Nuair a bhuaigh foireann peile na hAirgintíne Corn an Domhain an uair cheana, bhí ar a laghad imreoir amháin acu a mbeadh cead dúchais aige imirt le foireann na Poblachta abhus. B’é sin Alexis Mac Allister ar shíolraigh a shinsir ó Dhomhnach Bat, agus táim suite de go raibh go leor eile i gcaitheamh na mblianta a d’imir don tír sin a bhfuil acu an sacar is slime, is oilte, is sciliúla, is ealaíonta, is cuanna, is deaschosaí sa domhan ar fad ar bith. Is rómhinic a dhearmadtar gur ghaibh bochtáin na hÉireann ó dheas go dtí an Meiriceá Laidineach mar mhalairt ar shlumainnise chathracha na bPoncánach agus gur thugadar stiall éigin dá gcultúr leo.

Fág na sagairt, na mná rialta agus na bráithre as an áireamh a bhí ar feadh na hilchríche, b’e an lonnú bochtimirceach san Airgintín an deoraíocht ba thábhachtaí is b’fhadmharthanaí a d’fhág lorg ann. Meastar gur chuaigh tuairim is 50,000 duine as Éirinn chun na hAirgintíne roimh agus i ndiaidh na gorta móire, ach b’as Loch Garman agus Contae na hIarmhí a bhformhór, rud a d’fhág nárbh í an Ghaeilge a bpríomhtheanga lena linn sin, ach d’fhothaigh siad an iomáint ann ar shlí nár cothaíodh abhus í i gcontaetha a bhfuil eagla orthu roimh adhmad na fuinseoige agus gurbh fhearr leo an bál bog bán.
toisc go raibh an teaghlach siúlach ina dhiaidh sin, cailleadh an nasc eatarthu gur shocraigh ár bhfile ar iad a lorg, agus is í a bhí éiritheach sa chuardach.
Cúiteamh ar an bhfaillí sin ar fad is ea leabhar álainn Áine Uí Fhoghlú Scéal ó Carolina (Éabhlóid), saothar trítheangach Gaeilge/Spáinnise/Béarla ina bhfuil dánta pearsanta a ghabhann go sprioc na sprice, dánta turais a shoilsíonn saol agus dánta oidhreachta a cheanglaíonn an dá thír lena chéile.
Níl an oiread sin de dhaoine ann ar féidir leat a rá ina dtaobh gur saolaíodh in Ambasáid iad. B’in mar a tharla d’Áine ó tharla go raibh a hathair ag obair in ambasáid na hAirgintíne i Londain nuair a tháinig sí ar an saol. Mar sin fuarthas tuistí baistí a bhí ag obair san áit ag an am chun seasamh di, agus toisc go raibh an teaghlach siúlach ina dhiaidh sin, cailleadh an nasc eatarthu gur shocraigh ár bhfile ar iad a lorg, agus is í a bhí éiritheach sa chuardach.
READ MORE
De sin, an leabhar álainn seo ina dtugann sí cuaird ar an Airgintín agus ina dtugtar an toradh sin dúinn i bhfoirm filíochta. Déarfá gurb é sin an t-aon rogha chóir mar ní foláir nó gur turas draíochtúil a bhí ann di, mar is léir ó na dánta seo. Is geall le scéal an saothar ar fad ó na dánta tosaigh nuair a fhaigheann sí scéala ó Charolina, iníon a hathar baistí, go dtí go bhfilleann ar Éirinn in earr na heachtra agus í ag breith greim ar na cuimhní agus ag filleadh ar an saol. Gabhann níos sia siar ná sin, áfach, agus tugann dán álainn dúinn mar gheall ar a breith féin, ar gníomh samhlaíochta ann féin í, óir cé mhéid againn a bhí ‘i láthair’ nuair a saolaíodh sinn?
‘Maidin Déardaoin, is saothar na hoíche imithe
thar tairseach amach, shoiprigh cuilt cheo í féin
ar an gcuileachta bheag Airgintíneach i Knightsbridge,
bhí an raidió ag craoladh an hit ba dhéanaí ag Elvis,
is bhí Batista ag cur allas a chroí de
ag tabhairt na sál leis amach as Havana.’
Is í an stíl réidh éasca sin, stíl comhráiteach, nach mór, ceann de na buanna atá ag an leabhar siar síos amach. Is geall le scéal a hinsint ar conas mar a fuair sí fios ón Airgintín agus í i lár ranga agus daltaí ‘ag stracadh na gcos trí láib na bhfocal’ – cé nach ndeir sí linn cé leis an gearrscéal áirithe sin a bhí á léirmhíniú aici a raibh láib na bhfocal ann!
