‘Tháinig Percy Beazley i dtír i mBaile Átha Cliath i dtús na Bealtaine 1905 agus gan d’ualach aige leis ach a mhálaí bagáiste, gan de mhaoin aige ach cúpla punt agus gan de lón aistir aige ach a chuid aislingí’. B’iad na haislingí sin an Ghaeilge, saoirse na tíre agus an litríocht, agus b’iad a dhein Piaras Béaslaí den fhear óg a saolaíodh i Sasana agus a raibh páirt shuaithinseach aige in imeachtaí na tíre ar thóir na n-aislingí sin. Go deimhin is mó sin gairm nó cúram beatha a bhí aige ar ball – iriseoir, saighdiúir, file, drámadóir, eagarthóir, criticeoir, úrscéalaí, gearrscéalaí, aisteoir, intleachtóir, bolscaire, polaiteoir, gníomhaí teanga agus teachta Dála.
Tá scéal a bheatha agus a linne inste go cuimsitheach mionchúrsach in An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar Phiarais Béaslaí (1881-1965) ag Pádraig Ó Siadhail (Coiscéim), agus ní miste a rá, fág gur saothar scolártha go bun é, go bhfuil inléite, insuime, glanstíliúil ó thús go deireadh inste do dhuine ar bith a bhfuil teanntás aige ar chúrsaí cultúir, liteartha, polaitíochta agus idé-eolaíochta smaointe sa 20ú haois in Éirinn.

Tugann an t-údar ‘beathaisnéis chriticiúil’ ar an leabhar, agus sin atá ann. Tá amhras air an cóir ‘deisceabal’ a thabhairt air féin óir in ainneoin a ghaiscí níorbh fhurasta dó ‘a bheith báúil le gach gné d’iompar pearsanta Bhéaslaí’, agus sin é a dhéanann scéal macánta daonna as, ionas gur bheag cúinne den duine nach bhfuil taighdithe siar go bun na gimide aige.
Suim sa Ghaeilge a chomáin abhus i dtosach é, agus ba ghearr go raibh smacht ceart aige uirthi. Ba bhall de Chraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath é, agus tá trácht bíogúil anseo ar na hachrainn a bhíodh ann, agus ar na feachtais ina raibh siad páirteach. Cé go bhfuil an scéal seo inste cheana, tá de bhua ag an leagan seo go bhfeictear é trí shúile aon duine amháin.
READ MORE
Níor mhór é meas Bhéaslaí ar an bPiarsach, ach níor bhain sin le cúrsaí na Gaeilge, ach lena sheasamh míleata go bhfuair sé ardú gradaim sna hÓglaigh nach raibh tuillte aige. Breith liteartha a bhí aige ar Yeats (‘the stuff he wrote about ghosts and fairies seemed to me to savour of humbug’) agus ar Synge, an glaigín bréagGhaelach dar leis, agus dá chomhartha sin, ghlac páirt sna ciréibeanna a lean stáitsiú an Playboy, nár chiréibeanna in aon chor iad, gan amhras, ach léirsiú agus beagán scartaigh.

Bhí i ndán go rachadh isteach sna hÓglaigh, agus go deimhin, b’é a chum an t-ainm dóibh. Bhí sé feasta mórálach gur chaith sé a bhfeisteas míleata a mhinice is ab fhéidir leis ar ócáidí poiblí. Ní foláir nó gur bhain sin go háirithe leis an bpáirt ghníomhach a ghlac sé in Éirí Amach na Cásca, fág nach raibh a fhios aige go raibh a leithéid le bheith ann go dtí cúpla lá roimhe sin. Chaith sé formhór na seachtaine ar Shráid na hEaglaise, agus cé go raibh go leor troda timpeall an bhaill sin, ‘ní fios go baileach cad a rinne sé i rith na seachtaine’ mar nár fhág sé féin ‘cuntas beacht ar ar tharla dó’ ina chuimhní cinn ná ina chuid aistí iomadúla.
Gearradh téarma príosúnachta a chuir cúirt airm air, agus d’éalaigh sé faoi dhó as dhá cheann de na príosúin sin, eachtraí a bhfuil cuntas breá ag Ó Siadhail orthu. Is barrúla fós gur gabhadh é ina dhiaidh sin nuair a bhí sé ar a choimeád toisc go bhfacthas é ag léamh filíochta ar thaobh na sráide! Déarfá gur cúis mhórtais eile é sin.
