Córas Stáit ‘beag beann ar an nGaeilge’ – Ó Cuív

Rinne Comhchoiste na Gaeilge agus na Gaeltachta 354 mholadh a bhain le cur chun cinn na Gaeilge, an Ghaeltacht, tithíocht, oideachas, seirbhísí poiblí agus cúrsaí foilsitheoireachta, i measc ábhar eile.

Cruinniú dheiridh de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge: (Ar chlé) Éamon Ó Cuív, Lorraine Clifford-Lee, Aengus Ó Snodaigh (Cathaoirleach), Catherine Connolly agus Seán Kyne.
Cruinniú dheiridh de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge: (Ar chlé) Éamon Ó Cuív, Lorraine Clifford-Lee, Aengus Ó Snodaigh (Cathaoirleach), Catherine Connolly agus Seán Kyne.

FOCLÓIR: Beag beann - indifferent; leithleachas - peculiarity; ócáid - event; cnuasach - collection; ganntanas - scarcity; míorúilt - miracle; beo agus bríomhar - alive and kicking; cáineadh géar - sharp criticism; iarchoimisinéir teanga - former language commissioner.

‘Tá cuid mhór den chóras stáit go ginearálta beag beann ar an nGaeilge.”

Sin a dúirt an t-iarAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, agus é ag cur síos ar na dúshláin is mó atá curtha faoin nGaeilge sa státchóras.

Ní in aon roinn amháin a bhraitear an leithleachas, dar leis is ceist í seo atá le sonrú “tríd an gcóras.”

READ MORE

“Sin dúshlán an-mhór,” a dúirt sé.

Labhair Ó Cuív ag ócáid dheiridh Chomhchoiste na Gaeilge agus na Gaeltachta i dTeach Laighin, áit ar seoladh cnuasach de mholtaí a leagadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais le linn téarma na Dála seo caite.

Idir 14 Meán Fómhair 2020 agus an 6 Samhain 2024, reáchtáil an Comhchoiste 154 cruinniú agus leagadh 38 tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

San iomlán rinneadh 354 moladh a bhain le cur chun cinn na Gaeilge, an Ghaeltacht, tithíocht, oideachas, fostaíocht, seirbhísí poiblí agus cúrsaí foilsitheoireachta, i measc ábhar eile.

Gan dabhat ardófar cuid acu sin ag na doirse le linn fheachtas an olltoghcáin.

Ag tagairt do sheoladh an chnuasaigh, dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Aengus Ó Snodaigh gur chreid sé go bhfuil “éacht déanta ar son na Gaeilge san obair atá déanta” thar thréimhse na ceithre bliana.

“Tá súil agam nach bhfanfaidh na turascálacha ar an tseilf. Ní fiú tráithnín ansin iad - caithfear gníomhú dá réir,” a dúirt sé.

Níor rinneadh anailís dhomhain ar aon mholadh amháin ag an gcruinniú scoir, a raibh an Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn, gníomhairí teanga agus aíonna eile i láthair aige.

Dlúthbhaint

Mar sin féin, luadh an dlúthbhaint idir an Ghaeilge sa chóras oideachais agus dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Cé gur ghné lárnach den Phlean Náisiúnta é seirbhís phoiblí dhátheangach a fhorbairt laistigh den státchóras, dúradh nach bhféadfaí an ganntanas Gaeilgeoirí a réiteach gan cur chuige comhtháite leis an earnáil oideachais. “Níl sé éasca do dhaoine fásta nach bhfuil sí acu Gaeilge sách maith a fhoghlaim le feidhmiú [sa státchóras],” a dúirt Ó Cuív. “Tá eisceachtaí ann ach ní chruthaíonn eisceachtaí riail.”

Léirigh Ó Cuív amhras go mbainfear amach an sprioc reachtúil go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh sa státseirbhís in ann Gaeilge a úsáid faoi 2030 gan dua.

“Tá mé fós buartha an mbeidh sé indéanta an 20 faoin gcéad a bhaint amach mar nach bhfeicim tada ag tarlú sna coláistí tríú leibhéil. Ní fheicim dóthain ag tarlú ag an dara leibhéal.”

Ag tagairt don dúshlán seo, dúirt Ó Cuív go gcaithfear an reachtaíocht a chur i bhfeidhm.

“Is dóigh liom go bhfuil mé tar éis a rá, arís agus arís eile, gur rud amháin é rud a scríobh in acht, is rud eile é gníomh a fháil ar an rud sin,” a dúirt sé.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly gur chreid sí gur “míorúilt” é go bhfuil an Ghaeilge “fós beo agus bríomhar”.

“Tá an-dul chun cinn déanta go hoifigiúil le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, ach an bhfuil seirbhísí i nGaeilge le fáil? Níl. An bhfuil tithíocht ar fáil? Níl.”

