Is annamh a bhíonn polaiteoirí ar aon intinn lena chéile faoi mhórán rudaí. Bíonn orthu seasamh amach óna chéile, mianta a dtacadóirí agus a vótálaithe a shásamh agus polasaithe a bpáirtithe a chomhlíonadh.
Ní aon ionadh, mar sin, nach bhfeictear iad go rómhinic - go poiblí ar aon nós - agus iad ar aon dul lena chéile. Ach sin go díreach a tharla an tseachtain seo caite nuair a bhailigh ionadaithe na bpríomhpháirtithe le chéile in óstán faoi urchar méaróige den Dáil.
Ní chun lón a chaitheamh a bhíodar in Buswells Dé Céadaoin seo caite ach le freastal ar sheoladh fheachtas Imeasc. Feachtas é sin a bhfuil sé ina uaillmhian aige an córas a mhúnlú chun go n-éascófar bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fud na dlínse.
Is tuismitheoirí iad formhór de bhaill Imeasc a chaith na blianta ag feachtasaíocht ar son soláthar oideachais lán-Ghaeilge “gan mórán ratha”.
READ MORE
Deir siad go bhfuil “timpeallacht fhuar” cruthaithe do thuismitheoirí atá ag lorg oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí agus gur gá dualgas reachtúil a leagadh ar an Roinn Oideachais oideachas lán-Ghaeilge a sholáthar.
Ag labhairt di le Tuarascáil in óstán Buswells roimh thús an chruinnithe, dúirt Rachel de Bhailís, urlabhraí Imeasc, go bhfuil gá le hathrú sa dlí.
“Tháinig an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge amach cúig bliana déag ó shin. Agus as an méid sin ama, níor tháinig ach seacht nGaelscoil nua agus trí Ghaelcholáiste nua ar an bhfód,” a dúirt sí.
“Níl deis dá laghad againn cur le líon na ndaoine atá cáilithe agus líofa sa Ghaeilge sa státseirbhís gan scoileanna nua. Ní éireoidh leo [an sprioc a bhaint amach] gan an reachtaíocht a athrú.”
Ag labhairt ag an gcruinniú, dúirt Aidan Kinsella, atá ag feachtasaíocht le Imeasc le roinnt blianta, nár thuig formhór na dTeachtaí Dála ar labhair siad leo go raibh easpa reachtaíochta mar bhunchúis leis na constaicí córasacha atá ann.
Dá bhrí sin, tá Imeasc ag iarraidh ar an bpobal brú a chur ar a dTeachtaí áitiúla - trí imeasc.ie - tabhairt faoin athrú sin a bhrostú.
Tar éis chur i láthair Aidan Kinsella agus Rachel De Bhailís, labhair seisear polaiteoirí – meascán de Ghaeilge agus Bhéarla a bhí le cloisteáil - agus bhíodar uile ar aon intinn maidir leis an ngéarchéim. Naoise Ó Cearúil a labhair i dtosach.
Is Teachta Dála de chuid Fianna Fáil é Ó Cearúil i ndáilcheantar Chill Dara Thuaidh agus tá sé ina leas-Chathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de chuid an Oireachtais.
D’inis sé don lucht éisteachta faoina thaithí féin. “Bhunaigh mo thuismitheoirí féin Gaelscoil Uí Fhiaich i Maigh Nuad agus ba ag agóid lasmuigh de Theach Laighean a bhlais mé gníomhaíocht pholaitiúil den chéad uair,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Cearúil nach raibh ach sruth Gaeilge ar fáil sa mheánscoil áitiúil agus nach raibh oideachas trí Ghaeilge ar fáil aige ach go dtí an Teastas Sóisearach. Ina dhiaidh sin bhí air gach rud a fhoghlaim trí Bhéarla.
“Ní oibríonn an múnla sin,” a dúirt sé.
“Creidim féin nach n-oibríonn an sruth nó an tAonad [sruth lán-Ghaeilge laistigh de mháthair scoil Bhéarla]. Tá a fhios againn gurb é an tumoideachas an cur chuige foghlama is fearr do pháistí,” a dúirt sé.
Bhí baint aige féin le bunú Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad, agus dúirt sé gur thuig sé an frustrachas a mhothaíonn tuismitheoirí agus pobail atá ag iarraidh soláthar cuí Gaelscolaíochta a fháil.
“Creidim féin go pearsanta nuair atá scoil nua le bunú i gceantar éigin más bunscoil atá le bheith ann, gur cheart di a bheith ina Gaelscoil, agus más meánscoil atá le bheith ann, gur cheart di a bheith ina Gaelcholáiste,” a dúirt sé.
Murach na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí, dúirt Ó Cearúil nach mbeadh leithéidí Kneecap ná an Cailín Ciúin - nó dara hathbheochan na Gaeilge mar a thugann roinnt daoine air - ann ach an oiread.
