Ní féidir úrscéal a scríobh gan samhlaíocht, mar is léir. Samhlú is ea daoine eile a cheapadh, beatha a thabhairt dóibh, cúlra a dhathú, timpeallacht a chur i láthair, comhrá a chur i mbéal pearsana agus eachtraí a cheapadh timpeall air sin ar fad. Tá sé deacair go leor é sin a dhéanamh i gcás an tsaoil atá ann faoi láthair agus i do thimpeall, ach is dúshlánaí go mór é a dhéanamh i gcás leagan amach sóisialta nach raibh riamh ann. “Cuir i gcás” a bhíonn i gceist lena leithéid sin, is é sin, go mbíonn an t-údar ag ligean air nach mar seo atá ná a bhí ná a bheidh an saol, ach ar a mhalairt de chuma ar fad.
Níl an oiread sin d’úrscéalta againn a shamhlaíonn stair mhalartach d’Éirinn, bíodh go bhfuil an sampla táscúil Prophet Song le Paul Lynch againn le déanaí a bhuaigh Duais an Booker in 2023. Foilsíodh 2016 le Pádraig Standún chomh fada siar le 1988, agus cé nár fíoraíodh a raibh á thuar ansin aige, cuireadh daoine ag machnamh ar conas eile a d’fhéadfadh roth gabhlánach na staire a chasadh.
Úrscéal ar an stair mhalartach sin is ea Fiche (Cló Iar-Chonnacht. €16.00) le Colm Ó Ceallacháin, fág gur san aimsir chaite a tharlaíonn an claochló staire. Is é an cur i gcás atá ann ná go raibh dream faisisteach i gceannas na tíre i seascaidí na haoise seo caite, agus ní úsáid leisciúil an fhocail “faisisteach” atá i gceist anseo, ach faisistigh chearta stairiúla a raibh ardmheas acu ar Franco agus ar Salazar. Bhíodar i réim ar feadh caoga is a cúig de bhlianta agus an Ginearál, an Taoiseach, Führer, Duce, Generalissimo, Caudillo, is amhlaidh go raibh sé mór le rá i gcogadh na saoirse. Tá an chuma air gur ar leaba a bháis atá sé (thóg sé tamall fada ar Franco ar an leaba chéanna) agus tá sioscadh ann maidir le cé a thiocfaidh i gcomharbacht air. Cé nach ndéantar paidir chapaill de, tá le tuiscint go raibh rialacha daingne i bhfeidhm le linn na gcúig cinn caogaid de bhlianta a chuir cosc le ceolta faoi leith is le rincí.

Ar shlí eile, áfach, ní hé sin tromán agus éirim an scéil in aon chor ach gurb é is dóichí ná gur úrscéal grá agus caidrimh atá ann. Caithfear seo a rá ar eagla go gcuirfeadh aon bholadh den stair sceimhle ar léitheoirí áirithe.
READ MORE
Tá dhá réim sa scéal, ceann acu ina dtarlaíonn a dtarlaíonn sa bhliain 1979 nuair atá an Ginearál faisisteach taoisigh ar shéala imeacht, agus cuid eile a ghabhann deich mbliana siar a mhíníonn cad é faoi deara na heachtraí eile a tharla an uair sin.
Imeachtaí 1969, mar sin, is mó is bun leis an scéal agus is le linn shaoire samhraidh na bliana sin a thagann na príomhcharachtair le chéile i mball éigin timpeall ar chuan Chorcaí, arb é log agus ionad na n-eachtraí é. Is é Caoimhín “laoch” na hinsinte sa mhéid is go bhfuil sé á scaoileadh saor ón bpríosún i dtosach an scéil agus nach foláir a fhionnadh cad ina thaobh go raibh sé sa charcair sa chéad áit mar chuid amháin de thochas ár suime i measc go leor eile.
Is é an scéal grá, de shaghas, atá in uachtar sa scéal as sin suas, ach go bhfuil an rialtas faisisteach laistiar den iomlán mar bhagairt. Chuige sin, foireann de charachtair éagsúla atá gearrtha dúinn go beacht agus curtha inár láthair go tomhaiste. Mac an Ghinearáil é féin, Marcas, nach bhfuil aon tsuim aige teacht in ionad a athar, a bhean chéile Cáit ar geall le Elena Ceausescu í ina scéiméireacht, ach gur ag iarraidh a mac Donnchadh a réiteach don chomharbacht atá sí. Giollaí foréigin de chuid an rialtais, Eamann agus Paddy, ar cuma nó heavy gang iad ina meon agus ina n-iompar. Áine, leannán Chaoimhín, arb í an phearsa is gnáthaí ar fad sa leabhar í, agus Órlaith, ealaíontóir, lena hintinn neamhspleách amhrastúil agus “pearsantacht neamhbhalbh” nach ligfeadh do dhuine ar bith teacht ina hairicis, go dtí go dtarlaíonn sin.
Is le linn shamhradh na bliana sin 1969 a tharlaíonn formhór na n-eachtraí in áiteanna gan lua ach inaitheanta go leor timpeall ar Chorcaigh, eachtraí ina bhfuil triantán grá, bullaíocht, teagasc ealaíne, teagmháil leis an gcinseal, snámh le haoibhneas, doircheacht mheoin, coirp mheán oíche, crá anama, éiginnteacht aigne, teacht in inmhe, foghlaim beatha, anraith saibhir scéalaíochta a choinníonn ár n-aire go deireadh.
Filleann an chuid dheiridh ar aimsir thosach an scéil agus is ann a fhuasclaítear go leor de na snaidhmeanna a bhí fágtha gan scaoileadh. Ach is ann a chothaítear atmaisféar na sceimhle agus an amhrais a bheadh i réim in aon stát faisisteach, áit nach mbeadh a fhios ag daoine go baileach cad a bhí ar siúl, agus sa chás seo ina bhfuil ráflaí agus luaidreáin i gceannas, agus ina bhfuil baill sa tír nach bhfuil sé ceadaithe dul isteach iontu.
Agus sin é, dar liom, bua faoi leith an úrscéil seo a bhí ar ghearrliosta Love Leabhar Gaeilge anuraidh, go n-éiríonn leis scéal inchreidte grá agus daonna a shuíomh dúinn laistigh de chraiceann níos leithne ina bhfuil an saol ar fad ar tinneall le scanradh, le huafás agus le hanbhá an amhrais.
Foclóir: úrscéal = novel
Comhrá = conversation
Machnamh = thinking
Tromán = weight
Imeachtaí = events
Snaidhmeanna = knots
Ráflaí = rumours
Sceimhle = terror













