Codarsnacht agus cosúlacht

Bhí Máirtín Ó Direáin an-tugtha don chodarsnacht nó an chontrárthacht ina shaothar

FOCLÓIR: Cosúlacht - similarity; codarsnacht - contrast; fionnachtain - discovery; geimhle - chains ; stoiteachas - uprootedness; trodán - file; fíodóireacht - weaving; foirtile - strength; dlúth agus inneach-warp and weft.

Is dual don saol cosúlacht agus codarsnacht. Agus luath go leor a thuigeann an duine é seo, sa mheaitseáil agus sórtáil a dhéanann an leanbh ar dhathanna agus cruthanna sa naíonra mar shampla.

Bhí Máirtín Ó Direáin an-tugtha don chodarsnacht nó an chontrárthacht ina shaothar. Dar leis féin: ‘Is de réir mar bhí cleachta á fháil agam ar shaol eile, arbh é contrárthacht cheart shaol m’óige é, a fuair mé an tuiscint sin ar chúrsaí a thug feiceáil eile dom.’

I mBaile Átha Cliath a fuair sé feiceáil ar a mhalairt de shaol tar éis dó aistriú ann i 1937. Mhéadaigh saol stróinseartha na cathrach an mealladh a bhí ag an bhfód dúchais agus thug sé feiceáil úrnua air, sa chaoi gur fhás chuige slata tomhais leis an dá shaol a mheas agus a mheá i gcoinne a chéile.

READ MORE

Is fearr feiceáil le súile nua, seachas dul ag cuardach i gcríocha nua. B’shin a scríobh Marcel Proust de bharr gurbh fhearr, dar leis, an fhoghlaim nó fionnachtain ar an gcaoi sin.

San fheiceáil a thug Ó Direáin ar an oileán, bhí sé ábalta súile a chaitheamh a raibh cuid de rian agus déanamh na cathrach orthu.

Trí na súile sin a sheas an t-oileán don ionracas, dílseacht, fírinne, agus buaine, tréithe a bhraith sé uaidh agus a bhí mar chodarsnacht le luas, síorathrú agus stróinséireacht shaol na cathrach, mar a raibh sé ina phríosúnaí, ‘ina lár i mo chime mar chách.’

Cuireann sé an méid a bhí le rá ag Rousseau san 18ú aois i gcuimhne : L'homme est né libre et partout il est dans les fers. Saor a shaolaítear sinn, agus i lancaisí a mhairimid. Is fíor go bhfuil glais agus geimhle éigin ar na cosa ag cách - mar atá le feiceáil go laethúil, mórthimpeall an domhain, agus móran den daonra ina 'chime mar chách' agus i ngéibheann den uile chineál.

Bhain cáilíochtaí le saol an oileáin nach raibh teacht orthu taobh amuigh. Faoiseamh a gheobhaidh sé dar leis, ar an oileán mara. Foirtile a bhí á lorg aige uair eile. Meafar a bhí sna cranna foirtil don acmhainneacht agus diongbháilteacht a shamhlaigh sé leis an oileán. Luann sé roinnt gnásanna a d’úsáidtí lena linn in Árainn i dtógáil agus i gcúram an linbh óig sa chliabhán mar shampla. Agus is ar na cranna foirtil seo a theastaigh uaidh teacht i dtír anois.

Bhain sásamh agus suntas leis an ngnáth obair a dheintí ar an oileán chomh maith, sa tógáil claí mar shampla. Codarsnacht ab ea é seo leis an stoiteachas a bhraith sé in oifig sa chathair, ag obair le comhaid nó trodáin a bheadh ar bheagán tairbhe feasta, a chomhartha sin an brat deannaigh a bhí orthu. Agus Ó Direáin féin plúchta ón smúit chéanna.

Ní foláir nó go bhfuil laghdú mór ar an gcarnán trodán faoi ualach deannaigh in oifig ‘gan pháipéar’ an lae inniu. Athrú níos suntasaí fós, áfach, ná an chian obair atá tagtha ar an bhfód. Cuimhnigh má bhí an deis seo ann aimsir an Direánaigh. Fanacht ar an oileán thiar seachas dul soir go BÁC. Nó an mbeadh torthúlacht na filíochta thíos leis dá dtabharfadh sé oileán agus oifig le chéile in aon láthair amháin?

Pé scéal é, cé gur áis mhór ina shaothar an chodarsnacht seo idir carraig agus cathair, tháinig maolú air níos déanaí. Ag fíodóireacht a shamhlaíonn Eoghan Ó hAnluain é, agus an dá shaol le hais a chéile, fite fuaite mar a bheadh dlúth agus inneach.

Saol na cathrach a thug ar an Direánach feiceáil úrnua a thabhairt ar shaol an oileáin. Le súile nua. Ba ar an gcaoi sin a tháinig sé ar an saol mar fhile agus aon saol amháin den dá shaol déanta aige. Ach amach as an gcodarsnacht a fuair sé radharc ar an gcosúlacht. Agus nach mar sin a oibríonn codarsnacht ar bith?

Dhealródh nach bhfuil an charraig chomh héagsúil sin leis an gcathair. Tá leid sna logainmneacha féin. Mar a tharla i gCathair Saidhbhín agus bailte eile na tíre, nach le carraig a thógtar cathair? Carraig agus cathair - is é an dá mhar a chéile iad.

Meabhrú gur sa chodarsnacht atá cosúlacht - ach feiceáil a thabhairt. Agus más fíor do Proust, ní gá dul ag taisteal i bhfad i gcéin. I gcóngar atá an t-aistear is fearr fionnachtana le déanamh.

Tá an t-údar buíoch do Sheán Ó Flaithearta agus Coiste Choláiste Ó Direáin, Inis Mór as an gcuireadh a fuair sé labhairt ar an ábhar seo ag ócáid cheiliúrtha don Direánach ar an 15ú Lúnasa.

Nótaí

Columba 1500

Tá sraith léachtaí dar teideal ‘Colum Cille 1500: Téacsanna agus Traidisiúin’ á reáchtáil faoi láthair faoi choimirce Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá an tsraith seo á reáchtáil mar chuid de Cholmcille 1500, comóradh 1500 bliain ó bhreith Cholm Cille i nGartán, i gContae Dhún na nGall.

Cuireadh tús le hocht seachtaine de léachtaí le linn Seachtain na hOidhreachta ag deireadh na míosa seo caite ach beidh na léachtaí Gaeilge thíos-luaite ar siúl ar 15 agus 29 Meán Fómhair.

15 Meán Fómhair 1-2pm Colm Cille:

Charles Dillon-Sciath Dé do nim umam: Lúireach Cholm Cille

Colm Ó Cuaig-Beatha Choilm Chille: An téacs, a fhoinsí agus a údar

29 Meán Fómhair 1-2pm

Brian Lacey-Colm Cille: An Oidhreacht Seandálaíochta

Ailbhe Nic Giolla Chomhaill -Colm Cille i dtraidisiún béil na Gaeltachta ó thús an 20ú haois i leith

Tá na léachtaí saor in aisce. Breis eolais anseo: colmcille.net agus ria.ie

Seanchaí ar líne

Cuirfear fáilte roimh éinne ar mian leo freastal ar ‘Seal le Seanchaí’, oíche de sheanchas agus de scéalaíocht ar líne ó Chontae Phort Láirge chun ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Chultúir na bliana seo.

Beidh an seanchaí áitiúil, Séamus Ó Lonáin ina fhear an tí agus beidh beirt sheanchaí eile, Liam Suipéil agus Déuglán Turraoin, ina theannta chomh maith. Cuirfear fáilte roimh óg agus aosta ag an ócáid a chraolfar ar Zoom ar an Aoine, 17 Meán Fómhair ar a 7.00in.

Deis a bheidh san ócáid seo éisteacht le scéalta, seanachas, dánta agus amhráin. Ní amháin sin ach cuirfear fáilte roimh éinne ar mian leo scéal, dán, nó amhrán a rá iad féin ar an oíche. Más fonn le héinne é sin a dhéanamh ní mór ach é a chur in iúl roimh ré. I nGaeilge a reáchtáilfear imeachtaí den chuid is mó, ach beidh roinnt Béarla in úsáid chomh maith ar mhaithe le foghlaimeoirí.

Tá an ócáid á eagrú ag Coiste Dhún Garbhán le Gaeilge agus is imeacht saor in aisce atá ann. Tá líon na spásanna teoranta mar sin féin agus más suim leat freastal ar ‘Seal le Seanchaí’ ar an Aoine, 17 Meán Fómhair, déan teagmháil le Cabríní de Barra ag cabrini@glornangael.ie chun clárú roimh ré agus seolfar sonraí an chruinniú Zoom chugat.

Is féidir a thuilleadh eolais maidir leis na himeachtaí seo i bPort Láirge d'Oíche Chultúir 2021 a fháil ar shuíomh idirlíon glornangael.ie