Sa dara leath den naoú haois déag, leathnaigh corraíl faoi chúrsaí talún ar fud na hÉireann. Agus ceannairí carasmatacha amhail Charles Stewart Parnell agus Mícheál Dáibhéad ar thús cadhnaíochta, d’éiligh Conradh na Talún “cíos cothrom, ceart díol agus cinnteacht seilbhe” do thionóntaí na tíre.
D’fhreastail na mílte ar ollchruinnithe ar son athriar talúntais, eagraíodh stailceanna cíosa agus cuireadh i gcoinne iarrachtaí chun tionóntaí a chur as seilbh. Cé nach raibh an Conradh i bhfách le foréigean iomarcach, ní hannamh a d’eascair bagairtí agus babhtaí foréigin as díospóidí le tiarnaí talún agus le sáraitheoirí stailce.
Agus iad ar a ndícheall ag iarraidh dul i ngleic leis an imreas, is beag a shíl Rialtas na Breataine gur gearr go mbeadh siad ag tabhairt aghaidh ar thuilleadh corraíola ar an taobh eile de Shruth na Maoile.
Idir 1750 agus 1860, díbríodh na mílte daoine as Gàidhealtachd na hAlban chun spás a dhéanamh d’fheirmeacha móra caorach. Iad siúd nach ndeachaigh thar lear nó chun na mbailte móra, plódaíodh isteach ar an talamh ba bhoichte iad.
READ MORE

In 1877, thug cuid de mhuintir Bhaltos ar an Eilean Sgitheanach faoi stailc chíosa tar éis don tiarna talún, an Captaen Fraser, cíosanna a ardú. D’éirigh siad as nuair a bhagair Fraser iad a chur as seilbh, ach in 1880, atosaíodh an stailc.
Faoin am sin, agus Cogadh Thalún na hÉireann i mbéal an phobail agus an sóisialachas ag teacht i dtreise i mbailte na hAlban, bhí aird na tíre ar anchás na nGàidheal. Thosaigh nuachtáin ag gearán faoi ainchíosanna agus gheall eagraíochtaí éagsúla tacaíocht do phobal Bhaltos. Sa deireadh, b’éigean do Fraser géilleadh, agus laghdaíodh na cíosanna ionas go mbeadh siad beagnach mar a bhí siad.
Thug an bua beag sin misneach do na Gàidheil. An bhliain dár gcionn, mar ba nós leo, chaith roinnt d’fhir na n-oileán an samhradh ar an scadán in Éirinn, mar ar chuala siad faoina raibh ag titim amach anseo. D’fhill siad abhaile agus smaointe nua acu faoin neart a d’fhéadfadh a bheith acu dá gcuirfeadh siad le chéile.
Ag deireadh 1881, tosaíodh ar stailc chíosa eile i gceantar A’ Bhràighe ar an Eilean Sgitheanach. Bhí grúpa crochtóirí tar éis iarraidh ar an Tiarna Mac Domhnaill féarach ar Bheinn Lì a thabhairt ar ais dóibh – talamh a bhíodh mar fhéarach comhchoiteann tráth. Diúltú a rinne Mac Domhnaill dá n-iarratas, áfach, agus eagraíodh an stailc mar agóid in aghaidh a chinnidh.
Agus ciall cheannaithe acu ó imeachtaí na hÉireann, tuigeadh do Rialtas na Breataine gurbh éigean beart a dhéanamh. In 1883, eagraíodh coimisiún faoi stiúir an Tiarna Napier chun cás na gcrochtóirí a fhiosrú.
Nuair a fuair Mac Domhnaill gearán ó bheirt bhaintreach gur bagraíodh orthu toisc nach raibh siad toilteanach páirt a ghlacadh sa stailc, bhí sé ar buile, agus bheartaigh sé na cinn feadhna a chur as seilbh. Ach nuair a shroich an sirriam agus beirt fhinnéithe an baile chun na fógraí díshealbhaithe a sheachadadh, fuair siad scaifte naimhdeach rompu: chuir duine de na crochtóirí na fógraí trí thine (coir ar a dtugtar deforcement) agus caitheadh cloch le duine de na finnéithe.
Seoladh péas ón mhórthír le lucht na bruíne a ghabháil agus tháinig siad aniar aduaidh ar na crochtóirí le ruathar i mbéal maidine. Mar sin – agus fir an bhaile fós ina luí – is ar na mná a thit sé an fód a sheasamh: rinne siad luíochán ar na póilíní agus iad ar a mbealach ar ais, ach i ndiaidh círéib fhíochmhar, d’éirigh leis na húdaráis na príosúnaigh a thabhairt go Port Rìgh.