Cáineadh creat an pholasaí don Ghaelscolaíocht taobh amuigh den Ghaeltacht go géar nuair a eisíodh é i Meán Fómhair mar gheall ar a laghad uaillmhéine agus físe a bhí ann. Dúirt Connolly gur cheart dréachtpholasaí a fhoilsiú agus próiseas comhairliúcháin nua a reáchtáil.

Tharraing ceist na ndíolúintí aird an Chomhchoiste freisin - fuair beagnach 70,000 dalta díolúine ón nGaeilge anuraidh, an líon is airde riamh.

Rinne Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, tagairt don ábhar céanna ag an gcruinniú scoir nuair a dúirt sí go bhféadfaí Páirc Uí Chaoimh, ‘nó fiú amháin Páirc an Chrócaigh’, a líonadh le líon na ndíolúintí atá ceadaithe ag an Rialtas seo.

Dúirt an teachta Ó Snodaigh go bhfuil dul chun cinn déanta ag an gComhchoiste ach go bhfuil ‘jab mór eile le déanamh againn’.

“Tá orainn díriú isteach ar an gcóras oideachais agus ar na fadhbanna bunúsacha chun cinnte a dhéanamh de go bhfuil Gaeilgeoirí á gcur ar fáil ag an gcóras,” a dúirt sé.

“Ceist mhór” í ceist na hollscolaíochta agus líon na gcúrsaí Gaeilge atá ar fáil, a dúirt sé.

Ag moladh cheannaireacht an Chomhchoiste i gcur chun cinn seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus na gcearta teanga atá dlite do phobal na Gaeilge, dúirt an Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn, go bhfuil “ról an-tábhachtach” ag an gComhchoiste ábhair atá ina n-údar imní do phobal na Gaeilge a phlé. “Tá na Tuarascálacha a d’fhoilsigh an Comhchoiste le moladh go hárd,” a dúirt sé.

“Bhí ról lárnach ag an gComhchoiste i gcomhar leis an iarChoimisinéir Teanga agus páirtithe leasmhara eile i láidriú na reachtaíochta teanga in 2021 agus tá muid ag feiceáil torthaí an-dearfach cheana féin as feidhmiú na reachtaíochta seo.”

Ómós

Ghlac baill an Chomhchoiste an deis ómós a thabhairt don iarAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, a d’fhógair i mí Iúil nach mbeidh sé ag seasamh sa chéad olltoghchán eile.

Le fiche bliain anuas, bhí ról ríthábhachtach aige i bhforbairt na gcosaintí reachtúla agus dlíthiúla don Ghaeilge. Nuair a síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, acht a thionscain Ó Cuív, ba é sin an chéad uair a cuireadh bunús reachtúil le soláthar sheirbhísí Stáit trí mheán na Gaeilge.

“Ba léir ón obair a rinne sé, agus ón gcomhairle a thug sé dúinn go raibh, agus go bhfuil, an Ghaeilge fite fuaite i ngach uile gné den obair atá ar siúl aige agus guím gach rath air amach anseo,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh.

Tionóladh cruinniú an Chomhchoiste díreach sular fhógair an Taoiseach Simon Harris faoi dheireadh go raibh sé beartaithe aige an Rialtas a scor agus Olltoghchán a reáchtáil ar an 29 Samhain.

D’fhág na haíonna Teach Laighean agus cóip d’fhoilseachán deiridh an choiste ina seilbh acu, é leagtha amach go néata agus go soiléir, mar a bheadh mianliosta toghcháin ann. Agus cúrsaí boilscithe, costais mhaireachtála, pá íseal agus an slad sa Phalaistín san áireamh, beidh go leor le plé sna seachtainí amach romhainn.

Ord an Eirmín

Bronnfar gradam Ord an Eirmín ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, ag searmanas bronnta in Áras an Uachtaráin ar an gCéadaoin.

Tá an gradam á bhronnadh mar aitheantas d’obair an Uachtaráin ag cur chun cinn chultúr agus theangacha na dtíortha Ceilteacha, na Briotáine go háirithe.

Tá an t-eirmín ar cheann de shiombail náisiúnta na Briotáine agus tá sé le feiceáil ar armas bailte, cathracha agus eagras sa Bhriotáin. Bronnfaidh Seansailéir an Oird, Lena Louarn, gradam agus slabhra an Eirmín ar an Uachtarán agus beidh Uachtarán Chomhairle Réigiúnaí na Briotáine, Loïc Chesnais-Girard, i láthair don ócáid. Bhronn Skol Uhel ar Vro/Institiúid Chultúir na Briotáine slabhra onórach ar Éamon Ó Ciosáin, léachtóir le Briotáinis agus scríbhneoir, an mhí seo caite.

Bronntar an gradam ar cheathrar gach bliain a bhfuil a gcion déanta acu chun an Bhriotáin, a cultúr agus a teanga a chur chun cinn sa Bhriotáin nó in áiteanna eile ar domhan.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.