‘Fís uaillmhianach’ curtha i láthair ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Ar intinn acu go neartófar stádas na Gaeilge san Ollscoil

FOCLÓIR: Tairseach - threshold; earnáil - sector; ardmheas - high regard; seasamh - standing; saíocht - learning; dualgas - responsibility; riachtanas - requirement; caidreamh - relations; teaghlach - household/family.

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh suite ar thairseach Ghaeltacht Chonamara. Ollscoil í a bhfuil seasamh aici i meon an phobail agus in earnáil tríú leibhéal na hÉireann.

Tá ardmheas ar an obair agus ar an taighde a dhéantar ar shaíocht agus ar shaol na Gaeilge i ranna na hOllscoile - in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, in Ionad an Léinn Éireannaigh agus i Roinn na Gaeilge.

Dar ndóigh, tá dualgas reachtúil uirthi freisin ó thaobh na Gaeilge de le fada an lá. Tá ar údarás ceannais an choláiste a chinntiú go mbeadh soláthar oideachas trí mheán na Gaeilge mar cheann de phríomhaidhmeanna an Choláiste.

READ MORE

Ach le blianta beaga anuas tharraing cinntí a glacadh san Ollscoil conspóid - ach go háirithe nuair a cinneadh i 2016 deireadh a chur leis an riachtanas an Ghaeilge a bheith ag Uachtarán an choláiste. In Aibreán na bliana seo cuireadh deireadh leis an riachtanas Gaeilge a bhain le poist riaracháin ar ghráid 1-3 san Ollscoil.

Is mór an aird mar sin atá ar Straitéis na Gaeilge 2021-2025 a d’fhoilsigh an Ollscoil le gairid. Straitéis í lena bhfuil sé i gceist “pobal Gaeilge na hOllscoile a mhéadú agus stádas na Gaeilge san Ollscoil a neartú”.

Labhair Tuarascáil le duine de na húdair, Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh.

“Tá muid ar son an phobail ar an gcéad dul síos,” a dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh.

“Tá éagsúlacht ag baint le Gaillimh nach bhfuil in áiteanna eile agus is buntáiste é sin. Níl aon ollscoil eile in Éirinn ar bhruach na Gaeltachta nó i gcroílár na Gaeltachta mar atá muidne. Agus níl mórán ollscoileanna eile ar fud an domhain go bhfuil an caidreamh sin acu le mionteangacha agus teanga náisiúnta agus atá againne.”

Méadú
Rud atá suntasach faoin straitéis seo ná nach ar mhic léinn Dhámh na Gaeilge amháin atá sí dírithe.

“Tá sé an-tábhachtach ó thaobh saol trí Ghaeilge a bheith ag daoine,” a dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh.

“Ní amháin go mbeadh siad in ann saol sa teaghlach a bheith acu trí Ghaeilge ach an saol oibre agus saol staidéir a bheith acu trí Ghaeilge freisin. Sin rud atá muid ag iarraidh cur chuige agus a chur chun cinn.”

Tá sé i gceist cur le réimse na n-ábhar a mhúintear trí Ghaeilge san Ollscoil ach nach mbaineann go sonrach le staidéar na Gaeilge.

“An rud a theastaíonn uainn anois ná go mbeadh níos mó á thairiscint againn trí Ghaeilge. Tá roinnt smaointe againn faoi sin. Tá an Fhraincis ar fáil cheana féin agus tá muid anois ag smaoineamh ar mhatamaitic a chur ar fáil trí Ghaeilge,” a dúirt sé.

Tá sé i gceist ag an Ollscoil cúrsaí idir-dhisciplíne a dhearadh i réimsí nua freisin agus déanfar fiosrú faoi mhodúil nua a thairiscint trí Ghaeilge.

“Tá an fhoireann atá ann cheana féin in ann modúil mar sin a chur ar fáil. Beidh muid ag déanamh suirbhé ar mhic léinn dara leibhéil le go bhfeicfidh muid cá bhfuil an t-éileamh. Beidh bolscaireacht láidir á dhéanamh againn faoi sin i nGaillimh,” a dúirt an tUachtarán.

Cumas Gaeilge
Tá sé i gceist faoin bplean go mbeadh mic léinn in ann a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge leis an Ollscoil, cuma cén t-ábhar atá idir lámha acu, agus beidh sé ina dhualgas ar an Ollscoil freastal a dhéanamh ar phobal na Gaeilge dá réir.

“Tá sé i gceist againn go mbeidh gach uile sheirbhís sna haonaid agus sna coláistí, sna scoileanna féin [ar fáil trí Ghaeilge agus] go mbeidh duine amháin ar a laghad ann a mbeadh an Ghaeilge ar a thoil aige,” a dúirt an tUachtarán.

Foilsíodh an straitéis go gairid tar éis don Ollscoil deireadh a chur leis an riachtanas Ghaeilge a bhain leis na poist riaracháin. Cén fáth go raibh gá le sin agus cén chaoi a dtagann na spriocanna atá sa straitéis leis an gcinneadh sin?

“Saghas fealsúnachta a bhí ansin, ar bhealach,” a dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh.

Dar leis go mbeadh sé “i bhfad níos fearr” go mbeadh daoine san Ollscoil le Gaeilge ar a dtoil acu a bheadh sásta an obair a dhéanamh trí Ghaeilge.

“Ba fhealsúnacht é maidir le bheith dearfach faoin nGaeilge seachas bheith diúltach faoi.”

Faoin straitéis nua déanfar staidéar tráthrialta ar chumas aonad agus fostaithe na hOllscoile seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Aithneofar an Ghaeilge mar scil ar leith sna próisis earcaíochta agus leathnófar réimse na ranganna atá ar fáil don fhoireann agus do na mic léinn.

“Ceapaim gur athrú mór é sin ó thaobh fealsúnachta agus ó thaobh dearcaidh de,” a dúirt an tUachtarán.

Tá sé mar aidhm sa straitéis go mbeadh 20 faoin gcéad den fhoireann ghairmiúil in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ach, cén fáth nach féidir sprioc níos uaillmhianaí a shocrú?

“Ó mo thaobh féin de, is tús é sin seachas sprioc, seachas deireadh,” a dúirt an tUachtarán.

Is léir nach bhfuil sa straitéis ach céim amháin i bpróiseas fadtéarmach.

“Tá straitéis chúig bliana nó cheithre bliana anseo. Ina dhiaidh sin beidh muid ag rá ‘bhuel tá 20 faoin gcéad bainte amach againn anois, cad faoi chéatadán níos airde a bheith sa chéad straitéis eile’.

“Is bunchloch é - tús seachas deireadh más mian leat.”

Gealltar go leor sa straitéis nua, ach i measc na bhforbairtí is suntasaí tá sé i gceist go gceapfar Oifigeach na Gaeilge chun an straitéis a thiomáint. An tUachtarán Ionaid agus Meabhránaí - an dara duine is sinsearaí ar fhoireann bainistíochta na hOllscoile- a bheidh ag stiúradh obair an Oifigigh.

Braitheann go leor ar ndóigh ar an stádas agus an t-údarás a bhéas ag Oifigeach na Gaeilge.

Beidh an Ghaeilge ar chlár cruinnithe Údarás na hOllscoile go tráthrialta de réir moladh eile. Tá sé i gceist cur leis an tseirbhís ateangaireachta freisin agus tá plean ann foirgneamh nua a thógáil chun spás úr nua a chur ar fáil do phobal na Gaeilge ar an gcampas.

Ach b’fhéidir gurb é an rud is tábhachtaí ar fad ó thaobh feidhmiúcháin atá luaite sa phlean ná go bhfuil sé i gceist go gcloífí le sprioc ama leis na moltaí a chur i bhfeidhm.

“Rud a tháinig ón bpróiseas agus ón gCoiste Straitéiseach ná go gcaithfear sprioc ama a bheith leis na huaillmhianta seo mar ní fiú iad gan é sin,” a dúirt an tUachtarán.

“Tá muid tar éis [na moltaí] a roinnt i spriocanna gearrtéarmacha agus fadtéarmacha. Beidh an t-Oifigeach Gaeilge (an post) dhá fhógairt i mí Lúnasa agus ceapfar an duine sin laistigh den chéad téarma.”

Bunchloch
Bunchloch seachas buaicphointe atá sa straitéis seo. Tabharfar an straitéis anois go dtí an chéad chéim eile.

Bunófar Coiste Feidhmithe Straitéis na Gaeilge agus tá sé i gceist plean feidhmithe agus clár oibre soiléir a fhorbairt. Tá sé igceist freisin go gcuirfear tuairisc ar fáil d’Údarás na hOllscoile ar bhonn bliantúil.

Má chuirtear an straitéis i bhfeidhm mar atá beartaithe, ba cheart go dtiocfaidh forbairt shuntasach agus borradh mór faoi na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge san Ollscoil.

Is léir go bhfuil an tUachtarán sásta nach beart dodhéanta é a bhfuil sa straitéis thábhachtach seo a bhaint amach.

“Tá tacaíocht ann ó Údarás na hOllscoile agus an coiste straitéiseach ach is rud é maidir le híomhá na hOllscoile ó thaobh éagsúlachta agus ó thaobh cur chuige na hOllscoile atá an-tábhachtach, atá an-domhain agus an-dáiríre.”

Monuar nach bhfuil a leithéid seo de straitéis á feidhmiú in aon chuid den Státseirbhís!

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.