Cuireadh triail ar na crochtóirí in Inbhir Nis. Cé gur ciontaíodh iad sna cúiseanna seachas deforcement, bhí na pianbhreitheanna a fuair siad bog, agus léiríodh go leor tacaíochta dóibh sna nuachtáin agus i gcruinnithe sna bailte móra.
Ar ais ar an oileán, bhí an stailc fós ar siúl, bhí na crochtóirí tar éis a gcaoirigh a chur ar féar ar Bheinn Lì go neamhdhleathach agus bhí brú á chur ar Mac Domhnaill ag lucht tacaíochta na stailceoirí agus ag tiarnaí talún eile arbh eagla leo go leathnódh an trioblóid. Níor fágadh de rogha aige ach Beinn Lì a ligean ar cíos do na crochtóirí.
Tar éis an bhua sin, leathnaigh an chorraíl mar a bheadh falscaí ann. D’éirigh stailceanna cíosa, gabháil seilbhe neamhdhleathaí agus deforcement coitianta ar fud na Gàidhealtachd. Tharla corrchíréib eile, agus i mbailte áirithe, ardaíodh bratacha dearga mar chomhartha ceannairce.
Agus ciall cheannaithe acu ó imeachtaí na hÉireann, tuigeadh do Rialtas na Breataine gurbh éigean beart a dhéanamh. In 1883, eagraíodh coimisiún faoi stiúir an Tiarna Napier chun cás na gcrochtóirí a fhiosrú.
Thart ar an am chéanna, bunaíodh Dionnasg an Fhearainn (nó an Cumann um Athchóiriú Dlí Talún na Gàidhealtachd, ar ar tugadh Conradh na Talún ó 1886). Bhí an t-eagras bunaithe ar a leathbhreac sa tír seo agus chabhraigh sé leis na crochtóirí a bhfianaise a ullmhú. Ní hamháin gur mhínigh siad a gcasaoidí go deaslabhartha áititheach do Choimisiún Napier – ina measc, laghad na gceapach talún, easpa féaraigh agus ainchíosanna – bhí siad ar aon fhocal maidir leis an réiteach a bhí ag teastáil: athdháileadh na talún. D’ainneoin shúilíocht an Rialtais, níor éirigh leis an Choimisiún na crochtóirí a cheansú; ní dhearna sé ach tuilleadh muiníne a thabhairt dóibh.

In 1886, ritheadh Acht na gCrochtóirí. Tugadh isteach cinnteacht seilbhe agus bunaíodh coimisiún chun a chinntiú go mbeadh cíosanna cóir. Mar sin féin, is beag meas a bhí ag na crochtóirí ar an Acht toisc nár réitíodh an príomhghearán a bhí acu: easpa talún.
Mar sin, níor tháinig deireadh leis an trioblóid. Murab ionann agus rialtas Gladstone, áfach, níor leasc leis an Pháirtí Choimeádach, a bhí i réim faoin am sin, saighdiúirí a chur go dtí an Eilean Sgitheanach. Gabhadh cuid mhór de na cinn feadhna, agus de réir a chéile, cuireadh an Ghàidhealtachd faoi smacht. Anuas air sin, le himeacht aimsire, cuireadh buntáistí an Achta ar a súile do na crochtóirí agus laghduithe móra ar na cíosanna á bhfáil acu.
Bhí dream eile ann nach bhfuair cuidiú ar bith ón Acht, áfach. Tuathánaigh gan talamh a bhí sna coitéirí, agus faoi 1887, bhí an gorta ag bagairt orthu. Ach mar na crochtóirí rompu, ní raibh siad sásta fulaingt fad a bhí flúirse le fáil in aice láimhe.

I gceantar darb ainm A’ Phàirc, ar Leòdhas, mháirseáil na céadta fear faoi bhratacha dearga go fialann na Bantiarna Matheson, áit ar mharaigh siad fianna chun a dteaghlaigh a chothú. Níor ciontaíodh éinne as an eachtra: cé gur gabhadh na ceannairí, d’éirigh lena ndlíodóir an bonn a bhaint ó chás an ionchúisimh, a bhí ag brath ar fhianaise braiteora.
Arís eile, fuair na Gàidheil uchtach ón dlúthpháirtíocht a léiríodh leo ar fud na tíre. An bhliain dár gcionn, bhí círéib in Aiginis ar Leòdhas nuair a d’fhéach póilíní agus saighdiúirí le cosc a chur ar mhuintir na háite seilbh neamhdhleathach a ghabháil ar an talamh, agus tharla tuilleadh gníomhartha neamhdhleathacha ar fud na Gàidhealtachd.
Ba léir fiú don Pháirtí Choimeádach go raibh acht níos leithne de dhíth, ina mbeadh foráil i leith athdháileadh talún. In 1897, bunaíodh Bord na gCeantar Cúng, a raibh sé de chúram air na hearnálacha talmhaíochta agus iascaireachta, tionscail bhaile agus bonneagar na n-oileán a fheabhsú, agus talamh a thabhairt do na coitéirí.

Cé go raibh a théamaí tagartha níos radacaí ná aon rud a chonacthas roimhe, ní raibh buiséad mór ná cumhachtaí ceannaigh éigeantaigh ag an Bhord. Is minic a chlis ar fhoighde na nGàidheal agus an Bord fós i mbun idirbheartaíochta leis na tiarnaí talún, agus mar sin, lean an ghabháil seilbhe neamhdhleathaí ar aghaidh.
Faoi dheireadh, áfach, méadaíodh ar bhuiséad Bhord na Talmhaíochta, a tháinig i gcomharbas ar Bhord na gCeantar Cúng, agus tugadh cumhachtaí ceannaigh éigeantaigh dó. Beagán ar bheagán, chuaigh na gabhálacha i léig, de réir mar a tugadh talamh do na crochtóirí agus na coitéirí.
Sa lá atá inniu ann, tá crochtóirí fós ag saothrú na talún in Albain. Cé go bhfuil cuid mhór den tír fós i seilbh tiarnaí talún príobháideacha, tá ceantair agus oileáin áirithe faoi úinéireacht an phobail. Agus tá Gàidhealtachd na hAlban breac le “Cuimhneachain nan Gaisgeach”, leachtanna in ómós na bhfear agus na mban a sheas an fód go cróga le linn na streachailte ar son athriar talúntais.
Foclóir
díshealbhaithe = evicted/dispossessed
crochtóirí = crofters
ainchíosanna = rack-rents
deaslabhartha = eloquently/spersuasively
luíochán = ambush
ceannairce = rebellion/insurrection
athdháileadh = redistribution









