An méid is lú seachas an méid is gá

In am ag an Aire Tithíochta cosaint a thabhairt don Ghaeltacht, a scríobhann Donncha Ó hÉallaithe

FOCLÓIR: Comhairleoirí contae - county councillors, coinníoll - condition, líofa - fluent, aguisín - addendum/postscript, treoirlínte - guidelines, cóngaracht -proximity, imscrúdú - investigation, anuraidh - last year, cnuasach - collection.

Cúpla seachtain ó shin bhí scéal mór ar na meáin náisiúnta mar gheall ar an ainm aisteach – ‘Pairceanna na Glas’ – a baisteadh ar eastát nua sa Daingean, Contae Chiarraí.

Bhí na comhairleoirí contae Gaeltachta agus gníomhaithe pobail oibrithe faoin ainm, agus údar acu.

Ach, céard faoin modh oibre a bhí ag Comhairle Contae Chiarraí maidir leis an gcoinníoll teanga ar an eastát a chur i bhfeidhm?

READ MORE

Comhairle Contae Chiarraí a leag coinníoll teanga ar an eastát ‘Pairceanna na Glas’, faoina gcaithfí sé cinn ar a laghad den 20 teach ar an eastát a choinneáil do dhaoine le Gaeilge líofa.

Ach de réir na dtuairiscí is trí Bhéarla a reáchtáladh an tástáil teanga!

Dhá bhliain ó shin d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga imscrúdú ar Chomhairle Contae Chiarraí maidir le ceist achrannach na gcoinníollacha teanga ar eastát tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh.

Mar aguisín leis an tuarascáil ar an imscrúdú, tá cáipéis spéisiúil de chuid an Chomhairle Contae ina bhfuil treoirlínte sách soiléir agus beacht leagtha síos maidir le fáil amach an bhfuil dóthain Gaeilge ag iarratasóir le coinníoll Gaeilge a shásamh.

Sé sin, foirm chuimsitheach i nGaeilge faoi chúlra teanga agus nósmhaireacht teanga an teaghlaigh le líonadh i dtosach agus agallamh thart ar 20 nóiméad ar an iarratasóir in oifigí an Chomhairle Contae.

Is léir nach bhfuil iontu ach treoirlínte ar pháipéar nach leantar.

Treoirlíne ón Aire
Seans go bhfuil fadhbanna i gcás limistéar Gaeltachta eile chomh maith.

Níl aon cheist le sonrú ar fhoirm iarratas Chomhairle Contae na Gaillimhe faoi chúlra ná cumas teanga na n-iarratasóirí, fiú amháin nuair is iarratas ar chead teach aonair a thógáil i gCois Fharraige atá i gceist. Mar is eol don domhan mór is áit í seo ina bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú de bharr a chóngaracht do Chathair na Gaillimhe.

Nuair nach dtugann na hudáráis aird ar a gcuid treoirlínte féin ná ar na cuspóirí ina gcuid pleananna forbartha maidir le cosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht, tá sé in am don Aire Tithíochta Darragh O’Brien rialacháin a dhéanamh faoi Alt 28 den Acht Pleanála.

Faoi láthair tá treoirlínte leagtha síos ag an Aire faoin mbealach ar cheart do na húdaráis phleanála cosaint a thabhairt do na crainn ach níl aon treoirlínte leagtha síos maidir le cosaint a thabhairt do ‘oidhreacht teangeolaíochta na gceantar Gaeltachta’.

I gcás forbairtí tithíochta sa Ghaeltacht theastódh treoirlínte a leagadh síos go soiléir maidir le (i) an fhoclaíocht ar an gclásal teanga; (ii) an tréimhse a bheadh an ceangal i bhfeidhm ar na háitritheoirí i dteach faoi choinníoll teanga agus (iii) an caighdeán Gaeilge a theastódh ag baint úsáid as córas TEG de chuid Mhá Nuad.

Dála an scéil, ní chreidim gur cheart coinníollacha teanga a úsáid i gceantair oifigiúla Gaeilge nach bhfuil aitheantas Gaeltachta ag an mbunscoil áitiúil. Ní bheadh ansin ach amaidí.

Theastódh treoirlínte chomh maith i gcás tithe aonair, sa gcaoi is nach bhféadfaí cead pleanála a thabhairt chun theach aonair a thógáil, beag beann ar chúinsí teanga, mar atá ag tarlú faoi láthair.

