Blas an bhaird

Is mór an chosúlacht idir blas Bhéarla na hÉireann agus tuin Shakespeare

Paul Mescal agus Jessie Buckley. Grianghraf: David Parry/PA Wire
Paul Mescal agus Jessie Buckley. Grianghraf: David Parry/PA Wire

Ní fhacas an scannán Hamnet fós, óir ní bheidh sé le scaoileadh amach don saol mór go dtí an 9ú lá den mhí seo. Ach tá ardmholadh fachta aige cheana ón lucht critice, agus cén uair eile a raibh mearbhall ar an lucht critice céanna? Dealraíonn go bhfuil moladh faoi leith ag dul do Phaul Mescal agus do Jessie Buckley, beirt aisteoirí ón tír seo nár déanadh a ngutaí Béarla a thachtadh fós le plumaí cama doshlogtha bhlas cainte na banríona, nó an rí féin anois.

Níor fhág sin nach raibh sioscadh agus cogar mogar ar siúl i measc an aosa mhioscaise á thabhairt le fios nach raibh aon cheart ag aisteoirí Éireannacha ar an mbard mór Sasanach agus a bhean a léiriú dúinn. Tuigim dóibh, óir ghoillfeadh sé go mór orainne dá ndéanfaí drámaí O’Casey a léiriú i mblas Chocnaí nó Learphoill (cé go mbeadh thar a bheith suimiúil), nó níos measa fós, samhlaigh duit The Playboy i gcanúint chainte Yorkshire.

Níl chomh huafar sin, áfach, óir tá éileamh níos mó ag muintir na hÉireann ar bhlas cainte Shakespeare ná mar atá ag go leor de cheantair Shasana, sa chás is go mbeadh sin á iarraidh againn. Is é is dóichí ná go mbeidh na fuaimeanna a thiocfaidh amach as béala Phaul Mescal agus Jessie Buckley níos dílse don bhard ná aon rud a tháinig as scrogall Laurence Olivier nó Ralph Richardson nó Maggie Smith riamh.

Is é fáth atá leis sin ná gur chosúla Béarla na hÉireann san 16ú agus san 17ú haois le teanga Shakespeare ná le Béarla aitheanta Shasana (gan na canúintí a bhac) anois. Ar an gcuid is simplí agus is léire de, d’fhuaimnítí an litir ‘r’ an uair úd i bhfoirmeacha a bhfuil sé díbeartha astu le fada. Deirimidne an focal ‘word’ le ‘r’ nuair is cosúla le ‘wóad’ an foghar ceart Sasanach, agus maidir le focal ar nós ‘part’ ní ‘pá’ a déarfadh aon duine abhus seachas an neach a raibh náire air gur bhain sé le lábánaigh na hÉireann.

Níos suimiúla ná sin, is é is dóichí ar fad gur ‘fillum’ a thabharfadh aon duine in Éirinn ar scannán, is é sin, mura mbeadh Meiriceánaithe go héag is gur ‘movie’ a bheadh aige. Ach ‘philome’ (mar shraith chúng ar uachtar ábhair as a dtáinig an focal seo againne) atá ag Shakespeare. Tá a chuid drámaí agus filíochta breac lena leithéid.

Shocraigh Amharclann an Globe ar chuid de dhrámaí an bhaird a léiriú tuairim is fiche bliain ó shin ach iad a bheith á n-aithris sa chanúint dhílis a bhí ann sa 16ú agus sa 17ú haois. Beart chontúirteach gan aon bhréag. Cé go mbeadh a leithéid bailí don am inar scríobhadh iad, ba choimhthíoch don lá atá inniu ann; go díreach is mar atá léiriú an lae inniu mídhílis don uair inar scríobhadh agus inar léiríodh iad. Ní shílim go bhfuil aon éalú as an ngaiste áirithe sin.

Bhí Béarla Shasana ag athrú go mear an t-am sin, mar a bhíonn gach teanga nach mór. Ar éigean go dtuigfeadh Seathrún Céitinn Gaeilge an lae inniu go fiú is dá mbeadh daoscarshlua an chontae ag cur a n-anam amach ar son Thiobraid Árann, ar chúis éigin.

Nuair a bhí an cleachtadh úd ar siúl ar son ‘Romeo and Juliet’ sa turgnamh sin sa Ghlobe sa bhliain 2004 agus na haisteoirí ar fad ag iomrascáil agus ag streachailt agus ag iomaí leis na foghair aisteacha nua éagsúla, ba é suim an scéil gur fhiafraigh aisteoir amháin a raibh mearbhall air den léiritheoir, ‘Cad ina thaobh nach ndéanfaimis i mblas chathair Chorcaí ar fad é, agus réiteodh sin an fhadhb?’

Agus cé a shéanfadh é sin?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar