Easpa airde ar an dlúthcheangal idir teanga agus timpeallacht

Tá an Ghaeilge le feiceáil sna hainmneacha, sa stair agus sna nósanna a bhaineann le timpeallacht nádúrtha na hÉireann

FOCLÓIR: séadchomhartha - commemorative object, lonnaíocht - settlement, tírdhreach - landscape, bithéagsúlacht - biodiversity, oidhreacht - heritage, infheicthe - visible.

I Samhain 2018 d’fhoilsigh Rialtas na hÉireann plépháipéar dar teideal ‘Oidhreacht Éireann 2030: Comhairliúchán Poiblí’. An sprioc a bhí ag an gcáipéis ná tús a chur le díospóireacht phoiblí ar thodhchaí na hoidhreachta in Éirinn. I mbrollach an phlépháipéir déanann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta iarracht coincheap na hoidhreachta a shainmhíniú:

Thart orainn ar an uile bhealach atá ár n-oidhreacht. Baineann sí leis an am atá thart ó thaobh ár séadchomharthaí agus lonnaíochtaí ár sinsear. Baineann sí leis an am i láthair ó thaobh na dtírdhreach éagsúil álainn a gcónaímid iontu sa lá atá inniu ann. Is tírdhreacha iad sin lenar mealladh ár sinsir [LE]cur fúthu anseo na mílte bliain ó shin agus a gcothaíonn a mbithéagsúlacht sinn sa lá atá inniu ann.

Nuair a mhíníonn an tAire an fhís atá aici féin agus ag an Roinn, maíonn sí go bhfuil sí simplí agus dúshlánach, ‘go ndéanfaimís ár n-oidhreacht a shainaithint agus a chosaint ar an mbealach is fearr is féidir linn’. Ach conas is féidir linn an oidhreacht seo a shainaithint muna bhfuil na huirlisí cuí againn? Conas is féidir í a chosaint muna bhfuilimid in ann cruth nó brí na hoidhreactha sin a thuiscint? Luaitear ‘séadchomharthaí agus lonnaíochta ár sinsear’ ach gan focal ann faoin teanga a bhí á labhairt ag an gcuid ba mhó dár sinsear. Luaitear an tírdhreach ‘álainn éagsúil’ ach níl trácht ar bith ar an teanga a thug stair, pearsantacht agus brí don tírdhreach céanna.

READ MORE

Níos faide siar sa cháipéis maítear go gcothaíonn ‘éagsúlacht agus saibhreas inár n-oidhreacht ár mbraistint chomhuintearais, folláine, féiniúlachta agus áite’. Ach cá bhfuil an éagsúlacht agus an saibhreas seo le feiceáil agus gan aon chaint ar na focail, atá mar nasc beo idir na glúnta agus mar fhoinse féiniúlachta do phobal ar bith agus é ag iarraidh a suíomh sa timpeallacht a thuiscint? Deirtear linn go ndíreoidh Oidhreacht Éireann ‘ar ár n-oidhreacht thógtha agus nádúrtha’ ach conas is féidir teanga, gléas cumarsáide agus tusiceana an duine aonair, a scaradh amach ó stair agus ó chiall na hoidhreachta agus na timpeallachta? Níl focal ann ach an oiread sa phlépháipéar ar athrú aeráide, an baol is mó don ‘bithéagsúlacht’ atá mar ghné shuntasach, dar leis an Aire, de thírdhreach na tíre. Ní haon ionadh, ar bhealach, go bhfuil ról na teanga agus ceist na héiceolaíochta ar lár sa cháipéis oifigiúil seo, mar léiríonn an neamhaird sin easpa díospóireachta agus plé sa phobal i gcotinne maidir leis an cheangal idir cúrsaí teanga agus cúrsaí timpeallachta.

Fiú i gcáipéisí a bhaineann go díreach le feidhm agus todhchaí na Gaeilge fanann an Roinn ina tost maidir leis an teagmháil idir cleachtais teanga agus an ghéarchéim éiceolaíoch. Níos luaithe in 2018 tháinig cáipéis eile amach ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta 2018-2022: Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030’. Murab ionann is an foilseachán eile ón Roinn aithnítear ról stairiúil na teanga ann:

Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha is sine atá go fóill in úsáid san Eoraip agus stair shaibhir chultúrtha ag dul léi. Is í an Ghaeilge príomhtheanga na hÉireann agus, mar sin, is mionteanga neamhghnách í ar go leor bealaí sa mhéad is gur tugadh cosaint shuntasach bhunreachtúil agus reachtach di ó bunaíodh an Stát.

Níl aon mhíniú ann, áfach, ar fhiúntas comhaimseartha na teanga agus ar an ‘stair shaibhir chultúrtha’ atá ag gabháil léi. Deirtear freisin, ‘is cuid riachtanach d’oidhreacht bheo an Stát í an Ghaeilge agus is acmhainn thábhachtach í an Ghaeltacht ar chóir gach iarracht a dhéanamh í a chosaint, a chaomhnú agus a fhás’. Arís, níl leid dá laghad ann maidir don cheangal idir an ‘oidhreacht bheo’ seo agus an Ghaeilge. Sa ‘Ráiteas’ ó Aire eile, an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, ní airímid aon cheo faoin ngéarchéim éiceolaíoch, ná faoi thábhacht na teanga chun dul i ngleic leis an ngéarchéim chéanna. Is cuid de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Plean Gníomhaíochta, ach cén sórt pláinéid a bheas againn i 2030? Agus Éire mar cheann de na tíortha is measa san Eoraip maidir le hastaíochtaí carbóin, níl faic sa Phlean Gníomhaíochta faoin dlúthcheangal idir teanga agus timpeallacht.

Feicimid anois na mílte páiste scoile amuigh ar na sráideanna ag agóidíocht ar son polasaithe réadúla chun déileáil leis an athrú aeráide ach cén fhís atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus í ag réiteach polasaí do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? I gcáipéis a chuireann síos go mion ar na cuspóirí straitéise atá ag an Roinn maidir leis an teanga níl focal ar bith in aon áit faoin timpeallacht. Mar shampla, ag tús na cáipéise mínítear an fhís atá ag an Roinn i leith na Gaeilge agus deirtear gur aidhm pholasaí an rialtais, 'a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos infheicthe sa tsochaí againn, mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí agus i litríocht'. Ach tá an Ghaeilge le feiceáil chuile lá den bhliain sna hainmneacha, agus sa stair agus sna nósanna a bhaineann le timpeallacht nádúrtha na hÉireann. Is léir go raibh an Roinn dall ar an ngné seo den teanga agus is follas ón Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn: 2010 go 2015 nach raibh aon athrú intinne ann.

Is beag an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na smaointeoireachta de. Fiú agus a thodhchaí ag brath ar mheon iomlán difriúil i leith na timpeallachta in Éirinn, níl an t-aos óg nó an dream atá freagrach as a gcuid oideachais ag fáil treoir ar bith ó na heagrais Stáit atá in ainm is a bheith ag obair lena leas.

A mhalairt ar fad atá fíor agus táimid go léir thíos leis.

* Sliocht é seo as 'An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht / Irish and Ecology' atá foilsithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta. Timire.ie Luach € 15. Ollamh le Fraincis agus Stiúrthóir ar Lárionad Aistriúchán Litríochta agus Cultúr Choláiste na Tríonóide é Michael Cronin.

Michael Cronin

Prof Michael Cronin, a contributor to The Irish Times, is director of Trinity College Dublin's centre for literary and cultural translation