Seisiún oiliúna do mhúinteoirí Gaeilge sa Tuaisceart

Cruinniú ar an Iúr


Fadó, fadó, fadó, nuair a rinne mé féin rud beag teagaisc i nGaeilge ar bhonn deonach, tugadh lámhscríbhinn – sea, lámhscríbhinn – dom mar théacs teagaisc.

Bhí orm an lámhscríbhinn a chóipeáil de láimh agus í a thabhairt ar ais don té ar leis í. Béal Feirste na 1980í a bhí ann ach chleacht muid nósanna na Meánaoise – ag gach bó a lao...

Ina dhiaidh sin, bhí mé saor leis an rang a theagasc agus gach aon “d’éirigh Seán ag a hocht a chlog agus nigh sé é féin”.

Tá forbairt i ndiaidh teacht ar chúrsaí do mhúinteoirí – deonacha agus eile – ó shin.

READ MORE

Tá Teastas Eorpach na Gaeilge (www.teg.ie) ar an tsaol le fada.

Is é atá ann ná córas cáilíochta a thugann aitheantas agus deimhniú oifigiúil do dhaoine as a gcumas sa Ghaeilge.

Tá siollabais agus scrúduithe TEG ag teacht leis na leibhéil atá leagtha amach sa Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, cáipéis atá mar bhunús le formhór na siollabas agus na scrúduithe teanga.

Tá rún ag lucht TEG scéim phíolótach a chur ar bun le lucht teagaisc sa Tuaisceart.

Tá seisiún eolais á reáchtáil acu agus ag Gael Linn le múinteoirí a chur ar an eolas faoin chóras agus le plé a dhéanamh ar aon riachtanais oiliúna agus tacaíochta atá acu.

Beidh an seisiún ar siúl i nGaeláras Mhic Ardghail, Lárionad Gaeilge an Iúir, Co. an Dúin, amárach ag 7 p.m. Eolas: iurcinntra@cnag.ie

PÓM