Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?
Chaith mé an-chuid ama ag seinm na feadóige. Chuaigh an ceol Gaelach traidisiúnta go smior ionam i slí a mbraithim fós nuair a bhím ag cumadh rince – rithim an cheoil rince, frásaíocht sholúbtha amhrán ar an sean-nós. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, bhí mé faoi gheasa ag Smooth Operator de chuid Sade agus ag Sweet Dreams de chuid Eurythmics – an bhoige is an buille iontu. Dála an scéil, is eiseamláir dom fós an tslí ina bhfuil dlúthcheangal idir an ceoltóir traidisiúnta agus a phobal. Go minic, leis na healaíona comhaimseartha, samhlaítear deighilt idir an t-ealaíontóir agus an pobal gur gá a shárú le dianiarracht, ach leis na healaíona traidisiúnta níl an deighilt sin ann. Agus is mar sin ba mhaith liom mo chleachtas féin a shamhlú.
Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?
Tá an-mheas agam ar aon ealaíontóir a n-éiríonn leis leanúint ar aghaidh ag treabhadh ina gceird agus a bheith dílis don inspioráid ar leith gur dual dóibh, beag beann ar fhaisean. Mar shampla, an t-amharc-ealaíontóir Lubaina Himid, an chéad bhean ghorm a bhuaigh Duais Turner. Bhí sí 63 nuair a bhuaigh sí tar éis blianta fada a chaitheamh mar ealaíontóir gan a leithéid d’aitheantas. B’inspioráid mhór dom Merce Cunningham chomh maith, mar gur lean sé ag cumadh rince go dtí go bhfuair sé bás nuair a bhí deich mbliana agus ceithre scór slánaithe aige. Bhíodh sé fiosrach i dtaobh forbairtí nua i gcónaí agus bheadh sé ag baint triail as slite nua chun an chóiréagrafaíocht a chumadh – ach é ag tarraingt i rith an ama ar fhoinse dá chuid féin.
READ MORE
Bím in éad leis na ceoltóirí a chloiseann duine ag tosú ar amhrán a chasadh agus gur féidir leo an gléas ceart a aimsiú agus a dtacaíocht a thairiscint.
Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?
Tá roinnt straitéisí éagsúla agam le fuinneamh a spreagadh ionam nuair a bhíonn sé lag nó íseal: uaireanta is fuinneamh bríomhar atá uaim agus cumaim rincí beaga le ceol spreagúil (tá seinnliosta agam chuige ina bhfuil Lady Gaga, Nava, Elaine Mai agus MuRli, Iarla Ó Lionáird srl.) ar mhaithe le doras na cruthaitheachta a chroitheadh chun go n-osclófar é. Is cuma liom cé chomh suimiúil is atá na rincí a thagann tríom fad is go bhfuilim ag bogadh. Go minic osclaíonn doirse na cruthaitheachta dom agus mé ag gluaiseacht. Tugaim faoi thréimhsí cónaithe freisin, in áiteanna ar nós an CCI i bPáras. Tugann seal ann deis dom machnamh a dhéanamh ar mo rud féin, uaireanta le hathbhreithniú a dhéanamh ar an méid oibre atá déanta agam agus ar thorthaí atá ann nár thug mé faoi deara go dtí sin. Tugann sé deis dom freisin éisteacht go ciúin le pé borradh atá ag teacht, agus an ciúnas sin ionamsa fós tacaithe ag fuinneamh na cathrach, agus na daoine éagsúla agus na healaíona go léir atá le feiceáil ann. Idir chiúnas, mhachnamh agus fhuinneamh a bhíonn uaim le teacht ar an treo ar aghaidh.
Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén tallann chruthaitheach ba bhreá leat a bheith agat/a fhiosrú?
Ba bhreá liom a bheith in ann uirlis ar nós pianó nó giotáir a sheinm ionas go bhféadfainn amhránaíocht a thionlacan gan stró. Bím in éad leis na ceoltóirí a chloiseann duine ag tosú ar amhrán a chasadh agus gur féidir leo an gléas ceart a aimsiú agus a dtacaíocht a thairiscint.
Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?
Tá bród ar leith agam as Match, an chéad scannán rince a dhein mé leis an stiúrthóir iontach Dearbhla Walsh. Is díséad atá ann a chuireann an rince i gcroílár fhaiche naofa Pháirc an Chrócaigh. Pléadh é ar an raidió an lá i ndiaidh a chraolta ar RTÉ agus thaitin sé go mór liom go ndúirt fear amháin nár thuig sé cad a bhí ar siúl ach nach bhféadfadh sé stad de bheith ag féachaint air.
Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?
Ba bhreá liom am a chaitheamh leis an tsraith Amuigh faoin Spéir le hÉamonn de Buitléar (agus le Gerrit Van Gelderen). Bhí sólás ar leith domsa ag féachaint ar na cláir dhúlra sin nuair a bhí mé óg mar go raibh an Ghaeilge go mór le cloisteáil iontu; is trí Ghaeilge a thuig mé mo thimpeallacht ag an am sin. Mar leabhar, ba bhreá liom an bailiúchán filíochta Bone and Marrow / Cnámh agus Smior a léamh, agus má cheadaítear ‘cnámh’ bhreise dom, The Bone People de chuid Keri Hulme a chuaigh go mór i bhfeidhm orm. Agus cé go bhfuil uaigneas ann, bheinn sásta am a chaitheamh leis an scannán BPM a nochtann solas, sólás, fuinneamh agus gnéas in aimsir an dorchadais. Chuirfeadh sé m’fhear céile i gcuimhne dhom agus an saol aerach a chaitheamar agus sinn ag cur aithne ar a chéile.
Ní gá na <i>splits</i> a bheith agat le rince!
Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?
Bhí an-shuim ag mo thuismitheoirí sa drámaíocht mar aisteoirí amaitéaracha, agus bhuaigh mo mháthair duais i gCraobh na hÉireann i gcomórtas drámaíochta de chuid Macra na Feirme. Is cuimhin liom cleachtadh a bheith ar siúl sa chistin agus a bheith ag freastal ar dhrámaí dáiríre, ar thaispeántais spraíúla ar nós Tops of the Towns agus ar an bpantaimím i nGaeilge i gCorcaigh gach Nollaig. Mar go raibh suim ag ár dtuismitheoirí sa chur i láthair, thuigeamar conas a chuirfí a leithéid de thaispeántas le chéile, cad a bheadh de dhíth ar an stáitse agus laistiar de chomh maith. Chanadh mo thuismitheoirí suantraí dúinn agus bheadh ceol ar siúl go minic ar an seinnteoir ceirníní – ABBA, Joseph Locke, Pat Boone, Seán Ó Riada agus fuaimrian Sleeping Beauty (leagan Disney ó 1959). Thug ár dtuismitheoirí gach spreagadh agus deis dúinn uirlisí ceoil a chleachtadh. Ní hé go raibh siad ag ceapadh gur inár n-ealaíontóirí a bheimis, ach gur mheas siad gur ghnáthchuid den saol iad na healaíona agus go raibh sé de cheart ag gach éinne sult a bhaint as bheith ag glacadh páirt iontu.
Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?
Míthuiscint amháin a chuireann isteach orm ná go gceapann daoine gur don aos óg amháin an rince agus gur gá éirí as nuair a théann tú in aois. Tá scéalta agus taithí le brath as an gcorp i ngach ráithe. Agus ní gá na splits a bheith agat le rince!













