Thagair mé in alt eile le gairid do na buntáistí a bhaineann le sealbhú teanga: féidearthachtaí, bealaí smaointeoireachta, idé-eolaíochtaí atá le baint nuair a fhréamhaítear thú i dteanga nua nó athshealbhaithe.
Scaití agus an saol ag gluaiseacht leis ar luas lasrach, déantar dearmad áfach ar na suáilcí a bhaineann le pobal teanga, agus a bheith istigh leat féin trí mheán do mháthairtheanga. Ní mian liom a bheith ró-wú-wú faoi seo, ach chaith mé deireadh seachtaine aoibhinn i gcomhluadar breá Gaelach le gairid, agus meabhraíodh dom cé chomh deas is atá sé a bheith timpeallaithe ag daoine atá ar comhintinn le chéile, agus nuair a mheabhraítear dúinn céard é a spreagann ár gcroí, a mhúnlaíonn ár mianta, a threoraíonn ár sprioc.
Seo, mar sin, cúpla grúpa agus feachtas a chothaíonn m’anam Gaelach agus a dhéanann athghaelú ar an gcroí.
Fréamhú
READ MORE
Díol spéise agus lón anama i gcónaí is ea na nascanna idir an nádúr agus an cultúr, nó an teanga agus an éiceolaíocht. Fiosrú agus neartú na nascanna sin an sprioc atá ag Fréamhú. Ó shiúlóidí amuigh faoin aer go ceardlanna plandabhunaithe, tá gnéithe sóisialta, oideachais, agus iontais i gceist leis an gcraobh álainn seo. Dar le hAisling Ní Dhonnabháin, comhbhunaitheoir Fréamhú: “An sprioc atá againn ná cabhrú le daoine an caidreamh atá acu lenár dteanga dhúchais agus an saol mórthimpeall orainn a neartú, tríd an nGaeilge a labhairt le chéile amuigh faoin aer. Bíodh sé sin ar bharr sléibhe nó ag snámh san fharraige. Fáilte roimh gach leibhéal líofachta.”
Airneán
Oíche roinnte ceoil d’éisteoirí agus d’amhránaithe araon. Ó nuascríbhneoirí amhrán go ceoltóirí mór le rá a bhfuil Gaeilge acu ach nach mbíonn ag casadh trí Ghaeilge go rómhinic, go caomhnóirí bailéidí agus sean-nóis, tugtar deis do dhaoine ceol trí Ghaeilge a chur chun ardáin in ionaid speisialta os comhair slua le hoícheanta teolaí, croíúla, roinnte ceoil a sholáthar don phobal. Go dtí seo thug ceoltóirí ar nós Amano, Holly Munro, Blue Niall agus Brían Mac Gloinn faoin oíche. Reáchtálfar an chéad ócáid eile ar son Ionad Anne Devlin na Saoirsí - sonraí ar fáil ar Instagram Raidió Rí-Rá.
Salon Rógaire
Déghnéasach agus dátheangach an cur síos a dhéanfainn ar oíche roinnte próis agus filíochta Salon Rógaire, faoi stiúir bhean lonrach an tí Róisín Nic Ghearailt. Is minic a bhíonn an oíche speisialta chluthar seo in The Winding Stair, ach beidh siad ar ardán ag Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo freisin. Cuirtear fáilte roimh scríbhneoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí teanga sleachta as scéalta, dánta agus saothair atá fós á gcruthú a chur os comhair slua, agus moltar gáire, cabaireacht, agus aithne a chur ar éisteoirí agus léitheoirí na hoíche. Lean iad ar Instagram, agus Substack anois, @salonrogaire
Ceann de na faillíocha ba mhó a d’imir an coilíneachas agus caipitleachas orainn ná ár nósanna comhroinnte amhránaíochta agus scéalaíochta a bhaint dínn.
Amhránaithe an Chlub
Ceann de na faillíocha ba mhó a d’imir an coilíneachas agus caipitleachas orainn ná ár nósanna comhroinnte amhránaíochta agus scéalaíochta a bhaint dínn. Tráth den saol is beag duine nach mbeadh cúpla véarsa amhrán nó cúpla rann scéil acu, agus dream atá ag soláthar spás inar féidir le daoine amhráin a athfhoghlaim, an nós a athghabháil, agus an ceol a roinnt lena chéile ná Amhránaithe an Chlub. Tagann an grúpa le chéile thuas staighre in Briody’s ar an gcéad Déardaoin den mhí.
AthGhaelú
Gníomh fíorbheag ach suntasach athghabháil na logainmneacha Gaelacha. Tá dlúthnasc leis an stair, nó ag scéal an tírdhreacha, ag cuid mhór dár logainmneacha Gaelacha, rud a chailltear go minic sna leaganacha Galldaithe. Feachtas de chuid Chonradh na Gaeilge é Athghaelú a iarrann orainn an ruaig a chur ar logainmneacha Béarla, agus gealltanais a thabhairt go ndéanfaimid athghaelú ar ár meon i leith ár dtimpeallachta, mar chéim eile chun cinn sa bpróiseas díchoilínithe.
Damhsa Seit Aerach Aiteach Gaelach
Is iomaí ócáid agus cóisir iontach a eagraíonn an comharghrúpa ealaíon Aerach Aiteach Gaelach ar bhonn rialta, ach is beag rud a chuireann ola ar chroí, meangadh ar straois ná meidhreacht ar anam ná an damhsa seit i gcomhluadar breá Gaelach. Deis álainn shóisialta agus seisiún breá aclaíochta na ranganna damhsa míosúla ar Shráid Amiens.
Craobh BÁC7
Creidim go láidir nár chóir ócáidí Gaeilge ach ócáidí trí Ghaeilge a eagrú le gur féidir linn saol sásúil spraíúil trí Ghaeilge a bheith againn, agus sin é go díreach a dhéanann Craobh Bhaile Átha Cliath 7. Ó réabh i gCnoc Uí Dhálaigh go Blaiseadh Fíona i bhFíon Eile, chomh maith le himeachtaí rialta amhail Tráth na gCeist agus an fhéile bhliantúil Splanc, tá obair na gcapall ar siúl ag coiste na craoibhe le gur féidir le pobal an cheantair rochtain a bheith acu ar shuáilcí uile shaol na cathrach i gcomhluadar breá Gaelach.
Is craobh de chuid Chonradh na Gaeilge Craobh BÁC7 agus moladh a bheadh agam don té nach bhfuil sa gceantar sin a gCraobh áitiúil a lorg, nó craobh a bhunú a fhreastalaíonn ar do cheantar féin, nó ar sainspéis ar leith, le pobal Gaelach a aimsiú nó a bhunú i do thimpeall.
Foclóir:
sealbhú = acquisition (of a language)
suáilcí = joys/benefits
máthairtheanga = mother tongue
comhintinn = like-minded
caomhnóirí = guardians/preservers
cluthar = cosy/snug
faillíocha = wrongs/acts of neglect
díchoilínithe = decolonisation









