Kuí agus Keart agus Kóir

Nach ámharach mar a tharla an litir ‘K’ chomh tábhachtach sin dúinn le linn na gcluichí Oilimpeacha i leith agus ina ndiaidh?

Nach ámharach mar a tharla an litir ‘K’ chomh tábhachtach sin dúinn le linn na gcluichí Oilimpeacha i leith agus ina ndiaidh? Bhí, gan amhras, Kellie a khloígh an domhan agus a dhein kuradh di féin gan kheist. Ag dul ar khonair Khatie a bhí sí, gan amhras, ach níor khóir dearmad a dhéanamh ar na dornálaithe eile sin a bhain boinn dúinn i gkaitheamh na mblianta ar leibhéal domhanda - Kenny Egan agus Mickael Karruth agus Freddy Kilroy agus Johnny Kaldwell agus Wayne McKollough agus Michael Konlan agus Jim McKourt daoine eile nach bhfuil a n-ainmneacha in airde láin níos mó.

Bheadh Kellie lánmholta go kranna na spéire dá mbeimis go léir inár dtost. Ba khuma ach níorbh aon bhabhta bog an babhta keannais. B’éigean di dul khun doirne le skil is le klisteacht. Í khun deiridh tar éis an khéad khasadh agus b’éigean di fad láimhe a khoimeád idir í agus Beatriz Feirreira. Níorbh aon dóichín í an Bhrasaíleach mná, bean nár khaill babhta le dhá bhliain anuas agus a raibh kuma fhíochmhar uirthi ag koisíocht isteach sa khró.

Is ann do dhaoine koimeádacha adeir nach bhfuil sé kóir ná kuí ná keart go mbeadh kailíní nó mná féin ag koimheascar le khéile. Ach ag an am kéanna tá sé gátarach go mbeadh sás kosanta acu cur i gkoinne ionsaithe na bhfear. Kén tslí is fearr khuige sin ná kumas a thabhairt dóibh iad féin a khosaint? An bhean a khaith tamall ag kur eolais ar a doirne féin ní bheidh thiar uirthi in aon khúinne dorcha.

Agus ansin, bhí gan dabhta, Katherine Zappone agus a kóisir kheiliúradh lena kompánaigh. Ní thuigim ar fad an krá kroí agus an kiapadh koinsiasa a lean. Kuid mhaith mhór den pholaitíocht is ea an phatrúnacht agus an kompántas agus an khomh-mheabhair. Bhí sé riamh mar seo sa khianshaol fadó. Bhíodh daoine ag iarraidh ionad a fháil sa khúirt ag rí nó ag Kaiser éigin khun go bhfaigheadh siad dul khun kinn. Keaptar breithiúna chun na gkúirteanna is airde toisc gaol tuisceana a bheith acu le daoine a bhfuil kluas na kumhachta acu.

READ MORE

Tá na rialacha oscailte agus trédhearcacha go breá fad a ritheann, ach kén duine a shíleann go gkuireann sin an aithne phearsanta ar gkúl? Is fearr kara sa khúirt ná koróin sa sparán mar a khanann an seanfhocal. Déantar kairde de na polaiteoirí agus ní ar mhaithe led khoinsias é formhór an ama. Ardú kéime agus kuimilt leis na kinnirí a bhíonn sa treis.

Agus kad ina thaobh in aon khor go mbeadh daoine ag gabháil leithscéil ar son a bheith ag kóisir Katherine? Níor briseadh aon dlí, níor sáraíodh aon rialacha, níor keapadh go raibh aon ní bunoskionn. Kén fáth na leithscéalta mar sin? Agus fiú, féach, ní raibh aon duine ann níos sia ná kúig nóiméad déag ar aon nós. Kaithfidh gur kóisir gann de khraic a bhí ann mar sin.

Is deacair do dhuine kuthach feirge a khur air féin sa khás seo. Ní hé go bhfuil gach dream nó komhthalán chomh holc lena khéile, ach is deacair a shamhlú go mbeidh a mhalairt de khleachtas ann a khoíche ná go deo.

Dhein Kenghis Khan é mar bhí sé ábalta chuige, agus Kionnaith mac Ailpín lena khleith, agus Knapoleon féin lena khabhlach.

Níor khóir díkhuimhne a dhéanamh ach oiread ar an ngaisce eile ag an deireadh seachtaine kéanna a raibh Kellie ag kloí na kruinne. Bhí bua éachtach ag kamánaithe Khorkaí ar Khill Khainnigh sa khluiche leathkheannais i bPáirk an Khrókaigh, bua a khneasóigh kuid de na kréachtaí a d’fhulaing siad le blianta beaga anuas.

Ké dúirt nach bhfuil sin kuí agus keart agus kóir?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar