Athshuíomh na staire

Go minic cheapfá gurb ionann stair na hÉireann agus stair rialtais Shasana in Éirinn

 

Is annamh gníomh dána á dhéanamh ag aire rialtais. De ghnáth nuair a thagann cnámh na huillinne ar fhis agus nuair is gá breith ar na feochadáin gabhann an polaiteoir i bhfolach laistiar de choiste, de chomhairleoirí nó den státseirbhís féin. Níor mhar sin do Joe McHugh lena chinneadh an stair a choimeád mar chroí-ábhar ar chúrsa an teastais shóisearaigh. Fág go raibh feachtas láidir ar son na staire agus argóintí fíochmhara á ndéanamh (a bheadh oirúnach don Ghaeilge, leis) bhí cumhachtaí láidre ina coinne chomh maith. Bhí nach mór an bhunaíocht oideachais ar fad ina aghaidh, an bhunaíocht sin gan ainm a bhfuil aghaidh fidil orthu agus atá ar a dteann dícheall gach smut de na daonnachtaí a ruaigeadh go himeall na slí.

Formhór de bhainisteoirí an oideachais in aon cheann de na forais a bhfuil cúram an léinn agus na chéad ghlúine foghlama eile orthu is daoine ar fada éirithe as an seomra ranga, as an dteagasc iad. Daoine iad arbh fhearr leo comhad chun leapan seachas dán ná úrscéal ar bith (agus mí-leas á bhaint agam as Máirtín Ó Direáin leis an nath sin). An gheaing a shocraigh go ndíbreofaí an stair go himeall agus go ciumhais an churaclaim thuairimeoinn nár léigh ach duine fánach díobh leabhar staire le fiche bliain anuas, agus sin de ghlansheans. Dream nach gcreideann sna healaíona ná sa léann daonna is ea ardshirriaim an oideachais, agus ba mhithid corc a chur iontu.

Dá réir sin, gaisce ba ea beart McHugh agus tá hósannanaí agus gártha molta agus hataí in airde san aer ag dul dó. Ní hé nár cheart athbhreithniú a dhéanamh de shíor is de ghnáth ar an gcuraclam féin, ach is beithíoch eile ar fad é sin. Fadhb ann féin is ea cineál agus leithne agus fairsinge stair na hÉireann atá á teagasc, ach tá dreamanna eile lasmuigh dínn atá ag iarraidh é sin a chur ina cheart ar leibhéal eile.

Tá scoláireacht/aí dochtúireachta á dtairiscint ag Ollscoil Áth na Bó (nó Oxford duitse) ar son staidéir a dhéanamh ar stair na hÉireann san 18ú haois. Só bhfat? arsa tusa. Is í an mhórdhifríocht ná gur scoláireacht í ina gcaithfear leas a bhaint as na foinsí Gaeilge - na mílte díobh - d’fhonn na hoibre a dhéanamh. Is cuma nó réabhlóid sa staireolaíocht an méid seo féin.

Tá nach mór dochreidte gur scríobhadh stair na hÉireann tar éis turnamh na meánaoiseanna gan beann ar bith ar theanga na ndaoine a raibh an stair á scríobh fúthu. B’in í bun téis Daniel Corkery ina ‘Hidden Ireland’, nár leabhar staire é, ach leabhar critice filíochta. Fós féin, b’áisiúil an coincheap é an ‘Éire fholaithe’, coincheap ar déanadh faillí ann den chuid is mó idir an dá linn.

Ní hé a mhaím nach bhfuil staraithe ann a thochail laistíos den cháipéisíocht oifigiúil - leithéidí Vincent Morley, Néill Uí Chiosáin, Ghearóid Uí Thuathaigh, Bhreandáin Uí Bhuachalla - ach dob fhéidir liom a n-iomláine díobh a lua ar ladhraicíní leathchoise. Bainid siúd uile go léir leas tuisceanach as na foinsí Gaeilge a bhfuil feidhm leo, ach i leataoibh uathu siúd, go minic cheapfá gurb ionann stair na hÉireann agus stair rialtais Shasana in Éirinn.

Leanann ceist mhór dhorcha chigilteach eile an méid seo. Cad ina thaobh nár smaoinigh ollscoil éigin abhus ar bheart chomh réabhlóideach, chomh coimeádach, chomh soiléir, chomh lom, chomh nach mór meabhairphléascach sin, nárbh fholáir do staraithe na bunfhoinsí a léamh?

Smaoinítear air! Tír inar ghá do na staraithe agus d’aos taighde na litríochta agus socha-seo-is-siúd-eile féachaint agus éisteacht le cad a bhí á rá ag an bpobal coiteann.

Aon tseans ar scoláireacht dá leithéid ó UCDUCCTCDNUIGUUQUBULUMDCU nó eile?