Sheas beirt fhear ar ghalfchúrsa Augusta, mac agus athair, ba iad sin Rory agus Gerry McIlroy. An buachaill óg a d’fhás aníos agus é ina aisling aige an Chaithréim Mhór a bhaint amach agus é taobh leis an bhfear a chabhraigh leis an aisling a choinneáil beo. Ba álainn an rud é go raibh an deis acu cluiche gailf a imirt sular cuireadh tús leis an gcéad lá de Chraobhchomórtas na Máistrí i mbliana.
An t-am seo anuraidh, bhí tuismitheoirí Rory, Rosie agus Gerry, sa bhaile i gCo. an Dúin ag breathnú ar a mac ag ceiliúradh agus 4,000 míle eatharthu. Ach, bhí siad in éineacht leis i mbliana agus gliondar croí orthu nuair a bhuaigh sé Craobhchomórtas na Máistrí don dara bliain as a chéile. Bhain Rory McIlroy bua stairiúil amach. Ní hamháin gur éirigh leis an comórtas mór le rá seo a bhuachan arís ach tá curriarracht an-suntasach bainte amach aige freisin, rud atá fíor-annamh sa spórt iomaíoch seo.
Ní raibh Craobhchomórtas na Máistrí buaite dhá bhliain as a chéile ach ag triúr roimhe seo. Ar an 12 Aibreán, d’éirigh le Rory a bheith ar an gceathrú duine. Ba iad Jack Nicklaus (1965-1966), Nick Faldo (1989-1990), agus Tiger Woods (2001-2002) a rinne an éacht roimhe seo. Tá Chraobhchomórtas na Máistrí buaite ag Nick Faldo trí huaire, sé cinn ag Jack Nicklaus agus cúig cinn ag Tiger Woods. Sárghaisce gailf a bhain Rory McIroy amach anuraidh nuair a bhuaigh fear Ard Mhic Nasca Craobhchomórtas na Máistrí sna Stát Aontaithe in Augusta. Cé go raibh an Chraobh faoina lámh ag McIlroy blianta eile roimhe seo, chlis air greim a fháil uirthi nuair a tháinig an crú ar an tairne. Ba mhó an faoiseamh agus an gliondar a bhí air nuair a shlog an poll an liathróid chinniúnach in Augusta an bhliain seo caite. Agus an seaicéad glas cáiliúil úd á chur air, d’admhaigh McIlroy go raibh imní air nach dtiocfadh an lá ariamh!
Bhí a chéad bhua i gCraobhchomórtas na Máistrí an-speisialta. D’imir sé le muinín agus le scil, ag taispeáint a chumas agus a chruinneas. Bhí sé soiléir go raibh sé ag imirt ar caighdeán thar a bheith ard agus iomaíoch. Ach b’fhéidir go raibh an dara bua níos suntasaí fós, mar léirigh sé nach raibh an chéad bhua ina thimpiste ná ina seachtain mhaith amháin – ach gur toradh ar obair chrua, ar dhúthracht, agus ar intinn láidir a bhí ann. An lá úd, fuair McIlroy an ceann is fearr ar an aon iomaitheoir eile a bhí fágtha sa chomórtas, an Sasanach Justin Rose.
READ MORE
léirigh sé nach raibh an chéad bhua ina thimpiste ná ina seachtain mhaith amháin – ach gur toradh ar obair chrua, ar dhúthracht, agus ar intinn láidir a bhí ann.
Is as Ard Mhic Nasca i gCo. An Dúin do McIlroy agus tá sé ina ghalfaire gairmiúil ó bhí 2007 ann. Ba léir ó aois an-óg go raibh tallann eisceachtúil aige nuair a thosaigh sé ag imirt gailf ar dtús. Fuair sé neart tacaíochta óna theaghlach, go háirithe óna athair, a bhí ina ghalfaire maith é féin, agus óna mháthair. D’oibrigh Rory go dian ar a chluiche agus ghlac sé páirt i gcomórtais amaitéaracha ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Le linn a ghairme, tá roinnt comórtas mhór buaite ag Rory, Craobh Oscailte na Stát Aontaithe, Craobh Oscailte na Breataine agus Craobh Chumann na nGalfairí Gairmiúla ina measc. Mar sin féin, bhí Craobhchomórtas na Máistrí ina sprioc mhór dó i gcónaí. Ar ndóigh, tá an Chaithréim Mhór Gailf buaite ag McIlroy anois agus fágann sin go bhfuil sé ar dhuine den fhíorbheagán i stair an ghailf a rinne an éacht céanna. Níl ach cúigear eile ar an liosta sin, mar atá Gene Sarazen (1935), Ben Hogan (1953), Gary Player (1965), Jack Nicklaus (1966) agus Tiger Woods (2000).
Ní féidir labhairt faoi ghalf na hÉireann gan trácht ar Shane Lowry. Is galfaire eile den scoth é Lowry, a bhuaigh Craobh Oscailte na Breataine in 2019 in Royal Portrush. Bhí an bua sin thar a bheith speisialta do lucht leanúna na hÉireann, mar ba é an chéad uair le fada go raibh an comórtas ar siúl ar oileán na hÉireann. Tá stíl imeartha Lowry difriúil ó McIlroy – ach tá an bheirt acu thar a bheith rathúil ina mbealaí féin. Níl aon amhras ach go bhfuil tionchar mór ag McIlroy agus ag Lowry ar ghlúin nua galfairí in Éirinn. Tá níos mó daoine óga ag glacadh páirte sa spórt anois, spreagtha ag na héachtaí atá bainte amach ag na himreoirí seo.
Ina theannta sin, tá tábhacht ar leith ag baint le rath McIlroy ar an ardán domhanda. Léiríonn sé go bhfuil Éire in ann imreoirí den chéad scoth a tháirgeadh a bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht leis na himreoirí is fearr ar domhan. Tá sé ina ambasadóir don spórt agus don tír, agus tá meas mór air ní hamháin as a chumas, ach as a chuid iompair agus a dhearcadh dearfach, cothrom freisin. Tá gné eile le cur san áireamh freisin – a thionchar lasmuigh den chúrsa. Tá McIlroy tar éis labhairt amach ar cheisteanna éagsúla a bhaineann leis an spórt, an struchtúr gairmiúil agus na hathruithe atá ag tarlú i saol an ghailf san áireamh.
Cuireadh ceist mhór air an tseachtain seo faoin todhchaí. Dúirt Rory nach raibh sé cinnte anuraidh, nuair a bhuaigh sé, cén sprioc a leagfadh sé amach roimhe féin. Ach deir sé go bhfuil a fhios aige anois, ‘séard atá uaidh ná leanúint ar aghaidh ar imirt, ag buachaint agus ag baint taitneamh as a chuid laethanta ar an ngalfchúrsa. Tar éis dó Craobhchomórtas na Máistrí a bhuachan dhá bhabhta as a chéile, beidh sé ag iarraidh leanúint ar aghaidh ag cur lena oidhreacht. Is dócha go mbeidh sé ag díriú ar níos mó comórtas mór a bhuachan agus ar a stádas a dhaingniú mar cheann de na galfairí is fearr riamh. Tá sé fós óg go leor chun roinnt blianta eile a chaitheamh ag barr a chluiche, agus má choinníonn sé air i mbarr a mhaitheasa, is féidir go bhfeicfimid níos mó éachtaí móra uaidh.
Beidh súile an domhain dírithe ar McIlroy agus é ag leanúint lena thuras eisceachtúil.