Deisceabal agus cara le Mícheál Ó Coileáin ba ea é agus ba dhual dó seasamh leis an gconradh réitigh mar sin. Is léir ón insint anseo gur ghoill an scoilt go mór air, agus is féidir an mheanma spleodrach a bhí aige roimhe sin ag trá a mheas as sin amach. Bhí sé ina theachta Dála faoi dhó, agus arís, b’é a chuir Gaeilge ar bhunreacht na chéad Dála in 1919, ach níor mhór a shuim sa pholaitíocht. Scríbhneoir, bolscaire agus fear éigse ba ea é go príomha agus thug a chúlú ón saol poiblí an chaoi dó díriú ar an bpeann.
Shocraigh sé ar bheathaisnéis an Choileánaigh a scríobh agus bhí le bheith ina shaothar údaraithe ón rialtas. Leagadh an iomad coinníollacha faoina bhráid agus is mó cor a chuir an leabhar de sular foilsíodh é. Is mar scríbhneoir Gaeilge is mó a bheidh aithne ag lucht léite an leabhair seo air, agus b’é a bhí líofa ildánach. Iriseoir cumasach a bhí ann le hailt rialta aige sa Freeman agus an Irish Independent ar feadh tréimhsí éagsúla. Chleacht sé drámaíocht a raibh éileamh fairsing air ar feadh i bhfad, agus bhí baint mhór aige leis na complachtaí Na hAisteoirí agus An Comhar Drámaíochta. Radharc as domhan eile an cuntas ar a dtaisteal in iarthar Chorcaí agus mar a d’fhostaigh siad asal agus cairt chun an radharcra a iompar agus mar ar ghluais cuid den fhoireann ar mhótar, cuid eile ag rothaíocht, agus an fuílleach in airde ar an gcairt. Ina dhiaidh sin chuaigh siad ó Bheanntraí go dtí an Gleann Garbh ar bhád agus cé go raibh an halla lán sa Neidín dúirt duine den bhfoireann ’is eagal liom nach go rómhaith a thuigeadar sinn.’
Tá léamh thar a bheith cuimsitheach déanta ar an úrscéal Astronár, agus is de shuimiúlacht go ndealraíonn gur thosnaigh sé leagan de sa Bhéarla ar tús nuair nach raibh sé ach 17 mbliana d’aois. Thug sé sraith de léachtaí uaidh ar litríocht na Gaeilge do Choláiste na Mumhan agus is orthu a bhunaigh sé dhá imleabhar de Éigse-Nua-Ghaeilge, leabhar greanta eolgaiseach léirmheastúil a mbeadh feidhm leis i gcónaí dá mbeadh sé i gcló. Agus bhí sáite go fonnmhar sna díospóireachtaí a raibh daoine suaite ina dtaobh lena linn; ní raibh sa mheon Gaelach ach ‘partly the mediaeval mind and partly the peasant mind – both valuable and interesting…but not the material for a modern literature.’
Bhí a fhios go raibh Béaslaí agus Lily Mernin – bean a bhí ag obair sa Chaisleán agus a sholáthraigh faisnéis luachmhar don Choileánach – mór le chéile, ach taispeánann Ó Siadhail gurbh é Piaras athair a mic, Seán Maguire, nár thug sé aitheantas dó ach gur thacaigh lena thógáil. Tá an chuma air go raibh go leor caidreamh aige le mná éagsúla eile agus tá Sally, Lily, Molly, Mabel agus Caitlín luaite san dialanna fairsinge a choimeád sé sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Níor phós sé riamh ach mar a scríobh sé oíche ‘Is ait an ní é cúrsaí insgne.’
Ina dhiaidh sin ar fad, tá gné thruamhéalach ag baint lena shaol. Chaill sé misneach agus dóchas sa Ghaeilge agus sa tír féin, déarfá nach mór sa dá scór bliain dheireanach dá bheatha. Chaith sé Conradh na Gaeilge i leataoibh sa bhliain 1924, agus faighimid rachtanna uaidh ina scríbhinní pearsanta ar nós ‘I wish I were out of this wretched country,’ agus é ag cásamh ‘all my errors and failures since the time I was foolish enough to waste my time on producing literature in Irish.’’
Tá seo láimhsithe go híogair agus go tuisceanach mar atá gach rud eile siar síos, nach raibh furasta i saothar a bhfuil 838 leathanach de théacs ann, agus 200 leathanach eile de nótaí, d’fhoinsí agus de thagairtí éagsúla.
Foclóir:
bagáiste= baggage
cuimsitheach = comprehensive
bíogúil = lively
cuimhní cinn = memoirs
feisteas míleata = military atire
luachmhar = valuable
rachtanna = outbursts












