Tá séasúr an CAO linn arís

Beidh cur agus cúiteamh ann arís an tseachtain seo ar phointí ollscoile

Le géarchéim tithíochta, tá gá cinnte le hailtirí agus le hinnealtóirí ach tá gá freisin le bríceadóirí agus leictreoirí. Grianghraf: iStock/Getty
Le géarchéim tithíochta, tá gá cinnte le hailtirí agus le hinnealtóirí ach tá gá freisin le bríceadóirí agus leictreoirí. Grianghraf: iStock/Getty

Tá an t-am sin bliana tagtha arís! Eisíodh torthaí na hArdteistiméireachta Dé hAoine seo caite agus ar an gCéadaoin bheag seo, eiseoidh an Lár-Oifig Iontrála (an CAO) tairiscintí d’iarrthóirí ollscoile.

Cé go bhfuil an seó bóthair sna meáin imithe beagán i léig le blianta beaga anuas, beidh cur agus cúiteamh ann arís ar phointí ollscoile. Beidh aird ach go háirithe ar na cúrsaí a bhfuil pointí arda ag teastáil lena n-aghaidh.

Ach ní bhíonn an oiread sin á rá an t-am seo bliana faoi shubstaint ár n-ollscoileanna: conas mar a bhíonn an saol laistigh, a dtábhacht, nó a dtionchar. Cé go mbíonn an-chuid plé ar chóras na n-ollscoileanna, ní thagann méadú ar mhaoiniú as an díospóireacht nuair a bhíonn an buiséad á fhógairt.

Go minic, freisin, déantar dearmad sa díospóireacht bhliantúil go n-eascraíonn na pointí CAO as an líon áiteacha atá ar fáil, i gcomparáid leis an éileamh ar an gcúrsa. Rud, é seo ar ndóigh, atá nasctha le maoiniú.

Dar le tuairisc bhliantúil an CAO, in 2024 bhí an Leigheas mar chéad rogha ag 3,101 iarrthóir ach níor eisíodh ach 1,018 tairiscint, cóimheas 3.04:1, breis is 2.5 uaire an mheáin ar gach cúrsa.

Sin cuid mhór den fháth go mbíonn pointí níos airde sa Leigheas - an t-éileamh a bheith chomh hard is a bhíonn i gcomparáid leis an líon áiteacha a chuirtear ar fáil. ‘Soláthar agus éileamh’, mar a déarfá.

Cé go bhfuil borradh fiche faoin gcéad tagtha ar na háiteacha a cuireadh ar fáil sa Leigheas anuraidh i gcomparáid le 2020, tá an t-éileamh fós as cuimse, rud b’fhéidir a luíonn le réasún.

Toisc go bhfuil gá le hoideachas cliniciúil a dhéantar ar na bardaí sna hospidéil agus go bhfuil teorainn leis an líon mac léinn ar féidir leo freastal orthu, tá easpa áiteanna cliniciúla HSE ar cheann do’s na srianta is mó ar na huimhreacha.

Nuair a fhoilsítear ceannlínte maidir le pointí na gcúrsaí tríú leibhéal, ní mór mar sin breathnú freisin ar líon na háiteacha. Ní hionann pointí agus luach, ná céimíocht, ná caighdeán.

Is toradh iad ar éileamh.

Ach ceist eile gur fiú a chíoradh ná an bhéim a chuirtear ar phointí na hArdteistiméireachta agus ar chúrsaí le pointí arda. D’fhreastail mé ar chomhdháil roinnt blianta ó shin inar luaigh duine do’s na cainteoirí - duine go bhfuil ionchur aige ar pholasaí - go raibh sé d’uaillmhian aige go mbeadh níos mó iarrthóirí ar an Leigheas ó BÁC 8, ceantar ar ghlac mé leis a sheas don ngannchuid.

Is macalla í seo den mheon coitianta, go bhfuil stádas ag cúrsaí le pointí arda, gurb iad siúd an sprioc.

Chuirfinnse a mhalairt de cheist. Ar an gcéad dul síos, bíodh éileamh ar na cúrsaí is fearr leis an scoláire, cuma cén pointí, meas ar rogha agus ar fhéidearthachtaí.

Ach, leis sin, cé mhéad scoláire ó cheantair rachmasacha a bheadh bródúil as printíseacht? Nach maith an sprioc í seo freisin? Cad chuige go bhfuil áit san ollscoil mar cheann scríbe?

Ceist níos leithne fós, cad chuige go gceapann muid go n-oireann an ollscoil do mhórthromlach na mac léinn?

Dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, tá breis is ceathrú milliúin mac léinn ag freastal ar chúrsaí tríú leibhéal faoi láthair. Sin méadú 25 faoin gcéad ón tréimhse deich mbliana roimhe seo. Ag an am céanna, tuairiscíonn Oifig Náisiúnta na Printíseachta go bhfuil beagán faoi bhun 30,000 ag glacadh páirt i scéim printíseachta i láthair na huaire.

Sin ocht n-oiread daoine ag freastal ar chúrsa tríú leibhéal ná ar phrintíseacht.

