Ag iarraidh na nithe beaga a chaomhnú


Bíonn achainí ar son an nádúir le feiceáil go minic ar an teilifís, ar líne, i gcló: sábháil an srónbheannach; sábháil an míol mór; sábháil an tíogar; sábháil an liopard sneachta. Tugtar le fios dúinn go dtig linn, le cúpla pingin, bás ainmhí amháin a sheachaint agus dúichí traidisiúnta seilge agus cónaithe a chaomhnú. Cá bhfuil an duine le dúil sa dúlra nach cás leis an gaineamhlach, na sléibhte arda, an mhuir, machairí móra na cruinne agus gach a gcónaíonn iontu?

Ach is doiligh agus ródhoiligh do mhisneach a choinneáil. Tá na hainmhithe sin agus a gcuid tailte chomh fada sin i gcéin.

Mar sin féin, níl muid gan tioncar ar ár ndúichí féin. Chonaic mé bolb an lá faoi dheireadh agus é ar an chosán. Is ag dul i dtreo an bhealaigh mhóir a bhí sé – fásach mór sin na coincréite – agus gan i ndán dó ach an bás.

Bhí nuachtán liom agus d’éirigh liom an bolb a cheapadh ar na leathanaigh agus é a chur ar ais i measc na mbláthanna fiáine taobh an bhealaigh mhóir. (Agus deir siad nach bhfuil feidhm le páipéar?!)

READ MORE

Ní mórán é i scéal an dúlra – ach tháinig sé slán don lá sin. Nó sin a shíl mé. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur chuala mé an struiméalaí ar obair sa ghairdín chéanna, gairdín seantí gan chónaí ann.

Bhí úinéir an tí ag lomadh na neantóg; bhí sé ag gearradh siar fiailí san áit ar leag mé an bolb tamall gairid roimhe sin. Cad é a d’éirigh don bholb sa deireadh?

PÓM