Theastódh go mbeadh sé ráite go soiléir chomh maith go mbreathnófaí go fabhrach ar iarratais ó chainteoirí líofa Gaeilge, cuma cé as iad, a bheadh ag iarraidh lonnú i gceantar ina raibh an Ghaeilge in úsáid, mar go neartódh sé an teanga sa gceantar sin.

Tá práinn ag baint leis an gceist seo. Tá pleananna nua forbartha á ndréachtú faoi láthair ag ceithre údarás pleanála a bhfuil limistéar Gaeltachta faoina gcúram: Gaillimh, Ciarraí, Port Láirge agus Corcaigh.

Tá Maigh Eo chun cinn orthu sa mhéad is go bhfuil an chéad dréacht de phlean forbartha Mhaigh Eo ar fáil cheana.

Tiocfaidh na pleananna nua forbartha i bhfeidhm an chéad bhliain eile.

Ar ndóigh beidh cuspóir ag gach ceann acu i dtaobh ‘chaomhnú oidhreacht teangeolaíoch na Gaeilge’. Gan treoirlínte beidh roinnt údaráis phleanála, cosúil le Ciarraí, ag déanamh an méid is lú seachas an méid is gá chun cosaint a thabhairt don Ghaeilge mar theanga phobail, sa gcuid bheag den Ghaeltacht ina bhfuil an teanga fós in úsáid.

Cur Chuige Níos Éifeachtaí
Dhá bhliain ó shin sheol Comhairle Contae Chiarraí freagra leithscéalach ar imscrúdú an Choimisinéir Teanga faoi chás Bhaile an Fheirtéaraigh.

‘Níl aon dabht’, a admhaíodh sa bhfreagra ‘ach go bhfuil rudaí le foghlaim i dtaobh coinníoll teanga a chur i bhfeidhm ar fhorbairtí den tsaghas seo agus tá an Chomhairle tiomanta chun athbheithniú a dhéanamh ar an gcur chuige agus ar chomhaontaithe Alt 47 ar mhaithe le slí níos éifeachtaí a aimsiú chun coinníollacha dá leithéid a chur i bhfeidhm amach anseo’.

Bhuel, cinnte tá slí níos éifeachtaí aimsithe ag Comhairle Contae Chiarraí: gan bacaint le foirmeacha a líonadh, cúlra agus nósmhaireacht teanga na n-iarratasóirí a fhiosrú ná agallamh 20 nóiméad a shocrú suas. Níl le déanamh ach ceist amháin a chur ar an iarratasóir: ‘Do you speak Irish’!

* Is údar agus gníomhaí teanga é Donncha Ó hÉallaithe

Ré úr don oideachas lán Ghaeilge?
D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley an tseachtain seo caite go raibh samhail satailíte nua don soláthar iar-bhunoideachais lán-Ghaeilge ceadaithe aici i nDún Dealgan.

Dar ndóigh, cuireadh fáilte mhór roimh an nuacht nuair a fógraíodh é. Is le fada an lá atá tuismitheoirí an bhaile sin ag streachailt chun tumoideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil dá bpáistí.

Mar a lúadh ag an am, is deis é seo chun samhail eile a iniúchadh a bhféadfadh leas a dhéanamh in áiteanna eile sa tír ina bhfuil éilimh ann don iar-bhunoideachas trí mheán na Gaeilge ach nach bhfuil sé indéanta Gaelcholáiste a bhunú ann faoi láthair.

Ríomhadh anuraidh, ar bhonn an ráta fáis atá ann, go dtógadh sé 110 bliain an t-éileamh ar Ghaelscolaíocht a shásamh dá leanfaí leis an gcóras aitheantais atá ag an Roinn Oideachais. Tá sé léirithe ag tuismitheoirí Dhún Dealgan gur féidir leis an stocaireacht an báire a chasadh.

Aistí Eorpacha 2 foilsithe
Tá cnuasach úrnua aistí leis an scríbhneoir Torlach Mac Con Midhe curtha i gcló ag Coiscéim. Bailiúchán aistí critice agus cultúir é a leanann Aistí Eorpacha a foilsíodh i 2015. Tá aistí aige sa dara chnuasach ina ndéanann sé plé ar an difear idir tuaisceart agus deisceart na hEorpa.

Tá aistí aige as Trieste i dtuaisceart na hIodáile, ón Tioróil Theas san Eilbhéis agus as Nice agus Strasbourg na Fraince imeasc áiteanna eile. Tá suíomh idirlín tógtha aige freisin áit ar féidir breis eolais a fháil (aistieorpacha.wordpress.com).

Torlach Mac Con Midhe, Aistí Eorpacha 2, BÁC, Coiscéim, 2021, 238 lch, €10