‘Níl ann ach tús agus tá dualgas orainn go léir’

Tá pobal na Gaeilge tinn tuirseach den mhéar fhada, de na leithscéalta agus den chur i gcéill, a deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

Foclóir: Tacadóir - supporter; eascairt - springing; an earnáil oideachais - the education sector; dátheangach - bilingual; príomhtheanga - primary language; in áit na leathphingine - the ha’penny place; comhfhreagras - correspondence.

Ó 2016 ar aghaidh tá sár-obair á déanamh ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus é ag dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an easpa sheirbhísí poiblí dátheangacha atá in Éirinn.

Is mar thacadóir agus mar mhaoirseoir do phobal na Gaeilge agus don phobal dátheangach a dhíríonn an Comhchoiste a aire ar a bhfuil, nó ar nach bhfuil á dhéanamh, ag an Rialtas agus ag an tSeirbhís Phoiblí i dtaobh sholáthair, nó níos beaichte a rá, neamh-sholáthair sheirbhísí poiblí dátheangacha.

Is tír dhátheangach í Éire agus ag eascairt as sin, baineann an dualgas atá ar Rialtas na hÉireann agus atá ar an tSeirbhís Phoiblí Éireannach seirbhísí poiblí dátheangacha a sholáthar don phobal, le gach uile sheirbhís phoiblí a sholáthraíonn siad don phobal.

READ MORE

Ní bhaineann an dátheangachas leis an Roinn Gaeltachta agus leis an Roinn Oideachais amháin, ach le gach uile Roinn Stáit. Ní bhaineann an dátheangachas leis an earnáil oideachais agus leis an earnáil cultúrtha amháin, ach le gach uile earnáil agus le gach uile ghné de shochaí na hÉireann. Ní bhaineann an dátheangachas le múinteoirí agus le daltaí amháin, ach le feirmeoirí agus iascairí, siúinéirí agus pluiméirí, innealtóirí agus tógálaithe, agus le gach uile oibrí eile.

Ní bhaineann an dátheangachas leis an nGaeltacht amháin, ach leis an tír ina iomláine. Baineann an dátheangachas le gach contae, gach cathair, gach baile agus gach baile fearainn in Éirinn.

Baineann an dátheangachas leis an obair a dhéanann gach duine agus leis na seirbhísí poiblí a fhaigheann gach duine ón Stát.

Is bunphrionsabal é in aon tír dhátheangach, go mbíonn gach uile sheirbhís phoiblí a bhíonn ann don phobal, ar fáil go dátheangach agus ar fáil ar leibhéal comhionann sa dá theanga. Ní mar sin atá sé faoi láthair in Éirinn, nó ní mar sin a bhí sé riamh ó bunaíodh an Stát níos mó ná céad bliain ó shin. Mar sin, is é ceann de na príomhaidhmeanna atá ag an gComhchoiste go mbeidh na seirbhísí poiblí iomlána atá ar fáil do phobal na hÉireann, ar fáil go dátheangach.

Tá a fhios againn nach dtarlóidh sé sin inniu nó amárach, ach nílimid sásta fanacht céad bliain eile chun an bunphrionsabal seo a chur i bhfeidhm.

Tá muide agus pobal na Gaeilge, pobal na teanga atá ina príomhtheanga go hoifigiúil sa Stát, ach arb í an teanga atá in áit na leathphingine i gcúrsaí oifigiúla an Stáit, tinn tuirseach den mhéar fhada, de na leithscéalta agus den chur i gcéill.

Is fíor go bhfuil roinnt dhul chun cinn déanta le déanaí, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus araile, agus táimid buíoch as sin. Ach ní leor é sin. Níl ann ach tús agus tá dualgas orainn go léir, an Comhchoiste agus pobal uile na Gaeilge, a chinntiú go gcuirfear luas leis an tús agus go leanfar ar aghaidh, gan stop, gan staonadh, go dtí go mbeidh ár gcearta daonna, ár gcearta teanga agus ár gcearta mar shaoránaigh agus mar cháiníocóirí, bainte amach go huile is go hiomlán againn. Go dtí go mbeidh Éire ina tír iomlán dhátheangach.

Tá meon phobal na hÉireann maidir leis an nGaeilge athruithe ó mheon an phobail mar a bhí san fhichiú haois. Níl rian den iar-choilíneachas agus den frith-Ghaelachas ann níos mó.

