Tá an chuma air go bhfuil an bheirt fhear mhóra ag iarraidh línte nua a tharraingt ar léarscáil na hEorpa beag beann ar chách. N’fheadar aon duine an bhfuil cumas líníochta acu nó cá luífidh an peann luaidhe nuair a bheidh deireadh déanta acu. Faraor géar géar agus tuilleadh thairis, ach ní haon scéal nua é go mbeadh na cumhachtaí móra ag iarraidh a dtoil a chur siar ar phobail is laige ná iad ar neamhchead iomlán dalba do thoil na ndaoine a rachaidh a gcuid líníochta i bhfeidhm orthu.
Sa chás seo is iad fir mhóra an Tí Bháin agus na Creimile atá i gceist, fad is atá na hiar-fhathaigh i bPáras, Londain agus Beirlín ag bailiú timpeall go lúitéiseach leipreachánach ag iarraidh smut den aicsean a bheith acu. Idir an dá linn tá an Úcráin bhocht ina tráill ag feitheamh le pé grabhróga a thitfidh anuas ón mbord nuair a bheidh an sceanairt déanta.
Fág na torthaí ábharacha gránna ar dócha a bheidh air seo as an áireamh go fóill, óir ní fios dúinn cad iad, idir an dá linn caithfimid cur suas go sócúil sábháilte le geabstaireacht aineolach agus go minic contúirteach ar a bhfuil ar siúl.
Cuid den gheabstaireacht sin is ea an diongbháilteacht nach féidir le teorainneacha tíortha athrú ar bith a fhulaingt, go bhfuil reoite mar atá siad go deo déanach. Pé críoch eile a bheidh ar ionsaí gabháltais na Rúise ar an Úcráin beidh aistriú fearainn ann. Tá’s againn ar fad é sin. Beidh sé éagórach, mícheart agus in aghaidh an dlí idirnáisiúnta (cén dlí idirnáisiúnta? fiafraíonn guth beag fann ón imeall ), ach sin í an fhírinne shearbh gharbh. Pé aistriú a bheidh ann, is faoin Úcráin ar deireadh glacadh leis nó diúltú dó de réir na ngéardálaí go léir a bheidh ag teannadh orthu.
Is baoth an beart é a mhaíomh nach féidir athrú teorainneacha a bheith ann, nuair is é an t-athrú teorainneacha an cor is buaine sa pholaitíocht idirnáisiúnta. Mearcair mire, airgead beo ag gluaiseacht ar chlár na hEorpa (agus an domhain) is ea teorainneacha tíortha. Dána an mhaise ag an mBreatain agus ag an bhFrainc a thabhairt le fios go bhfuil an 50 faoin gcéad de chríocha an domhain ar fad a tharraing siad féin beannaithe agus dobhogtha. Níos dána dalba fós gurb iad na cumhachtaí láidre, na cóbaigh mhóra, an dream ba mhó airm fhaobhair agus tine a cheap, a dhear agus a dhaingnigh léarscáil na hEorpa le dhá chéad bliain anuas.
Ba chuige sin Comhdhálacha Vín, Páras agus Versailles (an ceann go rabhamar ag an doras ann ach gur plabadh inár bpus é) ina raibh na cathaoireacha ríoga don chuid is mó ag deimhniú nach n-éistfí le guthanna chóip na sráide agus na ngort. Is gránna fós an imirt uaim Comhdháil Bheirlín (1884-5) a tharraingt isteach ar urla nó le lascadh fuipe agus ar eagla an dearmaid nuair a shocraigh seacht dtír de chuid na hEorpa gur leo an Afraic fad a rith sí agus nach raibh le déanamh acu ach an chreach a roinnt.
Agus d’fhonn d’aigne a ghlanadh níos soiléire fós níl le déanamh ach meabhrú beag a dhéanamh ar na tíortha/stáit a bhíodh ann tráth ach atá scuabtha anois le séideán na staire, gach tiarnas, poblacht, ríocht, banríocht, éimíríocht, impireacht, tuath, diúcacht, prionsacht, sabhdánacht, sárdacht, cánacht, sóivéad, flaitheas, comhlathas, comhthiarnas, común agus coimirceas díobh gan ach cuid an bheagáin a lua.
Sin é an cluiche atá ar siúl faoi láthair. Na fir mhóra a itheann an trosc agus an sairdín agus an gupaí agus an stuifín agus an breac féin ag iarraidh go mbeadh an bhóchna go léir fúthu féin. Seachnaíodh an Úcráin é. Seachnaímisne é.