“Caithfidh muid é sin a aithint. Ní leanfaidh sé seo go deo. Caithfidh muid a chinntiú go leanann muid orainn ag tabhairt [tacaíochta] don Ghaeilge.
Labhair an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú ina dhiaidh agus dúirt sí nárbh aon ionadh é go raibh an oiread sin i láthair ag an gcruinniú.
“Tá réabhlóid na Gaeilge ar siúl,” a dúirt sí. Dúirt sí go bhfuil gá le tacaíocht traspháirtí agus cé go bhfuil stádas bunreachtúil ag an nGaeilge sa Bhunreacht, go bhfuil gá a scrúdú a dhéanamh ar na fáthanna go bhfuil an chosaint sin in easnamh sa chur chuige in earnáil an oideachais.
“Tá seans amháin againn é seo a dhéanamh,” a dúirt sí.
Dúirt an t-iar-Aire Éamon Ó Cuív, “In 2003 thug muid isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla, in 2006 d’eisigh muid ráiteas an rialtais i leith na Gaeilge. Bhí deich gcinn nó cúig cinn déag de bhunphrionsabail leagtha síos. Ceann acu ná go mbeadh fáil ag daoine ar theastaigh sé uathu ar oideachas trí Ghaeilge. “
Ag tagairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dúirt sé: “Caithfidh mé a rá, b’shin 2010, seo 2026. Chuir an Roinn [Oideachais] a gcos i dtaca agus dhiúltaigh siad glan aon rud a dhéanamh.
“Tá an polasaí ann. Agus creidim anois go bhfuil gá le reachtaíocht. Theip ar pholasaí an rialtais gníomhaíocht a fháil, agus tá gá leis sa dlí. Sin an fáth nuair a tháinig Imeasc chugam go ndúirt mé go dtabharfainn tacaíocht dóibh.”
Labhair Teachta Dála Fhine Gael Catherine Callaghan agus urlabhraí Oideachais Shinn Féin, Darren O’Rourke, faoi na deacrachtaí atá ina gceantair féin ó thaobh soláthar an oideachas lán-Ghaeilge, agus labhair Teachta Dála ó pháirtí na nDaonlathaithe Sóisialta, Jennifer Cummins, chun tacaíocht a thabhairt don bhfeachtas freisin.
I bhfianaise easpa tola an Stáit, is í an taithí a fuarthas go stairiúil lasmuigh den Ghaeltacht gurbh iad tuismitheoirí páistí óga príomhghríosadóirí ghluaiseacht na Gaelscolaíochta.
Agus chomh gann is atá Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí sa tír i láthair na huaire, gan dúthracht na dtuismitheoirí sin, is beag a bheadh ann ar chor ar bith.
Nuair a chuirtear san áireamh na gealltanais, na huaillmhianta agus na straitéisí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha nár cuireadh i bhfeidhm i gcaitheamh na mblianta, tuigtear an fáth gur faoi thuismitheoirí a thiteann sé go minic tabhairt faoin bhfeachtasaíocht.
Ní fada uainn 2030 agus sprioc Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaithe na Státseirbhíse inniúil ar an nGaeilge, gan cuma air fós gur féidir leis an gcóras oideachais líon leordhóthanach d’iarscoláirí cáilithe a sholáthar in am.
Cinnte, is í an Stát a íocann tuarastail na múinteoirí agus a chóiríonn cuid de na scoileanna (ó am go chéile), ach mhaithfeá don té a cheapfadh gur le doicheall a bhreathnaítear ar an Ghaelscolaíocht sna ranna rialtais sin a bhfuil freagracht orthu as oideachas agus óige na tíre.
Bíonn sé ina phríomhsprioc ag gach páirtí polaitiúil an lámh in uachtar a fháil ar a chéile an chuid is mó den am, ach sa chás seo, is léir go bhfuil tuiscint traspháirtí ann go bhfuil gá le hathrú sa dlí.
Tuigfidh siad freisin go bhfuil na céadta míle páiste tar éis freastal ar Ghaelscoileanna le caoga bliain anuas, agus toradh amháin ar dhiansaothar a dtuismitheoirí sin ná go bhfuil glúin nua ann anois a thuigeann luach an Ghaeloideachais agus na constaicí leanúnacha atá ina choinne sa chóras.
Deir an nath, An rud is annamh is iontaí ach gan fhreagracht dhlíthiúil a leagadh ar an Stát, is é soláthar cuí an oideachais lán-Ghaeilge a bheadh ina fhíoriontas.
Foclóir:
tacadóirí - supporters
príomhghríosadóirí – main drivers
státseirbhís – civil service
sruth Gaeilge – Irish language stream
tosaíocht - priority
gealltanas – commitment.















