Cáinaisnéis 2021 agus an Ghaeilge: ‘tá ré na leithscéalta thart’

In am do na páirtithe rialtais beart a dhéanamh de réir a mbriathar agus a ngealltanais a chomhlíonadh - Julian de Spáinn

FOCLÓIR: Cáinaisnéis - budget, gealltanais toghchánaíochta - electoral promises, feachtas - campaign, éagmais - absence, nithe - things, forbairt - develop, moladh - praise, stair - history, a chur ina luí orthu - impress upon them, dalba - bold.

Caithfidh na páirtithe rialtais a ngealltanais toghchánaíochta a chomhlíonadh nuair a nochtfar an cháinaisnéis i nDáil Éireann an tseachtain seo.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur aithin na páirtithe le linn an fheachtas toghchánaíochta i mbliana go raibh géarghá maoiniú na hearnála a chur i gceart.

“Tá na trí pháirtí ag pointe go bhfuil siad tar éis a lán a gheallúint agus ní fheicimid cén fáth nach bhféadfaidís é sin a chomhlíonadh anois,” ar sé agus é ag caint le Tuarascáil.

READ MORE

I measc na nithe a bhfuil súil ag Conradh na Gaeilge leo ón mbuiséad, tá €6m sa bhreis i mbuiséad reatha agus chaipitil Údarás na Gaeltachta, €4.5m sa bhreis sa bhliain ó Rialtas na hÉireann i mbuiséad Fhoras na Gaeilge, €5m sa bhreis sa bhliain a chur ar fáil le TG4 a fhorbairt agus €0.5m leis an gcéad chéim de phlean Raidió Rí-Rá a bheith ag craoladh go lánaimseartha ar FM.

De réir Conradh na Gaeilge tá “éagóir” déanta ar lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta ó aimsir an bhriseadh eacnamaíochta i 2008 i leith agus tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí infheistiú san earnáil.

“Tá fadhb an laghdú maoine seo ag dul ar aghaidh ón gcruachás deireanach sa gheilleagar nuair a gearradh na deontais,” a dúirt de Spáinn.

“Nuair a chuirtear i gcomhthéacs é agus boilsciú a chur san áireamh, tá airgead Fhoras na Gaeilge ó 2008 i leith laghdaithe nach mór 50 faoin gcéad.

“Cé go raibh an Rialtas deireanach, ó 2016 i leith, ag méadú an cúnamh stáit do na healaíona (Béarla), mar gheall ar an socrú trasteorann ní bhfuair an Foras aon ardú.

Cuirtear maoiniú ar fáil do Fhoras na Gaeilge ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó dheas agus ón Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann de réir bhuiséid atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Ach, in éagmais na n-institiúidí polaitiúla níorbh fhéidir buiséid a cheadú ó 2016 i leith.

Anois go bhfuil tionól Stormont i mbun oibre arís, tá ceann de na constaicí ba mhó a bhí ann maidir le maoiniú Fhoras na Gaeilge imithe.

“Is cás eisceachtúil é agus ba chóir dóibh an t-airgead a chur ar fáil anois,” arsa de Spáinn.

Dúirt de Spáinn go bhfuil moladh ag dul don Aire Gaeltachta Catherine Martin de bharr an deontas “aon uaire” €8m a cuireadh ar fáil do Údarás na Gaeltachta i mí Iúil mar chuid de phacáiste spreagtha post an rialtas.

“Comhartha maith é sin go bhfuil siad ag cur an Ghaeltacht san áireamh sna cainteanna a bhaineann le cúrsaí airgid.”

Ach mar sin féin, tá súil aige go mbeidh ardú in ann don eagras sa gcáinaisnéis.

Dar leis, caithfear buiséad níos mó a chur ar fáil don phleanáil teanga, do chruthú fostaíochta, agus chun na ciorruithe móra a cuireadh i bhfeidhm sa ngéarchéim eacnamaíochta deireanach a aisiompú.

“Chomh fada siar leis an mbliain 2007, ní raibh sé ina thosaíocht iad a mhaoiniú i gceart. Le trí bliana anuas thosaigh an rialtas ag cur airgead sa bhreis ar fáil don Údarás.”

“Tá sé ana-mhall ag teacht,” ar sé.