Blaisimid cuid den líonrith, nach foláir a bhí ag dul lastuas di, agus í san eitleán ar a turas siar ó dheas:
‘Dreapaim ar dhroim géise
clutharaíonn an clúmh mé is í ar tí éirí.
Gabhaim chugam m’aislingí
is eitlím.’
Agus, féach, fíoraítear na haislingí céanna! Is é sin le rá, ní filíocht dhuairc chráite phiananamúil ifreannchairdeach dhúrmheamnach uafásbheatha ghaelgheoineach í seo, ach a malairt gléghlan. Eachtra ealaíonta í a ardaíonn do chroí mar léiriú go dtagann ann do ghealadh an lae, go bhfuil dúile ann nach dúile amú iad agus go bhfuil an saol mar ba mhaith le do chroí é a bheith agat.
Peannphictiúir iad go leor de na dánta. Radharc sráide, rince fiata, tráthnóna i gcaifé. Agus scéal dúchais thall is abhus, ar nós ‘Iguazá, an chaise mhór’ a eachtraíonn mar a fuair dia logánta an ceann is fearr ar leannán, scéal uafáis gan bhréig, ach ceann a chuireann le cumhacht ‘el agua grande.’
Cuid dhílis den leabhar is ea an trí theanga, an Ghaeilge béarlaithe ag filí nótálta ár linne, Paddy Bushe, Celia de Fréine, Cathal Ó Searcaigh, Elaine Ní Chuileannáin, Theo Dorgan, Thomas McCarthy, Catherine Foley, Eibhlís Carcione agus iad feistithe sa Spáinnis ag Jorge Fondebrider. Ní hionann cur chuige aistriúcháin gach file díobh, rud a fhágann gur saibhre fós an fómhar filíochta.
Is í an fhadhb is mó a bhaineann le haon bheart aistriúcháin nach féidir solas agus doircheacht aon teanga faoi leith a thabhairt trasna go dtí teanga eile go slánchruinn. Is láidre an teanga ná an t-aistritheoir; is doimhne a macallaí ná an cúr foclóireachta ar bharra. Iompraíonn gach aistriúchán Béarla stair agus béasa, blas agus boladh na teanga sin leis, mar a shealbhaíonn an Spáinnis chomh maith céanna.
Is dá réir sin a bhíos ag iomrascáil le ‘glugarnach na mbróg glé’ mar bhuninsint ar ‘shoes that glitter and splash’ suas is anuas le ‘el chapoteo de zapatos brillantes.’ Conas is féidir blaiseadh de fhuaimthuiscint, de bhlaslíorac, d’ fhuaimdhoimhneacht eatarthu? Ceapaim go bhfuil go leor de Spáinnis na turasóireachta agam is nach bhfaighinn bás den tart in aon bhall Espanolabhách, ach níl aon mhacallaí agam uaithi, an toise sin de theanga a ghabhann isteach faoin gcroí. An buta bolgbhalsamúil sin de theanga a thugann ort filíocht a thuiscint inti.
Táim suite de gurb aistriúcháin ardfhileata iad seo ar fad sa Spáinnis, mar atá sa Bhéarla, agus is ceart do léitheoirí de cheal na Gaeilge dul iontu le creideamh mar sin.
Cé go bhfuil dánta anseo a dhathaíonn saol na hAirgintíne dúinn, mar ‘I margadh San Telmo maidin Domhnaigh’, an saghas margaidh a aithneoidh duine ar bith a bhí ar aonaigh mar seo thall thairis agus an mangaire glic a aithníonn ‘saint i súile an turasóra,’ tá, leis, an taobh dorcha den tír nochtaithe go ciúin fáilí caolchúiseach i ndán ar nós ‘In Iarsmalann Evita, tá grianghraf’ ina dtugtar dúinn an ‘bhuíon seanmháithreacha’ a thagann le chéile go laethúil sa Plaza de Mayo ‘cneácha rósacha ag bláthú/ le cian ar a gcraiceann ná cneasóidh’.
Tá slacht álainn ar an leabhar mar is dual do Éabhlóid a fhógraíonn i gcónaí cad ina thaobh gur fearr filíocht mar seo a léamh sa chló beo ar an tolg, sa leaba, ar bhus, cois trá, ag siúl na slí, idir dhá thine, sa chathaoir shúgáin féin seachas ar tháibléad fuar a ghabhann as chomh mear leis an meme beag eile ar tharla tú a bheith ag neamhfhéachaint air leathshoicind ó shin.
Foclóir:
Foireann – team
Imreoir = player
Slime = sleek
Cuanna = graceful
Líonrith = excitement
draíochtúil = magical
iomrascáil = wrestling
a dhathaíonn = that colour
caolchúiseach = subtle













