Moltar na múinteoirí ar maidin

Ba bhoichte saol na Gaeilge gan lucht teagaisc


Cad é an post is measa in earnáil na teanga?

Post mar pholaiteoir? Caithfidh tú éisteacht le lucht na Gaeilge i mbun gearáin – ach tá an t-airgead an-bhreá mar chúiteamh!

Post mar fheidhmeannach? Caithfidh tú éisteacht le lucht na Gaeilge agus le polaiteoirí – agus níl an t-airgead go díreach chomh maith le tuarastal polaiteora ach tá sé níos fearr ná pá mórán eile.

Post mar ghníomhaí teanga? Caithfidh tú éisteacht le lucht na Gaeilge i mbun gearáin – agus níl an t-airgead chomh maith le tuarastal polaiteora nó feidhmeannaigh – ach tig leat tabhairt amach do pholaiteoirí agus d’fheidhmeannaigh agus is fiú cúpla punt é sin.

READ MORE

Post mar mhúinteoir? Caithfidh tú éisteacht le lucht na Gaeilge i mbun gearáin, le polaiteoirí i mbun gearáin, le feidhmeannaigh i mbun gearáin, le gníomhaithe i mbun gearáin, le tuismitheoirí i mbun gearáin, le daltaí i mbun gearáin, le hiriseoirí i mbun gearáin – agus is cuma faoin tuarastal mar níl an oiread sin óir nó airgid ar domhan ann agus a chúiteodh do chluasa.

Mar sin de, bíodh paidir agus dea-ghuí agus eile againn uilig go léir don mhúinteoir Ghaeilge agus bliain eile scoile le tosú. Bíodh grá againn don mhúinteoir sa Ghaelscoil, sa bhunscoil, sa mheánscoil, sa choláiste nó eile atá ag tabhairt faoi bhliain eile teagaisc. Níl sé éasca Gaeilge a theagasc do dhaltaí doicheallacha nó tábhacht an ábhair a mhíniú do thuismitheoirí uaillmhianacha. (“Sea, tá an Ghaeilge go deas ach ní bhfaighidh Johnny beag jab léi.”)

Moladh ar maidin leis na múinteoirí. Ba bhoichte saol na Gaeilge gan iad.