‘De réir a chéile táimid ag iarraidh na doirse a bhriseadh síos’

Buaic-shaothair na bliana ainmnithe ar ghearrliostaí Leabhair Ghaeilge 2021

FOCLÓIR: Neamhaird - disregard; easpa cumais - lack of ability; annamh - seldom; fáinne fí - vicious circle; rogha fhánach - random selection; trilseán - bunch; aiseolas - feedback; rafar - thriving; greamán - sticker; oirbheart - device.

Más mór an duais is mó a shaothrú a deirtear. Ach más fíor é sin, is fíor freisin nach bhfuil mórán scríbhneoirí Gaeilge ann a mbeadh sé ina chúis mhaíte acu go mbíonn sé éasca orthu slí bheatha a shaothrú óna gceird.

I ngeall ar an neamhaird a thugann an saol Béarla in Éirinn ar shaothair Ghaeilge tá sé geall le bheith dodhéanta ag scríbhneoirí Gaeilge clú náisiúnta, gan trácht ar chlú idirnáisiúnta, a bhaint amach dá saothair.

Ar ndóigh tá go leor fáthanna leis an neamhaird: sa chéad áit, stádas comparáideach an dá theanga, an easpa cumais agus úsáide agus an idé-eolaíocht a eascraíonn as sin. I bhfianaise ar sin ar fad tá deacrachtaí móra ann nós na léitheoireachta i nGaeilge a fhréamhú i ndaltaí scoile.

READ MORE

Is annamh freisin go mbíonn fáil ar bhailiúchán cuimsitheach leabhar Gaeilge i siopaí leabhar. Agus, nuair a bhíonn leabhair Ghaeilge acu, is minic gur deich gcóip de leabhar amháin nó rogha fhánach éigin eile a bhíonn ar díol acu, iad i bhfolach ar sheilp i gcúl an tsiopa. Fáinne fí, mar a déarfá!

Braitheann na tithe foilsitheoireachta go mór ar pé phoiblíocht a fhaigheann siad chun léitheoirí nua a mhealladh mar sin agus is mór an tábhacht dóibh comórtais liteartha a tharraingíonn aird ar a gcuid oibre.

Ní haon ionadh mar sin é go mbeadh a n-aird dírithe ar an trilseán leabhar a fógraíodh ar ghearrliostaí Leabhair Ghaeilge na Bliana 2021 le gairid.

D’fhógair an tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, ocht leabhar déag ar ghearrliostaí na bliana seo. Tá trí ghradam ann san iomlán: Gradam Uí Shúilleabháin (leabhar na bliana do dhaoine fásta) Gradam Réics Carló (leabhar na bliana do dhaoine óga) agus Gradam de Bhaldraithe (leabhar na bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).

Labhair Tuarascáil le Louise Ní Dháibhéid atá ina bainisteoir imeachtaí agus foilseachán don Oireachtas agus chuir sí síos dúinn ar an gcomórtas agus an tábhacht a bhaineann leis d’údair agus do na foilsitheoirí.

“An nósmhaireacht a bhíonn ag údair go minic ná go gcuireann siad an bun saothair isteach ar na comórtais liteartha. Faigheann siad aiseolas ó na moltóirí agus ansin cuireann siad snas ar na saothair. Déantar plé leis na foilsitheoirí agus déantar cinneadh an leabhar a fhoilsiú.”

Ach, i gcás na gcomórtas áirithe a phléamar le Louise, is leabhair atá foilsithe cheana féin atá i gceist agus tugtar aitheantas do na húdair agus don dream eile sin atá comhsháite in earnáil na leabhar Gaeilge - na foilsitheoirí.

“Tarraingíonn na gradaim seo aird ar chúrsaí fhoilsitheoireacht na Gaeilge,” a dúirt Ní Dháibhéid.

I measc na dtithe foilsitheoireachta a bhfuil leabhair leo ainmnithe i mbliana tá: Barzaz, An tSnáthaid Mhór, Cló Iar-Chonnacht, Cló Léann na Gaeilge, Coiscéim, Dalen Éireann, Éabhlóid, Futa Fata agus Leabhar Breac.

Tá dhá shaothar féin-fhoilsithe ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne san áireamh freisin.

Meallann na comórtais seo scríbhneoirí ina gcipí dlútha freisin dar ndóigh, agus cén fáth nach meallfadh! Bealach iad le hurraim a thaispeáint dóibh agus dá saothar. Le €17,000 de dhuaischiste, is bealach iad na comórtais chun cúiteamh éigin a thabhairt do na scríbhneoirí agus a gcomhleacaithe.

I measc na leabhar a thiocfaidh faoi bhráid na moltóirí i mbliana tá: Tairseach le Dairena Ní Chinnéide; Rúin Oscailte le hÁine Ní Ghlinn; Léachtaí Uí Chadhain curtha in eagar ag Liam Mac Amhlaigh agus Caoimhín Mac Giolla Léith; Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach; Go Ceann Scríbe le hAilbhe Nic Giolla Bhrighde; An Rás Chuig An Mol Thuaidh le Catherine Johnson agus aistrithe ag Fearghas Mac Lochlainn agus Tinte Na Farraige Duibhe le Tim Armstrong agus aistrithe ag Eoin P Ó Murchú.

Ach tá tábhacht eile leis an gcomórtas nach bhfeiceann an gnáth léitheoir. Baineann sé le gairm na scríbhneoireachta agus leis an aiseolas a fhaigheann scríbhneoirí ar a gcuid saothar.

Déantar breithiúnas ar na leabhair de réir critéir a bhaineann le fiúntas an ábhair, caighdeán na Gaeilge, dearadh an leabhair, léaráidí agus dea-chleachtas foilsitheoireachta agus mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta.

“Tá na tuairiscí a fhaigheann na húdair ó phainéal na moltóirí níos luachmhaire ná duais ar bith a bhuann siad,” a dúirt Ní Dháibhéid.

“Déantar moltaí faoin gcaoi ar féidir leo feabhas a chur ar a gcuid oibre nó céard is féidir leo a dhéanamh ar bhealach éigin eile. Faigheann gach iomaitheoir dhá thuairisc ó mholtóir atá ar phainéal atá comhdhéanta de dhaoine atá oilte sa cheird.”

“Daoine iad seo a mbíonn an-mheas ag na scríbhneoirí orthu.”

Agus, ní haon ionadh é sin. Tá taithí ag na moltóirí i ngach réimse d’earnáil na foilsitheoireachta - scríbhneoireacht, eagarthóireacht, aistriúchán, litríocht idirnáisiúnta agus foilsitheoireacht.

Ó thaobh na léitheoirí de, tá luach agus tábhacht eile leis na comórtais seo freisin. Cuireann siad saothair nua ar a súile dóibh. Bíonn an phoiblíocht sin tábhachtach do na húdair - fiú nuair nach mbaineann siad an chéad áit amach. De bharr go bhfuil a gcuid oibre ainmnithe ar ghearrliosta, is mó an seans go dtiocfaidh léitheoirí nua ar a gcuid teidil.

“Sin ceann de na spriocanna. Go mbeadh a fhios ag an bpobal mór go bhfuil a leithéid ann - go bhfuil foilsitheoireacht trí Ghaeilge ann,” a dúirt Ní Dháibhéid.

“Cabhraíonn sé sin le pobal léitheoirí na Gaeilge a chothú agus a fhorbairt. Tá na gradaim seo ann mar aitheantas ar an méid atá ar siúl.”

Cé gur léir ón méid leabhar a fhoilsítear ar na saolta seo go bhfuil cuma rafar ar earnáil fhoilseachán na Gaeilge faoi láthair, tá dúshláin ann.

“Tá sé an-deacair a bheith in iomaíocht le foilsitheoireacht trí Bhéarla,” a dúirt Ní Dháibhéid.

“Léann go leor daoine leabhair Bhéarla ach tá muidne ag rá; ‘tá siad seo ar fáil trí Ghaeilge, agus tá siad ar sárchaighdeán freisin!”

“Dar ndóigh tá spriocphobal i bhfad níos mó ag na leabhair Bhéarla agus tá pobal níos leithne acu. Agus, sin an dúshlán a bhíonn roimh na foilsitheoirí i gcónaí.

“De réir a chéile táimid ag iarraidh na doirse a bhriseadh síos”.

Gach bliain, nuair a chiúnaíonn gleo an chomórtais, déantar athbhreithniú ar chúrsaí agus déantar pé athrú is gá le feabhas a chur ar chomórtais na bliana dár gcionn.

“Tar éis bronnadh na ngradam chuile bhliain bíonn teacht le chéile againn le Clár na Leabhar Gaeilge, le Cumann na bhFoilsitheoirí agus le Foras na Gaeilge le feiceáil céard is féidir a dhéanamh le rudaí a fheabhsú don bhliain dár gcionn,” a dúirt Ní Dháibhéid.

Socraíodh anuraidh go raibh sé in am lipéad nó greamán a dhearadh a d’inseodh don léitheoir go bhfuil an leabhar ainmnithe ar ghearrliosta na ngradam. Is cosúil go gcuireann lipéid mar iad le feiceálacht leabhar ar sheilp an tsiopa agusgo méadaítear an dóchúlacht go gceannófar an leabhar dá réir.

Má éiríonn leis sin mar oirbheart, ba mhaith an scéal do chách é. Fógrófar na buaiteoirí i nDeireadh Fómhair. Breis eolais: antoireachtas.ie/gradaim-fhoilsitheoireachta/

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.