Na Búrcaigh

B’fhearr glacadh leis an bhúrca mar atá. Nach raibh ár ndóthain de bhacanna againn?


Anois go bhfuil sin ar fad thart, tá chomh maith filleadh ar cheisteanna eile. Ceisteanna a thiocfaidh chun cinn de réir is mar a bheidh na sluaite Moslamach ag teacht anseo ina millúin gan áireamh. Mura n-aithníonn tú go bhfuil mo theanga go daingean im phluc leis an méid sin, ní lá fós é.

Is í ceist na búrca í. Tá’s agam go bhfuil scata Búrcach dár gcuid féin againn – bhí Edmund Burke a chuireadh daoine ina gcodladh i nDáil na Breataine lena chuid cainte gan stad, agus Chris de Búrgha a chuireadh níos mó fós as a gcranna cumhachta lena chuid amhrán, agus Dick Burke a raibh blas ar a chuid Béarla nár airigh aon duine riamh sa Teampall Uachtarach, Tiobraid Árann.

Ba dhóigh leat gur leor é sin de Bhúrcaigh gan éadaí ban a bhac in aon chor. Ach is ceist í atá múscailte i dtíortha éagsúla na hEorpa cúinge agus an domhain leathain: an ceart an bhúrca a bhac? Tabharfaidh lucht gramadaí faoi deara go bhfuil ‘búrca’ baininscneach agam, agus cé go bhfuil ‘cailín’ firinscneach, agus ‘stail’ baininscneach, braithim gur cuí go mbeadh baininscneach sa chás seo. Ar chúis éigin, ní bhíonn á caitheamh ag fir.

Ar son éascaíochta, bíodh nach ionann iad, tá an niqab á cur sa mheá agam anseo, leis. Clúdaíonn an dá cheann an aghaidh, agus sin é bun an aighnis. Is fíor go bhfuil go leor daoine arbh fhearr leat nach bhfeicfeá a n-aghaidh – fir go háirithe – ach cuid den saol is ea an gramhas, an ghránnacht agus an pus. Is dócha go bhfuil sé réasúnta go leor gur féidir leat gnúis an duine atá ag caint leat a fheiscint. Cé gur minic gurb iad na súile is mó a labhrann, mar sin féin is í an aghaidh an fhuinneog is oscailte atá againn sa duine.

READ MORE

Iarrtar ar lucht clogad a chaitheamh iad a bhaint díobh agus iad ag dul isteach in oifigí agus in ionaid phoiblí, agus ní bheadh cead agat aghaidh fidil a chaitheamh ag teagasc scoile (bíodh go mbíonn aghaidh fidil mheafarach go minic ar mhúinteoirí chun teacht slán).

An cosc atá ar an mbúrca agus ar an niqab i gcuid de thíortha na hEorpa, déarfá go bhfuil sé réasúnta go maith ar an gcuma sin. San Iorua, mar shampla, tá cosc air san oideachas, óir conas a d’aithneofá Fatima seachas Alzubra seachas Zaara? Ba dheacair iad a aithint faoin gcaille.

Dhealródh go bhfuil a amhlachas céanna acu sa Bhulgáir, cosc sa chaidreamh poiblí agus in áiteanna a bhfuil plé ag an stát le daoine.

Tá cosc níos daingne i bhfeidhm i dtíortha a bhfuil pobal mór, nó ar uaire, móramh Moslamach iontu.

Ba cheannaire Ioslamach a chuir cosc leis sa Chongó, agus is de dheasca Boko Haram agus buamála féinmharaithí a tarraingíodh an brat anuas ar chaitheamh na caille sa tSead agus sna Camarúin. Thuigfeá é sin.

Ach is lándeimhnitheach gur d’aon ghnó in aghaidh na bpobal Moslamach atá an cosc á chur i bhfeidhm i dtíortha na hEorpa, go háirithe san Fhrainc toisc gur dhíbir na hArabaigh iad as a dtíortha féin. Níor maitheadh sin riamh dóibh.

Feistítear an cheist in éadaí eile, ach is beart frith-Ioslamach atá ann i ndeireadh gach feide. Is le gach duine a chorp, nó a corp féin, seachas do rogha aibíde a chaitheamh!

Is tútach an mac é an tuata.

Tiocfaidh anseo. Nárbh fhearr glacadh leis an scéal mar atá – ar son an chúpla dosaen a chaitheann í – agus nach raibh ár ndóthain de bhacanna againn cheana?

Agus cad a dhéanfaimid ar aon nós nuair a bheidh an Chailifeacht i réim?