Creideamh agus cine

Luaitear an creideamh i gcónaí, ach is annamh a luaitear an cine

An té a bhfuil suim aige in imeachtaí an domhain bhréanaigh is dícheall dó teacht ar aon eolas cruinn maidir le cad é go díreach atá ar siúl. Mar shampla, beidh na Meiriceánaigh agus na Sasanaigh ag cúlú as an Afganastáin agus tá an chuma air go bhfuil an Talaban ag scuabadh leo chun ceannais a fháil ar ais ar an tír. Tá sin go holc is tá sin go holc, ach cad é go díreach atá ar siúl?

Is ea, tá an Talaban gránna agus barbartha agus seicteach agus scanrúil, ach cé hiad, agus cén fáth a bhfuil siad mar atáid? Is é an freagra gnáith ná gur bunchreidmhigh Ioslamacha iad atá ag iarraidh an leagain is déine de dhlí Sharia a chur siar ar chách. Luaitear an creideamh i gcónaí, ach is annamh a luaitear an cine.

Is í an fhadhb ná, faoi bhun sciar maith ded shaol a chaitheamh ag iomrascáil agus ag tóch sna ceisteanna seo, nach mbeidh tú choíche ábalta ar níos mó ná scríobadh ar bharra. Dá fheabhas é snámh agus tumadh san idirlíon, agus leabhair a léamh, agus blaganna a iniúchadh is eol duit má ardaíonn tú ciseal amháin go bhfuil ceann eile ag feitheamh leat laistíos. Dá mhéid mo chuidse tochais ar ghearb na hAfganastáine tuigim go maith nach sroichfead an bun go deo.

Ach uaireanta bíonn ort tarraingt ar scáileanna do thuisceana agus ar do thaithí ar thíortha a bhfuil níos mó eolais agat ina dtaobh d’fhonn smut de léargas a fháil. Cé gur troideadh ar son creidimh riamh anall, níor faic iad ar ghualainn na gcogaí ina raibh creideamh agus cine le chéile mar bhun an aighnis iontu. Nuair a nasctar creideamh agus cine le chéile is buachloch thar a bheith cumhachtach é a scuabann an stair leis.

READ MORE

Abair cogadh tríocha bliain ollmharfach na hEorpa 1618-48, cé go luaitear reiligiún leis is mó fós a bhain sé le cluiche cumhachta idir na hapsburgairí agus na búrbons a bhain leas as náisiúntacht a ngéillsineach mar ghairm chogaidh. Nó Sasana féin arb é an Protastúnachas, nó le bheith níos cirte, an frithChaitliceachas a thiomáin a chuid féiniúlachta. Agus ní ar son an dia Quatxalcoatl amháin a bhí na hAstacaigh ag troid nuair a chinn Cortés agus a chuid amhas iad a scrios.

Chuige sin m’amhras nuair a ghabhaim ag coraíocht le Boko Harem in oirthuaisceart na Nigéire, agus i dtíortha i ngar dóibh. Is ea, tá leagan dian dá gcreideamh á gcomáint, ach laistigh den ghurd sin tá na Canúraigh, an ‘treibh’ a shíleann go bhfuil dearmad déanta orthu ag an rialtas. Bhíodh fearann neamhspleách acu féin go dtí gur teascadh é sa roinnt creiche a dhein na Briotanaigh na Francaigh agus na Gearmánaigh air. Sa phlé coiteann, déantar dearmad go bhféadfadh aon rud eile seachas creideamh a bheith i gceist.

Mar a chéile é leis na Róihinsí sa Mhaenmar, Moslamaigh iad atá faoi chois ag na Búdaigh dheasa, gan aon lua ar éigean gur náisiún faoi leith iad ar casadh roth na staire ina n-aghaidh.

De sin easpa eolais ar an Afganastáin. Formhór na dTalaban is Paistiúnaigh iad. B’iad thar aon dream eile a ruaig na Briotanaigh amach as an tír sa 19ú haois, agus a lagaigh na Sóivéadaigh chomh mór sin gurbh éigean dóibh imeacht in 1989. B’iad ba mhó a chothaigh an cheannairceacht in aghaidh an ghabháltais is déanaí agus a mbeidh deireadh anois leis sar i bhfad.

Géaraíonn agus méadaíonn an cos-ar-bolg ar thoise an chreidimh mar shiombail sainiúlachta i bpobal ar bith. Tharla sé anseo. Ach is fairsinge agus is domhaine ná dílseacht do na déithe amháin a bhíonn in aon chogadh gránna. Aithnítear an méid sin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar