‘Ag machnamh ar cheird na foclóireachta’

Comórtas nua ainmnithe in ómós don fhoclóirí mór le rá Niall Ó Dónaill

FOCLÓIR: Seift - device; aitheantas - recognition; aiteach - queer; duaischiste - prizefund; scríbhneoirí aitheanta - well-known writers; deiseanna - opportunities; tur - dry; ionchuimsitheach - inclusive; ciclipéid - encyclopaedia.; sluafhoinsiú - crowd sourcing.

Ar go leor bealaí is seifteanna tábhachtacha iad comórtais litríochta. Tugann siad aitheantas agus poiblíocht do chruthaitheacht agus do bharr feabhais scríbhneoireacht na mbuaiteoirí.

Ach cé gur minic gur scríbhneoirí aitheanta a bhíonn chun tosaigh i liostaí na mbuaiteoirí, tugann comórtais den chineál seo deis freisin do scríbhneoirí óga a gcuid oibre a chur i lár an aonaigh den chéad uair.

Glacann Oireachtas na Gaeilge an cúram air féin an comórtas is mó i saol na Gaeilge a reáchtáil gach bliain agus tá beagnach €30,000 de dhuaischiste roinnte ar 29 comórtas ar chlár na bliana seo. Tá beagnach leath de na comórtais sin (14) ceapaithe do scríbhneoirí óga.

READ MORE

Bonn Néill Uí Dhónaill
Dar ndóigh ní h-é comórtas Oireachtas na Gaeilge an t-aon comórtas dá bhfuil ann. Bíonn caoi i gcónaí ann deiseanna (agus duaiseanna) nua a chruthú agus is chuige sin, don chéad uair, i mbliana a reáchtáil Rannóg Fhoclóireachta Fhoras na Gaeilge comórtas idirnáisiúnta nua aistí, mar atá, "Bonn Néill Uí Dhónaill".

Bhí sé i gceist leis an gcomórtas seo spéis san fhoclóireacht a spreagadh i mic léinn an tríú leibhéil. Cuireadh fáilte roimh aistí acadúla i réimse na foclóireachta ó scoláirí triú leibhéal ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.

Fógraíodh an buaiteoir i mí an Mheithimh agus bhronn Ambasadóir na hÉireann sa Ghearmáin, Nicholas O’Brien, Bonn Néill Uí Dhónaill ar Thadhg Mac Eoghain a bhain an chéad áit amach, ag ócáid in Ambasáid na hÉireann i mBeirlín.

Ghnóthaigh sé an phríomhdhuais tar éis dó aiste dar teideal “Foclóireacht, Aiteacht, Coimíneacht” a scríobh inar phléigh sé An Foclóir Aiteach, a stair, agus na deiseanna a bheidh ann amach anseo do cheird na foclóireachta i gcoitinne.

Rinne sé plé freisin ar na bealaí ar féidir sluafhoinsiú a dhéanamh ar shaineolas teanga agus foclóireachta agus an teicneolaíocht á húsáid.

Rinne Tuarascáil teagmháil le Mac Eoghain le déanaí.

“D’fhás mé aníos i Massachusetts ach bhí mé i mo chónaí i Nua Eabhrac ar feadh 10 mbliana sular tháinig mé go Beirlín. Idir an dá linn, chaith mé blianta i gCeanada, sa tSín agus san Eoraip. Ní thig liom fanacht in áit amháin, is dóigh,” a dúirt Mac Eoghain.

“Bhí gnéithe den chultúr Gaelach beo i mo theaghlach (tá a fhios agat, Gael-Mheirceánaigh mhórcheantar Bhostúin), go háirithe ceol agus fiú an Ghaeilge ina measc.

“Is mar sin a chuir mé suim sa teanga, agus bhí focail agus frásaí agam chomh fada siar agus is cuimhin liom. Tá dúil mhór agam sna teangacha i gcoitinne, ach bhí mé tógtha leis an nGaeilge ó bhí mé an-óg.

“Bhí mé i mbun taighde ar an ábhar cheana féin, agus mar sin cheap mé go mbeadh sé chomh maith agam aiste a chur isteach,” a dúirt sé.

“Is é ábhar mo thráchtais ná friotal agus téarmaíocht ionchuimsitheach agus an pobal LADTA+.”

Rinne Mac Eoghain teagmháil le Laoighseach Ní Choistealbha, a scríobh An Foclóir Aiteach, chun breis eolais a fháil uaithi faoi. Sheol Laoighseach, a bhí ina Leas-Uachtarán don Ghaeilge in Aontas Mac Léinn in Éirinn ag an am, an fhoclóir mar thionscnamh leanúnach i 2018.

“Léirigh sí aiféala go raibh a lán rudaí le leasú agus le feabhsú san fhoclóir agus d’iarr sí orm mo chuid taighde a úsáid chun eagrán nua den fhoclóir a chur i dtoll a chéile.

“Is ansin a thosaigh mé ag machnamh ar cheird na foclóireachta féin agus todhchaí An Foclóir Aiteach.”

“Bíonn an téarmaíocht, coincheapa faoi fhéiniúlachtaí agus an díospóireacht faoi inscne ag forbairt go gasta sa phobal aiteach, agus ní mór acmhainní a bheith againn atá cruinn agus cothrom le dáta le go mbeidh muid in ann díospóireachtaí a sheoladh trí mheán na Gaeilge agus chun spás a dhéanamh do dhuine ar bith i saol na Gaeilge, beag beann ar a (bh)f(h)éiniúlacht inscne nó a (g)c(h)laonadh gnéis,” a dúirt sé.

Ní raibh súil ar bith aige go mbainfeadh sé an chéad áit amach sa chomórtas - ach go háirithe de bharr gur in ómós don fhoclóirí mór le rá Niall Ó Dónaill (a bhí ina eagarthóir ar an bhfoclóir cáiliúil Foclóir Gaeilge-Béarla in 1977) a ainmníodh an duais.

“Ní raibh mé cinnte céard a bheadh an painéal roghnaithe ag súil leis. Cheap mé b’fhéidir nach mbeadh sé cuí aiste a scríobh faoin bhfoclóireacht dhigiteach chun foclóir clóite a chomóradh, ach tá mé iontach sásta gur thaitin mo chuid smaointe leo.

Coimíneacht
Is éard is coimíneacht ann ná modh oibre daonlathach inar féidir le haon duine plé leis, a fhad is go gcloítear le rialacha nó coinbhinsiúin áirithe. Sampla is ea an Vicípéid (ciclipéid arlíne ar féidir le cách í a chur in eagar) den choimíneacht.

Tá Mac Eoghain ag obair mar shaoraistritheoir i mBeirlín anois agus is ball den chomharghnó Guerrilla Translation é chomh maith.

“In Guerrilla Translation, bíonn muid ag plé leis an gcoimíneacht go minic. Tá leabhair agus a lán téacsanna eile aistrithe againn faoin ábhar, agus spreag an obair sin mé chun machnamh a dhéanamh faoin ról a d’fhéadfadh a bheith ag an gcoimíneacht dhigiteach i bhfoclóireacht na Gaeilge.

“Tá réimsí tábhachtacha ann ina bhfuil an stór focal Gaeilge fós easnamhach - an ciníochas nó an mheabhairshláinte, mar shampla. Mholfainn do dhaoine a bhfuil suim acu cur le saibhreas na Gaeilge nua-aoisí foghlaim faoi cheird na foclóireachta, úsáid a bhaint as na hacmhainní atá againn cheana féin agus páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt na teanga.”

An molfadh sé d’éinne cur isteach ar an gcomórtas an chéad bhliain eile?

“Mholfainn, cinnte! Ar dtús cheap mé gur ábhar tur a bhí san fhoclóireacht, ach anois feicim gur slí isteach í chun páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt na teanga.

Seo liosta de na haistí a bhuaigh duaiseanna:

Tadhg Mac Eoghain (Ollscoil Mhá Nuad) - Idirnáisiúnta & Príomhdhuais - Foclóireacht, Aiteacht, Coimíneacht

Máirín Mackinnon (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) - Cúige Chonnacht - Luach na hAnailíse Comparáidí san Fhoclóireacht

Ella Archbold (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) - Cúige Laighean - Ar thóir an fhocail sa ré dhigiteach

Danielle Ní Néill (Ollscoil na Banraíona) - Cúige Uladh - Focail atá fágtha ar lár - Ó Fhoclóir an Duinnínigh go Foclóir Uí Dhónaill

Is féidir teacht ar an bhFoclóir Aiteach anseo:

usi.ie/focloir-aiteach/

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.