Scannáin do na sluaite

Script nua scannáin do TG4 le vaimpirí turtair agus ábhar iontach eile


Tá a fhios agam go bhfuil plota nó leagan amach scannán á lorg ag TG4 faoi láthair. Glacaim leis gurb é an gnáthrud atá a dhíth, leathar in Seana-Phéistín, broimineach ag tufóga Ghaoth Sáile, dúnmharú feamainne in Droichead Duileasca.

Ach tá plota eile agamsa atá á scaoileadh amach chun an tsaoil leis seo, agus súil agam nach ngoidfear é.

Seo é é: Vaimpírí turtair atá ina gcónaí in íochtar bholcáin i lár na Sibéire i mball nár leagadh cos dhaonna air fós. Tá siad ann ó thús an tsaoil, ach ag feitheamh le deis chun a misean a chur i gcrích anois go bhfuil daoine déchosacha i gceannas an domhain. B’as an bpláinéad Kraptóin ó thosach iad ach ní féidir leo Kraptóinis a labhairt níos mó. D’éirigh leo Rúisis de shaghas éigin a shealbhú mar chuala siad bolg an domhain os a gcionn ag caint. Tá sé d’aidhm acu ceannas na cruinne a bhaint amach, agus anois tá an uain tagtha dóibh.

Is é plean na tolláin faoi screamh an domhain atá á n-ullmhú acu a leathnú faoin uile ilchríoch ionas gur féidir leo pléascadh aníos nuair a thiocfaidh an t-am ceart ach an t-ordú a fháil ó Zmux, an Dia atá orthu roimh thús chruthú na cruinne. Ach is é an chuid is fearr den phlean ná go ndéanfaidh siad smugairlí róin díobh féin ionas gur féidir gluaiseacht go ciúin trí na tolláin, agus nuair a oireann gur féidir leo sliogáin a chur orthu féin mar chosaint.

READ MORE

Ní féidir le haon duine na sliogáin sin a bhriseadh ná a pholladh ach amháin na daoine a bhfuil an cód rúnda acu atá scríte i litreacha faoi leith ar an taobh istigh de gach sliogán díobh.

Tá seo go maith, agus tá seo go maith, seachas go bhfuil gníomhaire rúnda amháin de chuid Rialtas an Leathsféir Thuaidh a bhfuil fios an chóid seo aici. Frúcóghunc an t-ainm atá uirthi, agus caithfidh an pháirt a bheith ag an mbanaisteoir is áille sa mbith. Ar mhí-ámharaí an tsaoil tá sí i ngrá le portán, a bhfuil Burlabúr air. Is ón bpláinéad Munctóin é siúd, agus is naimhde saolta mhuintir Khraptóin iad. Vaimpír é siúd, leis, ach níl aon chumhacht aige seachas ar oícheanta spéirghealaí.

Nuair a thagann sé chun an domhain seo fanann sé in óstán speisialta ar Sceilg Mhichíl a dtugann Comhairle Chontae Chiarraí deontas faoi leith dó. An té atá ina bhainisteoir ar an óstán tarlaíonn gur ilbhilliúnaí é ar mian leis a bheith ina thaoiseach lá éigin, tá a laghad sin uaillmhéine aige. Mar phortán, is é dícheall an turasóra ó Mhunctóin – Burlabúl – dreapadh in airde go furasda. Mar chúiteamh, is féidir leis crot faoileáin a chur air féin na hoícheanta sin a bhfuil an chumhacht aige.

Is é an plean atá aige féin, roicéad a dhéanamh as Sceilig Mhichíl, agus as carraigreacha aonair eile d’fhonn gabháil a dhéanamh ar Khraptóin nuair a bheidh smacht curtha acu siúd ar an domhan seo. Ní foláir dó gan é seo a rá leis an mbean atá i ngrá leis, Frúcóghunc, ach caithfidh sé a bheith ag faire go géar ar an uair go dtiocfaidh an t-ordú ó Zmux an domhan a scrios.

Nuair a thagann an t-ordú sin ó Zhmux, seo leis na vaimpírí turtair i bhfoirm smugairlí róin ag gluaiseacht faoi na tolláin, agus ag teacht aníos trí na córais séarachais i gcathracha an domhain. Cuirtear Frúcóghunc ina n-aghaidh chun an cód a fháil ach tá deoch suain tugtha di de thaisme, agus is róbhaol go scriosfar an domhan. Ach ansin, tagann Burlabúr i bhfoirm faoileáin mhóir…