Díospóireacht eile

Is den riachtanas dul isteach leis na buachaillí móra toisc gur gá dúinn sinn féin a chosaint

Ó am go chéile cloistear an gátar atá againn le díospóireacht air seo nó air siúd de réir tochas an chainteora. De ghnáth is fead fholaigh é ar son ‘agus ansin déanaimis é!’ Mar shampla, le cúpla seachtain anuas táthar ag lorg díospóireachta mar gheall ar an eotanáis a chur ar fáil sa stát seo arb ionann é agus bealach ós íseal lena mholadh agus a dhéanamh dleathach. Níl an vaigín áirithe seo ach i dtosach a aistir.

Ábhar díospóireachta níos seanchríonna is ea gur cheart dúinn ballraíocht a lorg in Nato, bíodh nár airigh mé gíocs as na gnáthamhrasáin an tseachtain cheana nuair a bhí cinnirí na dtíortha comhpháirteacha ag déanamh ceap magaidh díobh féin.

Ach an ceart choíche. Bíodh an díospóireacht againn. Seo í í.

Is den riachtanas dul isteach leis na buachaillí móra toisc gur gá dúinn sinn féin a chosaint. Sea: ní deirtear cé ina aghaidh atáimid dár gcosaint, ach fág an poll áirithe sin gan líonadh go fóill. Go deimhin, ná líontar choíche é. Nuair a ghabhaim chun na farraige síos gach maidin d’fhonn faire na longa ag teacht go tolgach trom dár n-ionsaí, ní fheicim iad. Thugas an easpa loingis chéanna faoi deara agus mé ag snámh sa mheán mhuir agus is mó sin túr cosanta a tógadh timpeall an chósta atá ina fhothrach folamh gan aird.

READ MORE

Dhéanfadh sé leas an airm againn féin an trealamh is déanaí agus is nuashnasta a fháil mar mhalairt ar na seanbhaingir ina ngluaiseann siad faoi láthair. Sea: is fíor gur mhaith le go leor go bhfaigheadh siad bréagáin chogaidh nua agus giúirléidí deasa marfacha chun súgartha leo. Ach, ní bhfaighfí iad sin saor in aisce, mar bheadh dualgas orainn dhá faoin gcéad dár n-olltáirgeacht intíre a chur i leataoibh ar son na n-áilleagán céanna. An méid seo thuas dóibh siúd amháin nach ngéilleann ach d’argóintí a bhaineann le hairgead.

Tá gach duine eile sa chlós agus sa cheantar ann, dá bhrí sin, caithfimidne chomh maith. Sea: ach níl gach duine eile ann, an tSualainn, an Fhionlainn, an Ostair, an Eilbhéis, agus ní gá dul níos sia ná sin. Ach is róbhaol go ndéanfar tíortha eile a mhealladh isteach ar ball, óir tá na pleananna ar na bioráin agus i bhfolach i gcomhad éigin nach bhfeicfidh tusa ná mise. Go deimhin deimhnitheach siúrálta féin, tá slibireacht shleamhain á déanamh an tSeapáin a scaoileadh óna mbunreacht síochánta a choscann orthu bheith páirteach i ngníomhartha míleata lasmuigh dá dtír féin. É seo, de réir Jens Stoltenberg, ArdRúnaí na heagraíochta d’fhonn ‘to address the rise of China’. Tá súil agam go gcuireann sin dinglis fhuar trí lár do scairt nó áit éigin.

Cuspóirí síochána amháin atá ag Nato, ní cuspóirí cogaidh. Sea: sin an fáth gur déanadh ionsaí ar an Afganastáin agus go raibh sé de dhualgas ar gach ball a bheith ann. Agus sin an fáth ar caitheadh ceathanna buamaí anuas ar an Libia, gur dá dhroim gurbh ar éigean atá rialtas ann anois agus go bhfuil na sluaite ag triall amach as trasna na mara. Is de shuimiúlacht gur seanimpireachtaí is láidre sa chomhghuaillíocht, bíodh is go ndearmadtar gur seanimpireacht is ea an Tuirc, leis, tír atá ag múscailt agus a cuid dlaoithe á gcraitheadh arís aici. Dúirt Le Monde le déanaí gurbh í an aidhm a bhí leis an gcruinniú mullaigh ‘na Tuircigh a choimeád ciúin, agus gan fearg a chur ar Trump’. Fairis sin, tá an eagraíocht patuar, mura bhfuil deargnaimhdeach don chonradh um chosc airm núicléacha. Cad ina thaobh sin, n’fheadar?

Anois duit. Bhí an díospóireacht againn. Tá sí thart. Bheimis inár ngeilt a bheith slogtha isteach in Nato. Sin sin. Ná cloistear faoi arís.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar