An dlí mar a gheobhaidh

Bíonn uasal agus uasal thuas seal agus thuas seal

Ceann de na bunurláir a bhíodh faoin teagasc Críostúil riamh ba ea ‘an dlí nádúrtha.’ Fág nárbh ionann go baileach an dlí nádúrtha a bhí ag Pól agus Agaistín agus, abraimis Acuin, fós féin bhí le tuiscint go raibh bonneagar morálta éigin amuigh ansin arbh fhéidir leis an ainmhí daonna glacadh leis a mbeadh géilleadh coitianta dó, a bheag nó a mhór, ann as, ag cách.

A leithéid chéanna sin ba bhun le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, stáit an domhain ag déanamh talamh slán de go raibh rud éigin comónta eadrainn, agus dá réir sin go raibh snáth éigin ag dul ó phobal go pobal a bhféadfaí ceangal, dá chaoile féin, a nascadh ar bhonn daonnachta idir an duine thall agus sinne abhus.

Sin é is bun leis an dlí féin. Tá ‘an dlí’ ina seasamh ar thuiscintí a bhaineann le rud éigin ionainn a bhfuil baint aige leis an ‘riail órga’ atá le fáil i bhformhór na gcóras eitice ar fud an domhain, is é sin, gur cheart duit caitheamh leis an duine thall mar ba mhaith leat go gcaithfí leat féin abhus.

Níl sin róchasta.

READ MORE

In ainneoin reitric na dlí, áfach, tá’s againn nach mar sin atá. Bíonn uasal agus uasal thuas seal agus thuas seal. An té atá thuas óltar deoch air, agus an té atá thuas ceannaítear na deochanna dó. Tá an dlí ann do chách - seachas iad siúd atá os a cionn, ríthe, banríona, deachtóirí - ach chaithfeadh nach mbeadh mórán sionapsaí agat múscailte mura dtuigfeá go bhfuil aicmí fairsinge lasmuigh den dlí, mar adeirtí faoi Chléire. Is túisce a chífeá Santa Claus i mbrothall an tSamhraidh ag teacht an simné anuas le bronntanais gan chrích ná comhlachtaí cuntasóirí nó baincéirí á gcúisiú os comhair na cúirte.

Tuigtear é sin go héag. Cuid den chultúr é. Is é nach gcuirtear os ard chomh soiléir sin an saordhul ón dlí atá ag saighdiúirí, bíodh is nach mbítear admhálach ann. Ní mar sin atá againne, gan amhras, mar níl cultúr míleata againn (seachas an mhóráil a dhéantar anois as na daoine a throid don impireacht thall). Ach is den dlí nádúrtha chéanna é le dlí nádúrtha Thomáis Acuin go mbíonn saighdiúirí agus amhais oifigiúla lasmuigh den smacht atá ar chách eile.

Dhá eachtra a dhaingnigh sin dúinn. Thug Trumpa na bhFlaitheas maithúnas an tseachtain cheana do mhairnéalach ar baineadh a chuid gradaim fola de. Is amhlaidh go bhfuarthas Edward Gallagher (.i. Éamonn Ó Gallchobhair nach foláir gurbh as Tóin a’ Bhaile nó Maigh Gumna nó Malaidh na Seacht Leacht dá shinsir) ciontach as bheith i ngrianghraf le corpán príosúnaigh a ndeirtear gur sháigh sé scian go feirc ann; níor ciontaíodh é féin as aon dúnmharú mídhleathach in ainneoin gur mhionnaigh finnéithe iontrustacha go bhfacthas é i mbun na scine. Dealraíonn gur mheasa scéal an ghrianghraif ná an marú féin.

Agus thuairiscigh an Sunday Times agus Panorama an BBC gur mharaigh saighdiúirí de chuid na Banríona sibhialaigh idir pháistí, mhná is fhir san Iaráic agus san Afganastáin gan taise nuair a bhí siad ar an réim choncais is déanaí iontu le déanaí. Ní gá na sonraí a thabhairt anseo, mar b’fhéidir go bhfuil goile íogair agat. Tá de pholasaí ag Boiríosa Trumpa, áfach, nach gceadófaí aon fhiosrú ar líomhaintí in aghaidh arm na bpoipíní ba chuma cad a bheadh déanta acu. Is ea, leis, bí ag marú deas is clé ar son an stáit agus ní chuirfear aon mhairg ort.

Is é sin le rá, cuir i dteannta na n-earnálacha fairsinge eile sin atá lasmuigh nó beag beann ar an dlí, cuirtear saighdiúirí áirithe leo sin sa tsaol a mairimid ann.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar