Crotal Folamh

Ní drochsmaoineamh é do pháirtí polaitiúil seasamh ar son rud éigin.

Bhí tráth ann nuair a cheaptaí go raibh feidhm le Fianna Fáil. Níl rófhada ó shin ann. Cheaptaí gur bhain siad leis na gnáthdhaoine, cheaptaí gur bhain siad le tuairim bhog éigin den phoblachtánachas a raibh gaol sínte aici le hÉirinn aontaithe. Cheaptaí gur bhain siad le rud éigin. Cheaptaí gur bhain siad le rud éigin. Cheaptaí gur bhain siad le rud éigin. Och, mo leithscéal, ní raibh a fhios agam go ndúirt mé cheana gur bhain siad le rud éigin.

Tá ag dul díom, áfach, a fhionnadh cad é go díreach, nó go cam, nó go hidir-eatarthu, nó go scaoilte féin cad é an rud sin a bhfuil siad ag seasamh ar a shon anois. Fiafraítear an cheist sin den pháirtí agus gheobhaidh tú bladar a chuirfeadh páipéar liath ar do theach, agus gabhtar níos faide agus fiafraí den ard-chomhairle agus bheadh chomh maith dhuit bheith ag taighde in ndúchartlanna na Vatacáine thíos.

Nuair a cuireadh ceist ar an taispeánadh a nochtadh i gCnoc Mhuire Lúnasa 1879 cad chuige Fianna Fáil, bhíothas balbh os comhair na leanaí. Táthar balbh fós i láthair leanaí, agus gach duine eile, an seanduine críonna is an t-óg, gan trácht ar na vótóirí a chaitheadh guth ar a son timpeall ar sheanaigne nó dílseachta neamhráite a bhain le fís dhoiléir a raibh cuimilt de shaghas aici le hÉirinn neamhspleách nó le seasamh ábhairín neamhghéilliúil nárbh ionann é go baileach le leagan amach na léinte gorma úd.

D’fhocail ghearra: sheasaíodh Fianna Fáil ar son rud éigin tráth. Tráth dá raibh. Ní drochsmaoineamh é do pháirtí polaitiúil seasamh ar son rud éigin. Nó rud ar bith. Nó rud beag in aon chor. Rud beag bídeach féin, ruidín beagaín bídín bitín bídeach.

READ MORE

Tá’s againn nach ionann mana agus beart, ach bhí de bhua ag Fianna Fáil trath, is é sin fadó fadó, gur sheas siad don oibrí laethúil, fág nach mbaineadh siad earraíocht as friotal sóisialach. Mar mhalairt, sheasaíodh Páirtí an Lucht Oibre ar son na meánaicme as a dtáinig siad le crústa breá reitriciúil den sóisialachas céanna nach n-aithneoidís dá léimfeadh suas agus ailp a bhaint astu.

Agus bhí uair eile ann, fadó fadó, nuair a bhíodh scim bheag leithscéalach phoblachtánach ina dhuille fíge fíge ar FF agus thug daoine vótaí dóibh á cheapadh go raibh brí éigin leis sin.

Is é cor crua an scéil ná gur déanadh Fine Gael de Fhianna Fáil beag ar bheag.

Gach aon athrú bunreachtúil nó dlithiúil a mhol FG maidir leis an gcúinne thoir thuaidh den tír, nó leis an nGaeilge, nó le cúrsaí mórálta pearsanta sa réimse phoiblí, lean FF iad go dílis madralathúlach.

Déanadh Fine Gael de Fhianna Fáil go díreach mar a slogadh Páirtí an Réamonnaigh isteach in Fine Gael.

Thréig an mheánaicme FF toisc go raibh páirtí ceart méanaicmeach acu cheana féin agus cén fáth a mbeadh smugacheirt bhréige acu in ionad an chiarsúir shíoda a bhí ar fáil cheana féin; thréig an lucht oibre iad toisc go raibh dreamanna eile nach raibh leithscéalach d’fhonn cur ar son a gcearta; agus thréig poblachtánaigh bhoga iad - is é sin daoine a mhothaigh ina gcroí istigh go raibh dearmad ar fad á dhéanamh ar cheist na sé chontaetha - toisc gur tháinig páirtí eile chun cinn a chuir an cás sin i lár an aonaigh.

Is dá réir sin nach bhfuil cúis ar bith ann go mairfeadh Fianna Fáil feasta. Crotal folamh is ea iad, poll gan aon rud ann, fiacail lofa, balún gan aer, cnó caoch, mála cleití gé, práis gan chling, lamhnán scodail, aer gan phuth, folús gan mhacalla, plobar gan chnámha, uachais phoiblí, taibhse nach bhfeictear, a bhfuine féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar