‘Níl sé maith go leor caomhnú na Gaeilge a fhágáil ag doras na scoile’

Scéim nua ag Glór na nGael i gcomhpháirtíocht leis an Cumann Lúthchleas Gael do chlubanna CLG

FOCLÓIR: comhdhaonnach - social; deontas - grant; socruithe - arrangements; líonraí - networks; eiseamlár - example; ceannaireacht - leadership; uileghabhálach - comprehensive, ionchur - input.

Beatha teanga í a labhairt. Is fíor don seanfhocal gan amhras. Ach i dtír ina bhfuil mórán deacrachtaí polaitiúla, comhdhaonnacha agus cultúrtha le réiteach ag daoine atá ag iarraidh teanga mhionlaigh a labhairt, bíonn iarrachtaí ar leith, nó socruithe ar leith, ag teastáil chun deiseanna labhairt na teanga sin a chothú .

Is chuige sin a d’fhógair Glór na nGael le gairid go bhfuil deontais suas le €1,000 le bronnadh ar chlubanna Chumann Lúthchleas Gael (CLG) ar spéis leo clár oibre a chur i bhfeidhm le labhairt na Gaeilge a spreagadh i saol na mball.

“Aithnímid gurb é an teaghlach an áit is tábhachtaí leis an Ghaeilge a chaomhnú do na glúinte atá le teacht,” a dúirt Marcas Mac Ruairí atá ina bhainisteoir forbartha le Glór na nGael.

READ MORE

“Níl sé maith go leor caomhnú na Gaeilge a fhágáil ag doras na scoile.”

Tá sé léirithe sa taighde go bhfuil géarghá le líonraí pobail agus gnó a spreagadh agus a láidriú má táthar chun treisiú leis an teanga mar theanga a labhrófaí sa phobal. Thabharfaí “líonra teanga” ar dhream daoine a mbíonn caidreamh suntasach acu lena chéile tríd an teanga ach nach mbíonn gach réimse dá saol á chaitheamh acu tríd an teanga sin go fóill.

D’fhéadfaí a rá gur céim iad na líonraí i dtreo phobal teanga níos iomláine.

Tá eiseamláir san obair mhór atá déanta ag muintir Charn Tóchair i gContae Dhoire le 30 bliain anuas: gur féidir iarrachtaí fónta a dhéanamh an Ghaeilge a athshealbhú ach an cheannaireacht áitiúil agus na tacaíochtaí cuí a bheith ar fáil don phobal.

Scéim
Tá an deontas nua seo eagraithe faoi scéim 'Teanga Tí' Ghlór na nGael.

Dar ndóigh, tá cur chun cinn na Gaeilge mar chuid d’fhealsúnacht Chumann Lúthchleas Gael freisin agus is bealach é an scéim seo don eagras chun a bheith níos rannpháirtí in eachtra mhór na hathbheochana.

Tá seantaithí ag Glór na nGael ar a bheith ag obair as lámh a chéile le clubanna an CLG freisin agus tuigtear an tábhacht a bhaineann le freastal ar leith a dhéanamh ar an aos óg ó thaobh na teanga de.

“Tá sé tábhachtach go mbeadh deis ag páistí teacht le chéile agus bualadh le páistí eile atá ar chomhaois leo agus a fheiceáil go bhfuil daoine eile amuigh ansin atá á dtógáil trí mheán na Gaeilge chomh maith,” a dúirt Mac Ruairí.

“Tráth dá raibh bhíodh sé uaigneach go leor an teaghlach a thógáil trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Go minic bhí páistí á dtógáil le Gaeilge agus ní raibh teaghlaigh ar bith eile sa cheantar á dtógáil amhlaidh agus tá sé tábhachtach go bhfoghlaimeodh na páistí sin ag aois óg gur rud nádúrtha é an Ghaeilge a labhairt.”

Is scéim thacaíochta de chuid Ghlór na nGael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a chuireadh ar fáil do chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.

Cabhraíonn Glór na nGael le clubanna nuair atá plean teanga á dhréachtú. Bailítear eolas maidir leis na riachtanais agus na mianta atá ann ó thaobh na Gaeilge de.

“Bíonn gach plean dréachtaithe chun freastal ar riachtanais an chlub féin. Ní chuirtear teimpléad uileghabhálach amháin i bhfeidhm ar gach club sa tír,” a dúirt Mac Ruairí.

“Ag leibhéal iontach bunúsach, b’fhéidir go mbeadh an plean ag plé le comharthaíocht agus le feiceálacht na Gaeilge sa chlub. Ag leibhéal níos ardréime, b’fhéidir go mbeadh sé ag plé le stádas na Gaeilge sa chlub agus úsáid na Gaeilge ag cruinnithe coiste, agus úsáid na Gaeilge nuair atá fógraí poiblí á dhéanamh le linn cluiche mar shampla. Tig le cuid mhaith rudaí a bheith i gceist leis an bplean.”

Bíonn cuid de na pleananna i roinnt de na clubanna ag iarraidh pobail le teaghlaigh labhartha Gaeilge a chothú i bpobal an chlub.

“Ag an bpointe seo tá 187 club ag glacadh páirte i bFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus tá plean (teanga) cúig bliana scríobhtha ag 36 acu siúd.”

Chun cur isteach ar an deontas nua is gá ar a laghad imeacht amháin Gaeilge a eagrú in aghaidh na míosa ar feadh deich mí. Cuirfear comhairle ar fáil d’aon chlub atá ag iarraidh cur isteach ar an scéim ach teagmháil a dhéanamh le Glór na nGael.

Ní neart go cur le chéile
Tá sé ceanneagras aitheanta ag Foras na Gaeilge ar a bhfuil freagracht ar réimsí éagsúla in obair na Gaeilge.

Is iad sin: Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, Gaeloideachas, Cumann na bhFiann agus Gael Linn.

Ó thaobh Ghlór na nGael de, tá freagracht ar leith ar an eagras i dtrí réimse ar leith: cur chun cinn na Gaeilge imeasc gasraí pobail, sa teaghlach agus imeasc lucht fiontraíochta agus gnó.

Tá sé ráite ag saineolaithe a rinne staidéar ar ilteangachas agus ar pháistí atá á dtógáil le teanga nach í an mhórtheanga sa phobal í, gur gá líonraí a chruthú agus go mbeadh na líonraí sin ag forbairt agus ag fás ina bpobail bheaga féin.

Mar a deir Mac Ruairí, tá sé “thar a bheith tábhachtach” daoine sa phobal a chumasú ó thaobh acmhainní agus áiseanna a chur ar fáil dóibh chun gur féidir leo dul chun cinn a dhéanamh ina bpobal féin.

Ach tá an cheannaireacht áitiúil ríthábhachtach. “Nuair atá grúpa daoine mar sin agat is féidir a chintiú go rachaidh an obair ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile agus an chéad ghlúin eile arís. Ach, má bhímid ag brath ar ionchur ón taobh amuigh amháin, is beag rath a bheidh air.”

Tá oifigigh fhorbartha an eagrais ar fáil le comhairle a thabhairt d'aon chlub atá ag iarraidh bheith rannpháirteach sa scéim. Le bheith san áireamh don deontas nua-fhógartha caithfidh clubanna bheith cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Tuilleadh eolais: marcas@glornangael.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.