Tá an ghlúin óg bródúil as an nGaeilge agus ag iarraidh í a labhairt agus a úsáid, ní mar ábhar scoile ach mar nós maireachtála. Tá an t-éileamh i dtaobh na Gaeilge ann i ngach earnáil in Éirinn. Tá níos mó Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí á iarraidh, tá seirbhísí sláinte trí mheán na Gaeilge á iarraidh, tá níos mó cláracha teilifíse agus raidió á iarraidh. Tá an t-éileamh ann ach níl an Rialtas sásta nó toilteanach géilleadh don éileamh seo. Cén fáth?

Le hocht mbliana anuas tá a dhícheall á dhéanamh ag an gComhchoiste ionadaíocht a dhéanamh ar son phobal dhátheangach na hÉireann. Tá níos mó ná 1,250 mír chomhfhreagrais faighte ag an gComhchoiste ó fhoinsí éagsúla agus tá níos mó na 1,400 mír chomhfhreagrais seolta amach aige chuig daoine nó eagraíochtaí éagsúla.

Tá bród ar an gComhchoiste as líon na n-ábhar éagsúla atá pléite aige, agus as líon na dtuarascálacha agus na moltaí fiúntacha atá ullmhaithe agus leagtha os comhair Thithe an Oireachtais agus an Rialtais aige: Go dtí seo, tá níos mó ná 26 tuarascáil agus beagnach 500 moladh déanta aige mar chuid de na tuarascálacha sin. Agus níos mó fós le teacht idir seo agus an chéad toghchán náisiúnta eile.

Ach ní fiú tuarascálacha agus moltaí muna nglactar leo agus muna gcuirtear na moltaí i bhfeidhm.

Agus mar Chomhchoiste, den chuid is mó ní fhaighimid aon aisfhreagra, seachas admháil ó na hAirí éagsúla maidir leis na moltaí a dhéanaimid. Níl na hAirí sásta a rá linn cé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad sásta glacadh lenár moltaí nó an bhfuil nó nach bhfuil siad sásta iad a chur i bhfeidhm.

Agus dáta an olltoghcháin ag druidim go gasta linn, ba chóir do phobal na Gaeilge agus ba chóir do phobal na hÉireann uile, an cheist seo a chur ar gach Teachta Dála, ar gach Seanadóir, ar gach iarrthóir san olltoghchán sin, ar gach Aire Stáit agus ar gach páirtí polaitiúil: -

“An bhfuil tú sásta tiomantas oscailte agus shoiléir a thabhairt go gcuirfidh tú an córas dátheangach i bhfeidhm i ngach earnáil den Stát idir seo agus 2030 agus sna blianta ina dhiaidh sin?”

Ba chóir dúinn an cheist sin a chur orthu, agus í a athchur orthu arís is arís eile. Agus is áis iontach dóibh siúd a bheidh ag iarraidh an cheist seo a chur é an liosta de mholtaí atá déanta ag an gComhchoiste le hocht mbliana anuas.

Tá an liosta ar fáil anseo.

Tugaim cuireadh daoibh féachaint ar an liosta seo agus bhur dtacaíocht a thabhairt do na moltaí a aontaíonn sibh leo. B’fhiú iad a luadh nuair a iarrfar vóta oraibh. Ba chóir go mbeadh aon iarrthóir agus aon pháirtí a bheidh ag iarraidh bhur vótaí a fháil, sásta freagraí soiléire a thabhairt daoibh maidir lena seasamh i dtaobh na Gaeilge.

Ba chóir go mbeadh siad uile sásta glacadh le dlisteanacht agus ceart an éilimh ar thír dhátheangach nó a rá amach go hoscailte nach bhfuil siad i bhfabhar a leithéid. Agus ba chóir go mbeadh siad sásta geallúint oscailte agus soiléir a thabhairt go gcuirfidh siad an córas dátheangach i bhfeidhm i ngach earnáil den Stát idir seo agus 2030 agus sna blianta ar aghaidh ina dhiaidh sin.

Tá a lán de lucht na Gaeilge róchiúin agus róbhéasach maidir le húsáid oifigiúil na Gaeilge. Tá an meon leithscéalach ‘an bhfuil cead agam mo theanga a úsáid’ dingthe isteach inár gcloigne, agus muid ag dul i ngleic leis an Rialtas agus leis an tSeirbhís Phoiblí. Tá muid róleithscéalach nuair ba chóir dúinn a bheith i bhfad níos ceannasaí. Déanaimid dearmad gur saoránaigh agus cáiníocóirí muid agus go bhfuil an ceart againn ár gcearta teanga a fháil gan deacracht, gan doicheallacht.

Ba chóir mórtas seachas cúthail a bheith orainn agus ár gcearta teanga á n-éileamh againn. Ba chóir dúinn a bheith mar seo agus an chéad olltoghchán eile ag druidim linn.

Tá an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ina Chathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge