Fiche bliain ag Blas

‘Taisce cuimhní é, cuimhní pobail uathúla’


Tá an clár raidió, Blas, 20 bliain i mbun craoltóireachta. Ar an dáta seo, 20 bliain ó shin, a cuireadh tús le hirischlár Gaeilge de chuid BBC Raidió Uladh agus is iomaí sin ábhar a pléadh ar an chlár ó shin – cúrsaí polaitíochta, cúrsaí spóirt agus cúrsaí ceoil, gan ach dornán a lua.

Beidh na hábhair sin agus tuilleadh le plé i mbliana nó tá láithreoir nua, Caoimhe Ní Chathail, anois ag treabhadh an iomaire chéanna leis an fhoireann bhuan: Fearghal Mag Uiginn; Máire Bhreathnach agus Daithí Ó Muirí.

Tá spéis ag Ní Chathail sna meáin sóisialta, cúrsaí ceoil agus drámaíochta. Beidh a clár ar an Déardaoin ag díriú ar ábhar don óige, ar chúrsaí faisin agus taistil agus ar ábhar níos tromchúisí ná é.

Beidh fear mór an spóirt, Fearghal Mag Uiginn, i mbun cainte ar chúrsaí CLG agus eile oíche Luain; tabharfaidh Daithí Ó Muirí léargas ar chúrsaí ealaíon agus cultúir Dé Máirt agus cúrsaí polaitíochta agus reatha a bheidh faoi chúram Mháire Bhreathnach oíche Chéadaoine. Tosaíonn gach aon chlár ag 7 p.m.

READ MORE

Dúirt duine de bhunaitheoirí an chláir, agus Leas-Eagarthóir sa BBC, Róisín Ní Chéileachair gur líon “an clár bearna sa mhargadh ag an am, bunaithe ar éileamh ón lucht éisteachta. Tá súil againn gur thug muid ár lucht éisteacha linn ar feadh 20 bliain le cúiteamh agus gur spreag muid glúin úr fosta.

“Foireann il-ardáin a bhí ionainn sna luathbhlianta úd, agus is amhlaidh an cás anois. Athraíonn an teicneolaíocht, ach tá an cur chuige cruthaitheach céanna ann, agus muid i gcónaí ag cothú tallann úr agus ag tacú le traenálaithe do thionsclaíocht agus earnáil atá ag athrú i rith an ama.

“Agus mé ag amharc siar ar bhranda láidir atá i ndiaidh teacht slán trí 20 bliain de scéalta áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta, tá luach speisialta ag baint leis domsa, agus mé ag smaoineamh ar chumhacht an ghutha agus ar an pheirspictíocht uathúil agus ar an ionchur agus tionchar a bhí ag gach aoi ar dhuine éigin áit éigin. Is taisce cuimhní é, cuimhní pobail uathúla.”