Eachtra Emma: Rang a 2, Gaelscoil Uí Ríordáin

Baile an Chollaigh, Corcaigh


Eachtra Emma

Dia daoibh go léir, is mise Emma. Tá madra agam. Rocky is ainm dó. Is é mo chara is fearr é. Is maith liom peil, camógaiocht, péinteáil, teilifís agus bia.

Tá post agam mar gharda ach ní hé sin mo phost le fada, bhí postanna eile agam.

Bíonn mo mhadra liom nuair a bhíonn mé ag obair agus bíonn sé go hiontach ag lorg rudaí.

Ba mhaith liom a bheith mar Ghníomhaire Speisialta/Special Agent ach níl mo bhainisteoir, Larry, ag scaoileadh liom a leitheád a dhéanamh.

READ MORE

Níl Larry ró-shásta mar níl jab maith ar siúl ag na gardaí eile. Bíonn Larry an-chrosta le daoine nuair nach ndéanann siad an rud a dúirt sé.

Ní bhím ró-shásta le Larry mar gach uair a dhéanaim rud éigin, deir Larry go ndéanaim an rud mí-cheart.

Nuair atá mé déanach bíonn Larry an-chrosta liom.

Lá amháin bhí duine ag iarraidh rith isteach do dtí an ionad siopadóireachta chun rudaí a ghoid.

Bhí sé ag tógaint airgead ón staff. Chuala sé an t-alarm agus thit sé i mbosca.

Chuala mise an t-alarm agus rith mé isteach ach ní raibh aon duine ann. Chuala Rocky rud éigin.

Chuala Rocky duine éigean ag caint agus chuaigh sé go dtí an bosca agus chonaic sé an gadaí. "Maith thú Rocky, seo treat duit! ... Tá tusa ag dul go priosúin liomsa, a ghadaí," a dúirt mé.

“Níl mé,” a dúirt an gadaí agus rith sé amach as an mbosca. Ansin chonaic mé mo Mham agus mo Dhaid…