Gáire Bolg

Deir scoláirí móra go bhfuil baint ag na Fir Bolg leis na Belgae gurb astu a shíolraíonn an Bheilg

Nuair a bhí ár mbolg teann le linn chóisir an Tíogair Cheiltigh bhíodh na sluaite ón tír seo ag triall ar Shanchev Bryog. Ní raibh a fhios ag daoine gurbh é sin a bhí ar an áit mar thug na bróisiúir Sunny Beach air. Ainm chomh samhlaíoch le Sráid na Siopaí féin. Sa Bhulgáir atá, ach is annamh aon duine abhus ag machnamh air mar thír seachas cuimhne ghléineach ar Hristo Stoichkov a chuir an liathróid i mbolg an líontáin chomh minic sin.

Ní chuimhneoinn féin air murach gur mhúscail an t-iarTheachta Dála, Dara Job Murphy, smaointe ionam le déanaí nuair a ceapadh é mar leas chef de cabinet do Choimisinéir Eorpach na Bulgáire mar mhalairt ar a bheith ina ghiolla pobail do mhuintir Chorcaí. Ní foláir nó tá gáire á dhéanamh anois aige ina bholg thíos.

Bhíos ann cúpla uair, an uair ba shuaithinsí nuair a bhí na Cumannaigh faoi réim agus mé ag gluaiseacht ar an ordóig. Is cuimhin liom a bheith ag tabhairt slogadh na lachan do bhricfeasta éigin i mbialainn cois bealaigh, bialann a bhí lán go smig le bolgadáin fir ag ól caifé agus ag imirt dúradáin. Féachaint dar thugas an fhuinneog amach chonaic mé mná sna goirt ag strácadh an talaimh le grafóga. Níl aon amhras ná gur chrua a cheannaigh a ndroim a mbolg. Dúirt an duine a bhí faram nár dhroch-chóras é an cumannachas in aon chor.

Bhí na busanna ar fad saor do chách sa phríomhchathair Sofia ar bholg na sráide féin, ach ba dheacra ceapaire a cheannach ná foirmeacha a líonadh anseo le hárachas a fháil. B’éigean dul ó Bhogdan go Bogomil go Boris le slipeanna páipéir a shínfeadh go dtí Bilyan a thabharfadh go Bogomila a leagfadh os comhair Borislava iad. B’fhéidir go bhfaighfeá caoi ar do bholg a líonadh ina dhiaidh sin nó bolgam de dheoch na háite a bhlaiseadh.

READ MORE

Is é is suimiúla faoi cheapachán Uí Mhurchú gur dócha nach dtuigeann sé an ceangal dlúth atá idir Éire agus an Bhulgáir le ceart. Mar is eol dúinn lonnaigh na Fir Bolg anseo ar feadh tamaill sa tréimhse réamhstairiúil. De réir an tseanchais, d’imigh scaipeadh orthu, agus deirtear gur bhain pobal díobh an Ghréig amach.

Deir scoláirí móra go bhfuil baint ag na Fir Bolg leis na Belgae gurb astu a shíolraíonn an Bheilg. Ach tá breall orthu. Is léir gur chuaigh an dream Gréagach siar de dheasca an iomad fealsúnachta ar an aonach - nó bhí cos ar bolg á dhéanamh orthu - gur lonnaigh san áit a bhfuil an Bhulgáir anois, cúis go mbíonn oiread sin Éireannach ag déanamh bolg le gréin ann. Tá sean lámhscríbhinn agam in áit éigin a chruthaíonn an méid sin thar amhras anonn, ach teacht uirthi. Sa cháipéis chéanna tá trácht ar an nga bolga i bhfad sula raibh aon eolas ag Scáthach ná ag Cú Chulainn air.

Léiriú eile ar an gceangal seo lenár bhfir bolg is ea na logainmneacha a bhronn siad ar a n-áitreamh. Is é Plovdiv an dara cathair sa tír, agus is léir gur truailliú é ar ‘Bláth Dubh’ gur dócha gurb é an viola tricolor atá i gceist, mar bhíodh go rábach ag bolgadh san áit. Tá Varna níos soiléire ó leagan de ‘Bearna’, agus dhealródh gurb é ‘Béal Aibhne’ is bun le Belene. Ní gá a bheith bolgshúileach ag iarraidh na gceangal seo a dhéanamh.

Pé sa Bhulgáir é, guímid gach rath ar an chef de cabinet ina chúram nua, mar is léir nach aon bholgán béice é. Agus gach rath ar na turasóirí a mbeidh a mbolg in airde ar an trá thoir. Faraoir, níl aon bholg agam féin dó.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar