Púcaí, piseoga, cleasaíocht agus diabhlaíocht

Sa tseanaimsir ba mhór fhéile í Oíche Shamhna

FOCLÓIR: Díle - flood, fardoras - lintel, soitheach - vessel, púicín - blindfold, gnásanna - customs, asarlaíocht - sorcery, Oíche na hAimléise - Night of Misery, iarlais - changeling, slua sí - the fairy host, osnádúrtha - supernatural, piseog - superstition, aingil an uabhair - fallen angels.

“Deirtear go bhfuil an Púca ann ó aimsir an Díle

Go bhfaca na daoine é ach nach bhfuil a fhios cén áit.

Go mbíonn sé ina chat agus ina mhada san oíche.

READ MORE

Is nach túisce 'na Phúca é ná ina shean ghiorrán bán”

Tá féile na Samhna á cheiliúradh in Éirinn le breis agus dhá mhíle bliain. Cé go mbíodh an Púca i mbéal na ndaoine tráth, go háirithe ag an am seo den bhliain, is ar éigean a chuimhnítear anois air ach i logainmneacha - Poll a Phúca, Cloch a’Phúca agus a leithéidí. Mar sin féin, níl sé ró-fhada ó bhíodh trácht ag an saol mór ar an arracht ilchruthach seo. D’fhoghlaim mé féin an rann thuas ó mo mháthar a d’fhoghlaim é óna muintir féin i gConamara.

Sa tseanaimsir ba mhór fhéile í Oíche Shamhna nó Lá Samhna chomh maith céanna le Imbolc, Lá ‘le Bríde (an chéad lá den earrach), Bealtaine (i dtús an tsamhraidh) agus Lughnasa. Gnásanna págánta a bhí ina mbunáite tráth. Cé gur mhinic an Chríostaíocht agus an Phágántacht in adharca a chéile sa seansaol, faoin am go raibh an streachailt idir an dá iris thart, mhair roinnt nósanna agus gnásanna a d’eascair as an dá thraidisiún.

Lastar tinte cnámh, gléastar i mbréag éadach agus caitear aghaidheanna fidil, crochtar úllaí ó fhardoirse agus déantar iarrachtaí plaiceanna a bhaint astu. Líontar soithí le huisce agus cuirtear úllaí nó airgead síos ann agus an té a bheireann orthu lena fhiacla, coinníonn sé iad.

Cluiche eile a bhíodh coitianta ná go leagtaí trí shoitheach os comhair duine. Chuirtí uisce, créafóg, agus fáinne síos iontu agus chuirtí púicín ar an imreoir. Dá leagfadh sé nó sí a lámh ar an gcréafóg, bheadh an bás in ann don té sin agus dá leagfaí lámh ar an uisce bheadh an imirce in ann dóibh agus dá leagfaí lámh ar an bhfáinne, pósadh a bheadh in ann don duine.

Chuireadh an fhéile tús leis an ngeimhreadh agus deireadh le ráithe an fhómhair freisin. Bhíodh na barraí bainte, an mhóin agus an féar sábháilte agus an fómhar curtha isteach. Lig sin do dhaoine an fhéile a chomóradh.

Cé gur ón mbéaloideas is mó a bhfuil cuimhne againn ar nósanna agus gnásanna na Samhna, tá tagairt nó dhó sa litríocht freisin.

“Chaitheas an oíche go soilbhir sámh ag ithe úlla, ag ól tae; ag dó cnú, ag ól scailtín agus ag ithe breacbholg úlla. Mar so chuireas deireadh le ráithe an Fhómhair.”

Sin a bhí le rá ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin agus é ag cur síos ina chín lae ar Oíche Shamhna na bliana 1831. Dar ndóigh téann stair fhéile na Samhna siar i bhfad roimh aimsir Uí Shuilleabháin ach sa phíosa scríbhneoireachta sin thug sé léargas dúinn ar an gcineál ceiliúrtha a bhíodh coitianta sa tír ar Oíche Shamhna.

Ach mar is eol do chách ní ceiliúradh amháin a tharlaíodh ar Oíche Shamhna! Bhí scéalta le n’insint freisin.

Oíche na hAimléise nó Oíche na Sprideanna a thugtaí ar an bhféile in áiteanna freisin. Agus, ní nach ionadh é. Chreidtí go bhfillfeadh na mairbh ar an mbaile agus d’insítí scéalta faoin slua sí, faoi phúcaí, faoi ainsprid agus faoi thaibhsí. Bhíodh caint freisin ar dhraíocht, ar asarlaíocht, ar chúrsaí osnádúrtha agus ar phiseoga.

Deis ab ea é d’éinne a raibh sé ar intinn acu diabhlaíocht agus cleasaíocht a imirt ar dhaoine an oíche sin. Oíche chleithireachta a bhí ann agus atá ann i gcónaí.

Slua Sí

Oíche shiúil ba ea í freisin. D’osclaítí na liosanna agus ghluaiseadh an slua sí ó cheann go ceann. Níor mhaith le daoine a bheith amuigh go deireanach an oíche sin ar fhaitíos a bhfuadaithe. Tugadh na ‘daoine maithe’ ar na sióga ; aingil an uabhair ba ea iad dar le roinnt daoine, ach bhí a fhios ag cách nár cheart drannadh leo nó lena leasa.

Deirtí nár cheart sméara nó úlla a bheadh fágtha ar chrann a ithe i ndiaidh Oíche Shamhna mar go mbeadh a gcac déanta ag na sióga orthu. Bealach a bhí anseo, ceaptar, le sceoin a chur ar ghasúir gan sméara ná torthaí lofa a ithe.

Bhí piseoga ann a mhair an chuid eile den bhliain freisin. Níor mhaith le héinne a bheith amuigh ag siúl le linn uair mhairbh na hoíche. Ach, dá mbeidís amuigh, shiúlaidís i lár an bhóthair ar eagla go siúlfaidís ar lios.

Cineál scaradh sóisialta na linne a bhí ann.

Bhíodh faitíos ar dhaoine freisin go sciobadh na sióga a bpáistí óga agus iarlais nó páiste lag a fhágáil ina n-áit. Ceapadh gurbh fhearr leis na sióga buachaillí a sciobadh agus gléasadh mar chailíní iad ionas nach bhfuadódh na sióga iad.

Maidir leis an dúlra, sa sean am, bhíodh smacht nó tionchar áirithe ag an saol nádúrtha ar na daoine. Bhídís níos-airdeallaí ar an ngealach, an ghaoth agus an fharraige. Bhíodh tuiscint ar leith ag daoine ar luibheanna, ar fhásra agus ar an aimsir a bhí i bhfad níos fearr ná mar atá ag na daoine sa lá atá inniu ann.

Dearmad

Dar ndóigh bhíodar ag brath go mór ar an eolas sin chun go bhféadfaidís slí bheatha a shaothrú. Tháinig deireadh le formhór phiseoga an tsean am ar theacht na haibhléise agus tháinig nósanna eile isteach de réir a chéile.

Chuaigh nósanna Oíche Shamhna anonn go Meiriceá as Éirinn agus, faraor tháinig siad ar ais i riocht eile agus neadaigh anseo.

Cé go bhfuil cuid mhaith de na seanghnásanna dearmadta, níl siad imithe go baileach.

Tá an tSamhain ar an sean fhéile is mó ar a bhfuil eolas maith ag an bpobal uirthi i gcónaí.

Agus an tír faoi dhianghlasáil i mbliana ní bheidh mórán ag dul ó dhoras go doras ag diabhlaíocht nó ar thóir mhilseáin. Ach, má éiríonn linn Oíche Shamhna a chaitheamh go soilbhir sámh - díreach mar a rinne Amhlaoibh Ó Súilleabhán i gCallainn an Chlampair beagnach dhá chéad bliain ó shin, beidh linn agus tiocfaidh muid slán as.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.