Níl ach bliain fágtha ag comhaltaí Chomthionól Chnoc an Anfa sula mbeidh toghchán ann i mí na Bealtaine 2027.
Don Fheidhmeannas reatha, is dócha go mothaíonn an mhandáid seo níos gairide ná mar is gnáth. Bhí beagnach dhá bhliain ann idir an toghchán deireanach agus cur le chéile an Fheidhmeannais, a tharla i ndiaidh tréimhse fada idirbheartaíochta maidir le socrú iar-Bhreatimeachta. Ba chóir go mbeadh cúig bliana ag Feidhmeannas clár rialtais a chur i bhfeidhm de ghnáth, ach níl i gceist don Fheidhmeannas seo ach trí bliana agus an t-am sin ag imeacht go gasta.
Seo dúshlán mór amháin atá roimh pháirtithe an Fheidhmeannas sa bhliain atá rompu. Anuas air sin, leagadh amach liosta leathan tosaíochtaí uaillmhianacha sa chlár rialtais agus beidh sé fíordheacair orthu dul chun cinn a léiriú i dtaca le gach ceann díobh. Le ceisteanna á n-ardú go leanúnach maidir le liostaí feithimh sa chóras sláinte, géarchéimeanna comhshaoil i Loch nEachach, tógáil an A5 agus go leor ceisteanna eile, beidh na páirtithe san Fheidhmeannas ag smaoineamh go géar ar an fheachtas atá le teacht go luath, agus beidh na páirtithe eile réidh chun dúshlán a chur rompu.
Tá sé fós róluath meastachán ar bith a dhéanamh maidir le féidearthachtaí an toghcháin ar an bhliain seo chugainn, ach léiríonn na figiúirí seo go bhfuil an pobal ag éirigh míshásta leis an dul chun cinn reatha agus go bhfuil siad, beagán ar bheagán, ag toiseacht ag léiriú tacaíochta do pháirtithe eile nach bhfuil chomh lárnach sa Chomhthionól reatha.
I bpobalbhreith LucidTalk a foilsíodh sa Belfast Telegraph an tseachtain seo caite, léiríodh gurb iad na páirtithe beaga sa tuaisceart atá ag bailiú nirt mar gheall ar an mhíshástacht i measc an phobail le páirtithe an Fheidhmeannais. Bhí an Comhaontas Glas, Pobal Roimh Bhrabús agus Aontú ar fad ag suí ar thorthaí níos airde ná mar a bhí go dtí seo, rud a thabharfaidh dóchas dóibh agus iad ag ullmhú don bhliain seo chugainn.
READ MORE
Cé go bhfuil Sinn Féin fós chun tosaigh ar na páirtithe eile ar 24%, thit siad pointe amháin, rud atá ag teacht le patrún a bhí ann le tamall anuas (bhí an páirtí ag suí ar 30% i samhradh 2024). Lena chois sin, thit Michelle O’Neill 6% go 38%, agus í anois sa cheathrú háit i measc na gceannairí ó thuaidh. Seo an chéad uair a bhí Claire Hanna, ceannaire an SDLP, chun tosaigh uirthi.
Sin ráite, cé go bhfuil Claire Hanna anois chun tosaigh ar Michelle O’Neill sa phobalbhreith seo, níl athrú ar bith le feiceáil ar áit an SDLP le tamall anuas. Tá an páirtí ag suí ar 11% le tamall maith anois agus an páirtí fós ag iarraidh láidreachtaí Hanna a dháileadh ar chodanna eile den pháirtí.
Tá an scéal céanna sa UUP (13%), an TUV (11%) agus i bPáirtí na Comhghuaillíochta (11%) nach bhfaca athrú ar bith. Beidh idir díomá agus imní ar Pháirtí na Comhghuaillíochta mar gheall ar na figiúirí seo, agus beidh le feiceáil an féidir leis an TUV tuilleadh vótaí céad-rogha a aistriú go tuilleadh suíochán, rud nár éirigh leo a dhéanamh sa Chomhthionól go dtí seo (áit a bhfuil suíochán amháin acu).
Beidh áthas ar Jon Burrows. Agus é nua-cheaptha sa ról mar cheannaire an UUP, tá sé chun tosaigh ar na ceannairí aontachtacha eile ar 46%. Níl athrú le feiceáil ar an tacaíocht don UUP, ach beidh Burrows dóchasach gur féidir leis an fhuinneamh úr atá aige sa pháirtí a scaipeadh. Sin ráite, níl aon taithí toghcháin ag Burrows ar chor ar bith, a comhthoghadh ina shuíochán sa Chomhthionól agus nach bhfuil bliain caite aige i saol na polaitíochta go fóill.
Tá an DUP ag suí ar 18% agus tá ísliú le feiceáil sa tacaíocht don pháirtí sin chomh maith. Tá an páirtí ag streachailt le bagairtí ó gach taobh, leis an TUV, an UUP agus Páirtí na Comhghuaillíochta seasmhach leis an tacaíocht atá acu. Tá Airí an DUP iontach gníomhach agus feiceálach sna meáin, ach fós féin ní léir go bhfuil ag éirí leo lucht tacaíochta a mhealladh ar ais chuig an pháirtí.
Tá sé fós róluath meastachán ar bith a dhéanamh maidir le féidearthachtaí an toghcháin ar an bhliain seo chugainn, ach léiríonn na figiúirí seo go bhfuil an pobal ag éirigh míshásta leis an dul chun cinn reatha agus go bhfuil siad, beagán ar bheagán, ag toiseacht ag léiriú tacaíochta do pháirtithe eile nach bhfuil chomh lárnach sa Chomhthionól reatha.
Beidh sé deacair at CTRanna (comahaltaí den tionól reachtaíoch) cás a dhéanamh dóibh féin maidir leis an obair a bheidh déanta acu faoin am seo ar an bhliain seo chugainn. Níl ach dhá bhille dhéag rite fríd an próiseas reachtaíochta go rathúil sa mhandáid go dtí seo, agus tá thart fá seasca bille atá fós le plé (thart fá 18 mbille idir lámha ag an Chomhthionól cheana féin). Go bunúsach, níor fágadh go leor ama an obair bhunúsach a dhéanamh sa tréimhse seo.
Tá neart is féidir tarlú nó baint amach laistigh de bhliain, dár ndóigh, agus ní fios go fóill cad iad na príomhábhair a bheidh idir lámha ag polaiteoirí Chnoc an Anfa sa bhliain amach romhainn. Ach, déanfar gach cinneadh agus gníomh idir seo agus sin faoi scamall an toghcháin atá le teacht.
Foclóir:
comhaltaí = members
toghchán = election
ag bailiú nirt = gathering strength
ag streachailt = struggling
bagairtí = threatsuaillmhianach = ambitious
scamall = cloud







