Gaeilge san AE: an cruinneas ‘an cháilíocht is mó atá ann’

Tuaradh ón tús gur dúshlán a bheadh ann soláthar maith daoine cáilithe a chur ar fáil

FOCLÓIR: Maolú - reduction, feachtas - campaign, stocaireacht - campaigning, fearadh na fáilte - heartily welcomed, stádas - status, gearán - complaint, fuadach - spirited away.

Cuireadh tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach ar an dul chun cinn atá déanta maidir le deireadh le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach (AE) faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge le gairid

Bhí oifigeach gnóthaí teanga an Choimisiún, Eimear Ní Bhroin a rinne an cur i láthair, dóchasach faoi an todhchaí ach d’admhaigh sí freisin go bhfuil roinnt mhaith oibre fós le déanamh.

Nuair a bheidh deireadh leis an maolú faoi dheireadh 2021 beidh sé de dhualgas ar an AE seirbhísí i nGaeilge a chur ar chomhchéim leo siúd a sholáthraítear i dteangacha oifigiúla eile san Aontas.

READ MORE

B’fhiú smaoineamh siar ar na fáthanna a bhfuil an maolú ann sa chéad áit.

Nuair a chuaigh Éire isteach sa Comhphobail Eorpach i 1973, níor iarr rialtas an lae go mbeadh an Ghaeilge ar cheann de na teangacha oifigiúla agus oibre. Rinneadh líomhaintí gur bhain cur i gcéill leis an mbealach a cuireadh sin i láthair ag an am agus gur tugadh le tuiscint go raibh lán stádas faighte don Ghaeilge, rud nach raibh.

B’éigin do na heagrais Ghaeilge feachtas fada stocaireachta a reáchtáil chun an stádas cuí a bhaint amach.

Ní h-aon ionadh mar sin é gur cuireadh fearadh na fáilte roimhe nuair a fógraíodh i 2005 go ndéanfaí teanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontas Eorpaigh den Ghaeilge ó 2007 ar aghaidh.

Go dtí sin tugadh stádas mar theanga chonartha don Ghaeilge.

Faoin socrú nua seo bheadh dualgas ar an AE seirbhísí Gaeilge a sholáthar ón chéad lá d’Eanáir 2007.

Cé gur dul chun cinn suntasach a bhí ann, bhí díomá ar go leor nuair a tugadh le fios freisin nach mbeadh fáil fós ag Gaeilgeoirí ar sheirbhísí an AE ina n-iomláine.

Dar ndóigh, thuar Éamon Ó Cuív, a bhí ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i 2005 nuair a fógraíodh go ndéanfaí teanga oifigiúil agus oibre de chuid an AE den Ghaeilge, go mbeadh dhá dhúshlán mhór ann.

Bheadh ar phobal na Gaeilge úsáid a bhaint as an stádas nua anois, a dúirt sé, ach anuas ar sin bheadh ar an Rialtas agus na hinstitiúidí oideachais a chinntiú go mbeadh dóthain daoine cáilithe ar fáil le freastal ar na riachtanais nua a bhainfeadh leis an stádas.

Ba léir go raibh an ceart ag Ó Cuív.

Ní raibh dóthain daoine oilte – idir aistritheoirí, ateangairí nó dlítheangeolaithe - ar fáil chun seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil.

Nuair a mhol rialtas an lae maolú a chur ar na seirbhísí a bheadh ar fáil as Gaeilge, bhraith go leor, gur iarracht eile a bhí ann a cuid cainteoirí a fhágáil ar an bhfaraor géar.

Cuireadh síneadh cúig bliana ar mhaolú na Gaeilge faoi dhó ach cinneadh i mí na Nollag 2015 go gcuirfí deireadh leis faoin mbliain 2022.

Níor léir sa bhliain 2015 go mbeadh soláthar cuí ann in am do dheireadh an mhaolaithe agus chomh deireanach leis na blianta 2016-2018 ní raibh na cáilíochtaí cuí ach ag thart ar thrian de na hiarrthóirí a chuir isteach ar fholúntais.

Dul chun cinn

Cé gur tuaradh ón tús gur dúshlán a bheadh ann do na hollscoileanna soláthar maith daoine cáilithe a chur ar fáil, tá dul chun cinn déanta - mar a dúirt Eimear Ní Bhroin.

