An Cadhnach i ré na Zúmála

Le tamall anuas tá aird an phobail mhóir dírithe arís ar Mháirtín Ó Cadhain

FOCLÓIR: Solas - light, léacht - lecture, teideal - title, cumasach - capable, comhaimseartha - contemporary, rannpháirteach - participating, sraith - series, iontaobhas - trust, clabhsúr - closure.

Tiocfaidh an 39ú ‘Léacht Uí Chadhain’ inár dtreo níos déanaí an tseachtain seo, le léacht ó mo chomhghleacaí ó Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Fionntán de Brún, dar teideal ‘Maighréad Nic Mhaicín, an Cadhnach agus comaoin an Domhain Thoir’.

Tá sé ar intinn ag de Brún solas a chaitheamh ar an tionchar a d’fhág an Domhan Thoir ar an gCadhnach agus ar Nic Mhaicín, aistritheoir agus teagascóir Rúisise aitheanta i gColáiste na Tríonóide. Criticeoir agus scoláire cumasach é de Brún a phósann léamh cáiréiseach saothair le saineolas ilseánrach liteartha. Tá áthas orm go bhfuil comaoin curtha ar léann litríocht na Gaeilge ach chomh beag, tríd an gcuireadh an léacht a thabhairt, len é a áireamh i measc an liosta iomráiteach cainteoirí ó thús na sraithe, agus tá an-ghealladh gur léacht iontach spéisiúil a bheidh ann.

Sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a thugtar Léacht Uí Chadhain gach bliain in ómós do dhuine de mhórscríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain (1905-1970). Dírithe ar phobal na Gaeilge trí chéile a bhí an léacht ón gcead lá, bíodh nach beag an gradam atá tugtha ag an tsraith do léann na Gaeilge thar na blianta. Go praiticiúil, tugtar cuireadh a bheith rannpháirteach i mbreogán litríochta agus léinn, áit a bhfeidhmíonn gach léacht mar thúsphointe díospóireachta a leanann, níos minice ná a mhalairt, trí fhoilsiú an ábhair in iris liteartha nó léannta tamall ina dhiaidh sin. Níor nós glacadh le ceisteanna ag deireadh na cainte, ach leas a bhaint as an bhfáiltiú iarléachta le tús ceart a chur leis na bplé; rud, gan amhras, nach mbeidh inrite i mbliana agus an léacht á seachadadh go fíorúil trí Zoom.

READ MORE

Chuir an tOllamh Breandán Ó Buachalla an tsraith ar bun mar chomóradh dheich mbliana ar bhás Uí Chadhain agus dhá sprioc aige: go ndéanfaí litríocht agus cultúr na Nua-Ghaeilge trí chéile a athbhreithniú agus go dtabharfaí léargas nua ar shaol agus ar shaothar Uí Chadhain. Éagsúlacht shuntasach mar sin, ó thaobh cúlra agus cur chuige, is túisce a shonrófar ach súil a chaitheamh ar liosta na n-údar a ghlac leis an gcuireadh an léacht a thabhairt thar na blianta, idir scríbhneoirí cruthaitheacha agus scríbhneoirí acadúla. Rogha mhaith ba ea an Cadhnach le buanna na nualitríochta trí chéile mar aon le cruacheisteanna faoi gcultúr a ionramháil i gcainteanna den chineál seo. Thug Máirtín Ó Cadhain léargas géarchúiseach ar phobal traidisiúnta na Gaeilge ina chuid scríbhinní éagsúla ach thug sé cuntas fuarchúiseach freisin ar a raibh i ndán don teanga agus a pobal. Aithnítear na léamhanna éagsúla critice atá déanta ar shaothar Uí Chadhain; plé a shaibhríonn an dioscúrsa a bhunaigh sé siúd lena scéalta.

Tá an léacht seo á tabhairt i mbliain cheiliúrtha Uí Chadhain, leathchéad bliain ó cailleadh é. Bíodh agus gurb é seo an chéad uair don ócáid a bheith ar Zoom, ní hé an chéad uair don Chadhnach a bheith á phlé go fíorúil. Rinneadh an-ghaisce le hócáid lae a chur ar bun i mí Mheán Fómhair nuair a pléadh Gearrscéalta an Chadhnaigh i gcomhfhiontar idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus foilsitheoirí ábhar an Chadhnaigh, Cló Iar-Chonnacht.

Le tamall anuas tá aird an phobail mhóir dírithe arís ar Mháirtín Ó Cadhain, a bhuíochas cuid mhaith le saothar Iontaobhas Mháirtín Uí Chadhain (máirtínócadhain.ie) agus freisin le hOllscoil Yale agus le CIC, a d’fhoilsigh dhá leagan Béarla dá mhórshaothar Cré na Cille, mar atá The Dirty Dust le Alan Titley (2015) agus Graveyard Clay le Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson (2016). Mar a dúirt an tOllamh Máirín Nic Eoin ina léirmheas ar an dara haistriúchán acu seo: ‘[T]he decision to commission two translations was a master stroke by Yale, as it avoids canonical status being attached to the first published English version and brings Cré na Cille to a worldwide readership in a manner that encourages ongoing engagement with the original text’ (The Irish Times, 9 Aibreán 2016).

Ar an gcéad iarracht de chlár comórtha na bliana seo, bhí clabhsúr le cur leis na himeachtaí le seoladh an leabhair, Léachtaí Uí Chadhain, an cheád leabhar ón bhfoilsitheoir acadúil nua Gaeilge, Cló Léann na Gaeilge (CLÓ); imleabhar toirtiúil tábhachtach a dhéanfaidh caomhnú ar thorthaí léannta na sraithe seo agus leagan de gach léacht ó 1980 go 2017 ceadaithe i gcnuasach de bhreis is 600 leathanach.

Ní bheidh sé inrite an leabhar a sheoladh faoi dheireadh na bliana, ach beidh sé réidh ó na clódóirí roimh Nollaig, agus seolfar an leabhar i dtús mhí Eanáir. Cloch shuntasach eile a bheidh ann ar charn Uí Chadhain i mbliain seo a chomórtha.

Ag cur gach rud san áireamh: an phaindéim, Zoom, vacsaín, agus eile, beidh deis clabhsúr ceart a chur le cuid den cheiliúradh seo faoin tráth go mbeidh an 40ú Léacht Uí Chadhain á reáchtáil i bhFómhar 2021. Beidh anam an Chadhnaigh breá slán i gcré a chille go dtí sin!

* Beidh ‘Léacht Uí Chadhain 2020’ ar siúl an Déardaoin seo ar a 7pm; tuilleadh eolais ag ucd.ie/icsf. Seolfar Léachtaí Uí Chadhain, céadsaothar CLÓ, in eagar ag Liam Mac Amhlaigh agus Caoimhín Mac Giolla Léith, i mí Eanáir 2021; tuilleadh eolais ag clo.ie.

Nótaí

Sraith nua: Craolfar an chéad chlár de shraith faisnéise nua 'An Teach Seo Againne' ar RTÉ1 Dé Luain 9 Samhain ar 7.30pm. Taifeadadh an tsraith thar thréimhse bliana. Díreofar isteach ar cheithre theaghlach aontuismitheora agus comhthuismitheora sa tsraith ceithre chlár. "Rothaí móra an teaghlaigh" a bheidh faoi chaibidil, agus feicfear cé mar a éireoidh le gach teaghlach tabhairt faoi na dúshláin a bhaineann le clann a thógáil le linn ceann de na tréimhsí is corraí i stair na linne seo.

de Gaulle: Ar TG4 beidh Doireann Ní Bhriain ag trácht ar chuairt an Ghinearál Charles de Gaulle ar Éirinn sa bhliain 1969. Tháinig sé ar cuairt díreach tar éis dó éirí as ina uachtarán ar an bhFrainc in Aibreán na bliana sin. Chaith sé tamall i Snaidhm i gCo Ciarraí agus tréimhse in Óstán Cashel House i gConamara sul a ndeachaidh sé go Baile Átha Cliath áit a raibh cruinniú aige le hUachtarán na hÉireann, Éamon de Valera. Craolfar an clár ar Dé Céadaoin 11ú Samhain 9.30in TG4.

Eolaire Nollag: An bhfuil gnó agat a fheidhmíonn agus a dhíolann earraí trí Ghaeilge? Má tá, agus más mian leat go luafaí é in eolaire Nollag ar Thuarascáil, seol eolas faoi chomh maith le seoladh idirlíne agus r-phost chuig tuarascail@irishtimes.com.