus OTBÁC. Bhí tábhacht ar leith ag baint leis an gcluiche, ní hamháin mar gheall ar an gcaighdeán ard a bhíonn le feiceáil sa chomórtas i gcaitheamh na bliana, ach mar gheall ar an deis freisin a bhí ag Dóchas Éireann OCBÁC ceithre theideal as a chéile a bhaint amach – éacht fíorannamh i stair an chomórtais.

Ó thús an chluiche, bhí sé soiléir go mbeadh cath crua idir an dá fhoireann. Bhí luas agus fuinneamh le brath ar an bpáirc agus ní raibh ceachtar den dá fhoireann sásta géilleadh don fhoireann eile. Thosaigh OTBÁC go muiníneach agus d’aimsigh siad cúpla scór luath leis an bhfoireann a shocrú. Ceann de na rudaí is spéisiúla faoi Chorn Uí Chonchúir ná an líon mór imreoirí idirchontae a bhíonn páirteach ann. Tugann an comórtas deis do lucht leanúna, cuid de na réaltaí is fearr sa tír a fheiceáil ag imirt le chéile. Sa chluiche ceannais seo, bhí imreoirí ó chontaetha éagsúla ar an bpáirc. Bhí an t-imreoir idirchontae ón Mí, Ciara Smyth, i lár an aonaigh ó caitheadh an liathróid isteach. Léirigh sí scil, misneach agus ceannaireacht agus í ag stiúradh ionsaithe OTBÁC agus ag aimsiú scóir thábhachtacha. Bhí ról lárnach ag Niamh Divilly na Gaillimhe freisin. Maidir le Dóchas Éireann OCBÁC, bhí Aisling Hanly ó Ros Comáin ar cheann de na príomhimreoirí chomh maith le captaen na foirne Ruth Sargent, cosantóir de chuid Chill Dara.

Bhí Ciara Smyth ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ar an bpáirc (sa phictiúr thuas: Smyth ag imirt do Chontae na Mí in aghaidh BÁC an mhí seo caite). Grianghraf: Ray McManus/Sportsfile
Bhí Ciara Smyth ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ar an bpáirc (sa phictiúr thuas: Smyth ag imirt do Chontae na Mí in aghaidh BÁC an mhí seo caite). Grianghraf: Ray McManus/Sportsfile

Gan amhras, bhí Ciara Smyth ar dhuine de na himreoirí ba shuntasaí ar an bpáirc. Bhí sí thar a bheith cruinn lena cuid ciceanna agus bhí sí i gcónaí i gcroílár na himeartha, ag briseadh trí chosaint Dhóchas Éireann OCBÁC. Mar gheall ar a cuid scórála agus a ceannaireacht ar an bpáirc, bronnadh gradam laoch na himeartha uirthi ag deireadh an chluiche. Ar an taobh eile den pháirc, bhí Dóchas Éireann OCBÁC ag streachailt beagáinín sa chéad leath. Mar sin féin, níor chaill siad misneach. Thosaigh siad ag teacht isteach sa chluiche de réir a chéile. Bhí Ruth Sargent, bean Chill Dara agus captaen na foirne, an-láidir i lár na páirce agus rinne sí a seacht ndícheall an fhoireann a threorú. Bhí an t-imreoir as Ros Comáin, Aisling Hanly, thar a bheith contúirteach sa líne thosaigh. I lár na chéad leithe, d’éirigh léi cúl tábhachtach a scóráil nuair a chuir sí pas maith isteach sa chearnóg agus d’aimsigh scór iontach! Thug an cúl sin misneach mór do Dhóchas Éireann OCBÁC agus bhí an cluiche i bhfad níos cothroime dá bharr.

Caithfear a rá go raibh sárobair déanta ag na bainisteoirí leis an dá fhoireann. Bhí siad an-aclaí agus thar a bheith eagraithe sa chosaint agus sna tosaithe. Bhí Dóchas Éireann OCBÁC ar cheann de na foirne ba láidre sa chomórtas le roinnt blianta anuas, agus bhí siad ar thairseach na staire ach ceithre theideal as a chéile a thabhairt leo. Bhí córas cosanta an-láidir acu agus bhí taithí mhór acu ar chluichí móra. Ar an taobh eile, bhí OTBÁC ag iarraidh dul céim amháin níos faide ná a chuaigh siad riamh roimhe i stair an chomórtais. Tar éis dóibh roinnt buanna móra a fháil ar a mbealach chuig an gcluiche ceannais, tháinig siad isteach sa chluiche le muinín agus fuinneamh. Sa dara leath, tháinig níos mó teannais isteach sa chluiche. Bhí sé soiléir go raibh an dá fhoireann tiomanta agus go raibh gach cúilín thar a bheith luachmhar. Lean OTBÁC orthu ag cur leis an scór, agus bhí Ciara Smyth fós ag cur isteach go mór ar chosaint Dhóchas Éireann OCBÁC. Bhí a cruinneas scórála ar fheabhas agus ba léir go raibh sí ar dhuine de na himreoirí ba thábhachtaí ar an bpáirc. Bhí roinnt iarrachtaí ag Dóchas Éireann OCBÁC teacht ar ais sa chluiche. Mar sin féin, bhí cosaint OTBÁC an-eagraithe agus níor thug siad mórán spáis do na tosaithe briseadh tríd.

Nuair a séideadh an fheadóg dheiridh, ba iad OTBÁC a bhí chun cinn 0–12, 2–4. Ba chluiche ceannais sciliúil agus iomaíoch a bhí ann. Cé gur theip ar Dhóchas Éireann OCBÁC an ceathrú teideal as a chéile a bhaint amach, léirigh siad go bhfuil ardchaighdeán bainte amach acu le blianta beaga anuas. Ag an am céanna, chruthaigh OTBÁC go láidir agus bhain siad bua stairiúil amach.

Níl aon amhras ach gur tugadh deis d’imreoirí iontacha ó gach cearn den tír teacht le chéile agus dul san iomaíocht ar ardchaighdeán le linn an chomórtais i mbliana. Go minic, feictear na himreoirí céanna ag imirt i gcraobhacha móra idirchontae níos déanaí sa bhliain. Bhí ról lárnach ag na bainisteoirí agus na foirne bainistíochta freisin, ról atá riachtanach i bhforbairt na n-imreoirí. Is cinnte go dtabharfaidh an cluiche seo spreagadh do ghlúin nua d’imreoirí agus go mairfidh draíocht Chorn Uí Chonchúir amach anseo. Cuimhneofar ar an gcluiche ceannais iontach seo – cluiche a léirigh scil, paisean agus an tallann atá ag glúin nua peileadóirí in Éirinn.

Foclóir:

Féilire = calendar

I gcaitheamh na bliana = during the year

Deis = opportunity

Go muiníneach = confidently

Cath crua = hard battle

Lucht leanúna = followers

Cearnóg = square

Níl aon amhras = there is no doubt