De réir an chomhairimh is déanaí, bhí 102 ball foirne le Gaeilge ag obair le seirbhísí teanga an AE faoi lár na bliana seo. Ardú suntasach é sin ón 58 a bhí ag obair ann ag deireadh 2015.

Agus í ag caint le Tuarascáil, mhínigh Eimear Ní Bhroin go bhfuiltear ag súil go méadóidh líon na n-aistritheoirí, na gcúntóirí teanga agus na bprof-léitheoirí atá ag cur fúthu sa Bhruiséil sna blianta beaga atá romhainn.

Tá na hinstitiúidí Eorpacha tar éis comórtais a chur ar bun chun daoine a fhostú go sealadach anois agus glactar le hiarratais uathu siúd nach bhfuil an tríú teanga ar a dtoil acu.

Ó thaobh cáilíochtaí de, deir Ní Bhroin gurb é an cruinneas “an cháilíocht is mó atá ann”.

Ní gá go mbeadh máistreacht san aistriúchán déanta ag na hiarrthóirí ach tá an-bhuntáiste ag baint leis sin mar go bhfuil siad tar éis am a chaitheamh leis.

Tá an-chuid oibre déanta freisin ag na hollscoileanna chun dul i ngleic leis an bhfadhb agus cabhair a thabhairt dóibh siúd nach bhfuil ag déanamh staidéir ar an tríú teanga.

“Tá an chruthaitheacht laistigh de na hollscoileanna anois chun cabhrú leis na mic léinn teangacha eile a thabhairt leo fiú mura bhfuil sé mar chuid den chéim acu. Tá athrú tagtha ansin,” ar sí.

“Tá daoine ann a bhfuil ard-chaighdeán sa Ghaeilge acu,” ar sí, “ach b’fhéidir nach bhfuil teangacha eile acu nó nach bhfuil na teangacha eile déanta acu le tamall,” arsa Ní Bhroin.

Tugtar seans dóibh siúd a earcaítear ar chonarthaí sealadacha cúrsaí teanga a dhéanamh chun cur leis an eolas atá acu cheana féin.

Rud é seo a chabhraíonn leo “muinín a bheith acu astu féin ionas gur féidir leo cur isteach ar na postanna bhuanna amach anseo,” a dúirt sí.

Éagsúlacht daoine a chuireann isteach ar na poist agus tá pobal beag Gaeilge ag cur faoi sa Bhruiséil anois.

“Tá ceoltóirí san aonad, tá scríbhneoirí ann, tá daoine ann a bhfuil taithí acadúil acu.

Rud é sin, ar sí, a chiallaíonn go bhfuil “saibhreas dochreidte ó thaobh taithí ” san aonad.

Gearán

Gearán amháin a chloistear ó am go chéile ná go bhfuil na Gaeilgeoirí is fearr dhá bhfuadach as an tír agus gur cailliúint mhór iad do shaol na Gaeilge.

“Slí amháin nó slí eile, tá sé seo ag cur leis na hacmhainní atá ar fáil don Ghaeilge. Tá sé ag cur leis an méid ábhar – agus ní díreach an dlí – atá ar fáil do dhaoine a labhraíonn Gaeilge.

“Ní féidir leis seo ach cabhrú leis an nGaeilge in an-chuid slite. Tá an-chuid postanna sa rialtas, san Oireachtas, tá sé seo ar fad ag cur leis an todhchaí atá ag baint leis an teanga,” ar sí.

Dar léi, is seans iontach é do dhuine ar bith ar mian leo a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge agus a bhfuil dúil sa taisteal acu.

“Is postanna iontacha iad. Is seans iontach é do dhaoine óga dul agus cónaí i dtír eile agus taithí a fháil le daoine ó thíortha éagsúla.

“Bíonn siad ag obair le daoine ó gach tír san Aontas Eorpach. Tá an pá go maith. Tá an áit ina bhfuil an Bhruiséil lárnach go maith agus bíonn tú in ann dul ag taisteal in aon áit,” a dúirt an oifigeach gnóthaí teanga.

Cé go raibh sé sách fadálach ag teacht, tá toradh le feiceáil anois ar stocaireacht a thosnaigh go luath sna seachtóidí agus ar an 80,000 síniú a bhailigh an gasra Stádas mar chuid den fheachtas chun cearta a bhaint amach do chainteoirí Gaeilge san AE.

Is féidir iarratas ar phost a dhéanamh ach cuairt a thabhairt ar shuíomh EPSO: epso.europa.eu/job-opportunities_ga

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.