Fadscannán faisnéise le craoladh ag Oireachtas na Gaeilge

Beidh an chéad léiriú den fhadscannán faisnéise Murdair Mám Trasna ar siúl mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge i mbliana. Tá an scannán bunaithe ar an leabhar Éagóir (Cois Life) a scríobh Seán Ó Cuirreáin, leabhar a thug eachtra uafásach foréigin chun solais as an nua. Chuir Ó Cuirreáin síos ar mharuithe barbartha a tharla i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, sa bhliain 1882.

Baineann an scéal le crochadh éagórach agus príosúnú saoil a rinneadh ar dhaoine neamhchiontacha. Bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle a bhí an t-iomlán uafásach go léir.

Tá athchruthú drámatúil déanta sa scannán, a mhaireann os cionn uair go leith, ar scéal Mhám Trasna ar fad – na dúnmharuithe, na cásanna cúirte, an crochadh, saol an phríosúin, an tionchar polaitiúil – chomh maith le hagallaimh le saineolaithe a bhfuil tuiscint ar leith acu ar ghnéithe éagsúla den scéal.

Seán Ó Cuirreáin – scannán

Craolfar an scannán ar TG4 amach anseo ach níl an dáta ann go fóill beag.

READ MORE

Thug Údarás Craolacháin na hÉireann tacaíocht airgid le scannán a dhéanamh den leabhar. Tá roinnt an-bheag ticéad le fáil saor in aisce don phobal le bheith i láthair don chéad léiriú seo.

Beidh Murdair Mám Trasna ar siúl Dé hAoine, 3ú Samhain, ag 9.30 p.m. in Amharclann an Oireachtais, Óstán an Brehon, Cill Áirne. Eolas: eolas@rosg.ie