I ngéarchéim tithíochta, tá gá cinnte le hailtirí agus le hinnealtóirí ach tá gá freisin le bríceadóirí agus leictreoirí.

Cuid mhór den scéal ná go raibh aicmeachas i gcónaí sa tsochaí. Mar atá le feiscint sa phlé ar phointí, tá sin fós ann faraor. Beidh fáilte roimh an lá, más riamh ann dó, nuair a bheidh an bród céanna agus cothromaíocht ómóis ag daoine i mbun printíseachtaí.

Tá scéal eile sa Ghearmáin, áit a bhfuil traidisiúin printíseachta agus táirgíochta acu. Faoin déchóras oideachais acu, meastar go dtéann breis is 30 faoin gcéad dá bhfágálaithe scoile ar phrintíseacht. Léiríonn taighde freisin go gcuireann an déchóras seo go mór le soghluaisteacht shóisialta agus go dtagann beagnach leath de bhainisteoirí comhlachtaí na tíre ó chúlra printíseachta.

Sa tír s’againne, tá athrú bunúsach, substainteach tagtha ar an gcóras ollscolaíochta de bharr an bhorrtha shuntasaigh ar líon na mac léinn. Tá na ranganna léachta níos mó, níos neamhphearsanta, tá an maoiniú imithe i laghad, tá níos lú ama ar fáil le haire a thabhairt do mhic léinn, tá níos mó mac léinn ar chúrsaí nach rogha leo, níos mó acu ag streachailt leis an staidéar, tá pointí níos ísle i roinnt cúrsaí agus brú ar chaighdeáin dá bharr.

Tá níos mó béime ar thaithí oibre agus níos lú dá bharr ar luachanna intleachtacha. Tá na hollscoileanna teicneolaíochta curtha ar an saol agus lagú, seans, ar luach an mhisin a bhí ag na Coláistí Teicneolaíochta Réigiúnacha nuair a bunaíodh iad.

Ach tá buntáistí ann freisin. Tá cúrsaí acadúla agus ollscolaíochta i bhfad níos oscailte ná mar a bhí agus an t-ardoideachas agus an taighde mar bhunchloch ar ár mborradh eacnamaíoch. Níl ár n-ollscoileanna chomh dúnta nó éilíteach agus a bhíodh agus is maith an rud é sin.

Cuireadh an Oifig Thrasachta Náisiúnta ar an bhfód agus Simon Harris ina Aire um Ardoideachas le bealach iontrála eile, lasmuigh den CAO, a chur ar fáil.

Cuireann sé sin cosáin nua iontrála ar fáil trí na Boird Oideachais agus Traenála le ‘córas aontaithe tríú leibhéal’ a chaomhnú, bealach a seachnaíonn brú an CAO.

Ach tá líon na mac léinn agus na gcúrsaí ríbheag fós (40 cúrsa i gcomparáid le 1,700+ ar an CAO). Chomh maith leis sin, cuireann an mhargaíocht – ‘an chéim bhaitsiléara chéanna ar chostas níos lú gan aon phointí’ – leis an meon aigne gurb í an cháilíocht ollscoile nó ollscoile teicneolaíochta an ceann scríbe is fearr fós.

Is fiú a lua go bhfuil scéim na bprintíseach oscailte anois ag Údarás na Gaeltachta le os cionn 40 scoláireacht a bhfuil níos mó ná €2.000 an ceann de luach ar fáil chun tacú le daoine gur mian leo cáilíocht atá aitheanta ag an gComhairle Printíseachta a bhaint amach i gcomhlacht Gaeltachta.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin Údarás na Gaeltachta, udaras.ie.

Mar fhocal scoir, ar ábhar gaolmhar, tá ráite i mbliana go bhfuil cúlú tosaithe ar bhoilsciú na ngrád san Ardteistiméireacht a bhí ann ó scéim na dtorthaí tuartha le linn COVID.

Tá fáilte roimhe sin ach is trua nár deineadh roimhe seo é. Na mic léinn ba chumasaí is mó a bhí thíos leis ach bhain sé ón gcaighdeán do chách. Bhí tráth ann nuair a d’úsáid fostóirí torthaí na hArdteistiméireachta mar shlat tomhais bhreise idir iarrthóirí agus idir blianta. Ní féidir sin a rá a thuilleadh, mór an trua.

Tá beartú anois freisin ar mheasúnú leanúnach agus níos mó den obair thionscadail san Ardteistiméireacht agus ollscoileanna ar fud an domhain ag filleadh ar scrúdaithe scríofa i bhfianaise na hintleachta saorga.

Mar a bhíonn go minic, sampla eile é seo de rud a raibh cumadh maith air nuair a moladh é roinnt blianta ó shin ach go bhfuil athrú tagtha anois ar chúinsí an chomhthéacs.

Níl rudaí mar a bhí agus ní mar a shíltear bítear.

Is iarUachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe é an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh.

Foclóir: Seóbóthair - roadshow; aird - attention; imitheiléig - declined; buiséad - budget; díospóireacht - discussion; dearmad - forget; áiteacha - places; éileamh - demand; maoiniú - funding.