“Ba chóir an t-airgead seo a thabhairt thar n-ais ionas gur féidir poist a chruthú. Tuigimid ar fad na fadhbanna a bhí ann. Má áirítear líon lucht labhartha na Gaeilge sa daonáireamh deireanach, bhí laghdú ann. Tá cuid mhaith de sin bainteach le himirce - níl na daoine ann a thuilleadh mar nach bhfuil na poist ann agus mura bhfuil na poist ann, ní éireoidh leis an bpleanáil teanga.

“Dar ndóigh beidh muid ag moladh go mbeadh an fhostaíocht teanga-lárnaithe freisin ach caithfear an t-airgead a chur ar fáil chun gur féidir é sin a chur i gcrích.

Tá stair fhada fheachtasaíochta agus stocaireachta ag lucht na Gaeilge agus déanann an Conradh stocaireacht gach bliain roimh an mbuiséad. An bhfuil torthaí le feiceáil ar na hiarrachtaí seo?

“Is feachtas leanúnach é seo,” arsa de Spáinn.

“Le cúpla bliain anuas táimid tar éis a áitiú ar na polaiteoirí go bhfuil fadhb stairiúil sa mhaoiniú agus go bhfuil géarghá cothrom na féinne a thabhairt don teanga agus don Ghaeltacht.

“Má théann tú thar n-ais go dtí 2016, bhí Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas ag aontú linn leis an bplean infheistíochta (a bhí ag Conradh na Gaeilge), ach ní raibh Fine Gael ar a shon.

“Ach, faoin olltoghchán i mbliana bhí siad ag geallúint níos mó ná mar a bhí sa phlean infheistíochta. Bhí siad ag geallúint €20m nuair a bhí muidne ag lorg €18m. Sílim go bhfuil muid tar éis é a chur ina luí orthu glacadh leis go bhfuil géarghá le hairgead.

“Gheall siad é le linn an olltoghcháin agus tá siad sa rialtas anois. Tá airí Fhianna Fáil agus an Comhaontas Glas sa Roinn Ghaeltachta. Anois an t-am chun na gealltanais a chomhlíonadh, tá ré na leithscéalta thart i ndáiríre. Anois an t-am!”

Nótaí

Bille Teanga: Cé gur cuireadh fáilte mhór roimh Bhille leasuithe na dTeangacha Oifigiúla sa Dáil an tseachtain seo caite, téama amháin a luadh go minic ná go bhfuil gá le breis láidriú a dhéanamh ar an reachtaíocht. I measc rudaí eile, luadh an chumhacht a bhéas ag an Aire an sprioc go mbeadh 20 faoin gcéad d'earcaigh nua do chomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge a chur siar. Cé gur maith an rud é go bhfuil an reachtaíocht ann chun stádas a thabhairt don teanga sa státchóras, teipfidh air mura dtugtar go práinneach faoi chur i gcoinne dalba, dosháraithe, síor bhuan an mhaorlathais, atá le sonrú ó thús-ré an Stáit. Mura mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre laethúil, dháiríre ag an bhfiche faoin gcéad úd, teipfidh ar an iarracht.

Picnic Theidí: 'Cliathnodaireacht agus sólfá tonach ag dul le gach píosa ceoil'. Cur síos é sin ar an gceirnín ceoil 'Trup, Trup, a Chapaillín' a bronnadh ar Uachtarán an lae, Éamon de Valera i Scoil Louis, i Rath Maoinis i mí na Nollag, 1968. Cuimhneoidh go leor léitheoirí go ceanúil ar Chantairí Óga Bhaile Átha Cliath a chan na hamhráin fhonnmhara ar an gceirnín úd. Eisíodh dlúthcheirnín nua de chuid Sadhbh Rosenstock le gairid agus é dírithe ar an aois grúpa céanna. Bailiúchán 24 amhrán agus rannta atá i bPicnic Theidí. Ní fios, cosúil le ceirnín ársa Bhrian Uí Bhaoill, Niall Tóibín agus Proinsias Uí Cheallaigh, b'fhéidir gur bronntanas Nollag maith a bheadh i bPicnic Theidí do dhuine éigin freisin! Breis eolais: Gael-Linn.ie.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.