Cumhacht an chiúnais

Tá luach ag baint leis an bpearsantacht indíritheach nach gceiliúrtar go rómhinic i sochaí na linne seo

Deirtear gur chóir inspioráid a ghlacadh ó fhíormhothúcháin agus áilleacht an tsaoil. Grianghraf: iStock/Getty
Deirtear gur chóir inspioráid a ghlacadh ó fhíormhothúcháin agus áilleacht an tsaoil. Grianghraf: iStock/Getty

Anois teacht an tsamhraidh agus an lá imithe chun síneadh, tá an bhliain acadúil ag druidim chun deiridh ag chuile leibhéal.

Deintear clamhsán uaireanta go bhfuil an scoilbhliain againne róghairid mar go bhfuil an líon laethanta níos lú ná an meán i dtíortha eile na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD). Ach tá an lá scoile níos faide sa tír seo agus caitheann ár ndaltaí níos mó uaireanta an chloig ar scoil i rith na bliana ná an meán. Agus, mar is eol dúinn go maith, tá foghlaim le fáil freisin lasmuigh den seomra ranga.

Bíonn sin le feiscint le linn an tsamhraidh. Beidh fuadar faoi champaí agus faoi choláistí samhraidh, deasghnátha athraithe saoil do mhórán. I gcolún ar na campaí úd sa nuachtán seo níos luaithe sa mhí, as beagnach dhá scór campa, luadh ceann nó dhó a bhí bainteach le himeachtaí intleachtúla. Bíonn cúrsaí ollscoile ar fáil freisin idir sheimeastar do mhic léinn mháistreachta agus ‘acadaimh’ do dhaltaí scoile, ar nós Youth Academy Ollscoil na Gaillimhe agus Centre for Talented Youth DCU.

Tugadh cuireadh dom go minic labhairt leis na daltaí ag a gceann scríbe sa Youth Academy i nGaillimh. Luaigh mé leo gur hreá liomsa agus mé i mo dhéagóir cnuasach leabhar a cheannach ag tús an tsamhraidh agus mé ag tnúth len iad a léamh.

Ní hionann comhairle Cain agus luach a leagan ar an leadrán ná ar an leisciúlacht.

Luaigh mé freisin, i measc an challáin ar fad, go bhfuil deis againn ar mhachnamh ar an saol, machnamh ar an mbliain atá caite, cairde a deineadh agus cairde a cailleadh, rudaí a bhí gliondrach nó brónach, imeachtaí a bhí suimiúil nó dúshlánach.

Agus go bhfuil luach leis an gciúnas.

In 2012 d’fhoilsigh Susan Cain an leabhar Quiet: The Power of Introverts in a World That Can’t Stop Talking. Tharraing an leabhar cáil láithreach ar Cain. Thug sí faoi shraith TED Talks agus d’fhoilsigh leabhar eile do pháistí agus do thuismitheoirí ar ábhar céanna an chiúnais. Bhí sí tar éis teacht ar théama tábhachtach sa saol, téama atá níos achrannaí fós anois i bhfianaise rithim na meán sóisialta.

Ina cuid scríbhneoireachta, deineann Cain idirdhealú idir daoine indíritheacha agus eisdíritheacha, daoine a shantaíonn an ciúnas agus an comhluadar faoi seach. Maíonn sí go gcuireann an tsochaí níos mó - agus an iomarca - luacha sa dara tréith agus tús áite tugtha do lucht an chomhluadair agus na cainte.

Dar léi go bhfaigheann daoine indíritheacha fuinneamh ón gciúnas seachas ón gcuideachta agus tá sé de bhunchloch aici go bhfuil fiúntas leis sin nach n-áirítear a dhóthain sa lá atá inniu ann san Iarthar.

Sa saol oibre, tugann cinnirí indíritheacha cead a gcinn níos minice dá bhfoireann ó thaobh sláinte, neamhspleáchas smaointe agus cruthaitheachta de. Sa saol pearsanta, caithfear a thuiscint nach santaíonn chuile dhuine comhluadar ná comhrá, go dteastaíonn ó dhaoine a bheith leo féin uaireanta agus nach aon drochrud é sin.

I ndiaidh an chéad leabhair aici, scríobh Cain leabhar eile a foilsíodh in 2022 faoin mbriseadh croí, Bittersweet: How Sorrow and Longing Make Us Whole, ina molann sí gur chóir inspioráid a ghlacadh ó fhíormhothúcháin agus áilleacht an tsaoil – ceol agus ciúnas agus ealaín – mar mhalairt ar an dearfacht bhréagach a mbíonn an tsochaí ag súil leis de shíor.

Tar éis dom labhairt ar chumhacht an chiúnais leis na daltaí samhraidh, is minic a tháinig tuismitheoirí chugam le buíochas a ghabháil liom as an dearbhú sin dá bpáistí. Bhraitheadar go minic an brú a bhíonn orthu a bheith páirteach sa slua, i spóirt, teacht astu féin seachas a bheith compordach leo féin, agus ba rudaí iad sin a bhí ag baint dá bhféinmhuinín. Bhíodar buíoch go raibh aitheantas á thabhairt do shuntas na staidéarachta agus na smaointeachta.

Tá tionchar ag obair Cain ar chúrsaí oideachais freisin mar sin, í ag moladh gur ceart dúinn réimse iomlán an duine a spreagadh, agus go bhfuil an iomarca béime sa seomra ranga ar an dtaispeáint, ar an gcur i láthair, agus ar ghrúpthograí, rud a théann chun dochair don gciúnas, don machnamh agus don obair neamhspleách.

Ní hionann comhairle Cain agus luach a leagan ar an leadrán ná ar an leisciúlacht. Tá sé ráite uaireanta go gcothaíonn an leadrán cruthaitheacht ach, leis an fhírinne a rá, tá torthaí an taighde ina leith measctha míshoiléir.

Tá ceangal áfach ag leabhar Cain le leabhar taighde cáiliúil eile, Thinking Fast and Slow, le buaiteoirí Dhuais Nobel na hEacnamaíochta, Daniel Kahneman agus Amos Tversky. Dar leo, tá dhá phróiseas cinnteoireachta againn, ceann tapaidh, uathoibritheach, a tharlaíonn gan smaoineamh, agus ceann eile, machnamhach, meáite. Ní mór dúinn an dara ceann a chaomhnú níos mó, stopadh níos minicí le smaoineamh, le bheith cúramach agus cruthaitheach.

Agus an samhradh saor ón scoil roimh ár ndaltaí is deis foghlama agus fáis í. Ní gá go mbainfeadh an deis sin leis an gcampa samhraidh ná le bheith faoi bhrú teacht ar chomhluadar. Is féidir teacht air freisin ag suí thart, ag spaisteoireacht, i mbun machnaimh, i gcumhacht an chiúnais.

Uaireanta is fíor gur binn béal ina thost. Agus go minic freisin is fearr a bheith cúthail ná sa chíor thuathail.

Is iarUachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe agus iarOllamh sa Chuntasaíocht in UCD é Ciarán Ó hÓgartaigh.

‘Tá sé fíorthábhachtach an meath a stopadh.

’Bhí Seomra Closamhairc Theach Laighean lán go béal le Teachtaí Dála, Seanadóirí agus oifigigh rialtais Déardaoin seo caite, áit ar sheol an brúghrúpa Imeasc cáipéis taighde ón eacnamaí Jim Power faoin argóint eacnamaíochta oideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar ar bhonn reachtúil.

Cé go bhfuil sé mar sprioc ag an Rialtas, de réir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an Chláir Rialtais, líon na scoileanna lán-Ghaeilge a mhéadú, is constaic mhór í teip an chórais an Gaeloideachas a chur chun cinn do spriocanna na straitéisí sin.

Ag labhairt ag seoladh na tuairisce, dúirt Power go bhfuil “airgead mór infheistithe ag Rialtas na hÉireann sa Ghaeilge thar na blianta” ach gur fiú machnamh a dhéanamh ar na cúiseanna nach bhfuil toradh á fháil againn ar an gcaiteachas sin.

Chun athrú a leabú sa chóras, dúirt sé nach mór “bunús fianaise a bheith leis an rud atá á lorg agat”, agus gur iontas le go leor daoine nár iarr an Stát riamh ar an Roinn Oideachais go foirmiúil an tumoideachas lán-Ghaeilge a sholáthar ar bhonn reachtúil.

De réir Power, tá gá le 350 scoil lán-Ghaeilge a bhunú thar thréimhse 20 bliain chun spriocanna an Stáit i dtaobh na Gaeilge a chomhlíonadh. Cé go ndeir an tuarascáil nach mbeadh costas ar chuid de na beartais, ar nós oiliúint múinteoirí, tá ceist faoi chostas tógála na 350 scoil.

Luadh figiúr suas le €10bn, cé go mbraitheann an costas deiridh ar chur chuige na Roinne Oideachais agus ar dhearcadh na Roinne Airgeadais.

Faoi láthair, is féidir le tosaíochtaí oideachais athrú nuair a thagann Aire Oideachais nua isteach agus chuirfeadh dualgas dlíthúil deireadh leis an solúbthacht sin i dtaobh soláthar na Gaelscolaíochta.

Bheadh dualgas ar an Stát oideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar in áit é a cheadú mar rogha polasaí amháin, agus bheadh deis ag tuismitheoirí, iontaobhais scoile, coláistí oiliúna, agus an Roinn Oideachais uilig pleanáil cuí a dhéanamh.

Dúirt an Teachta Naoise Ó Cearúil leis an gcruinniú go bhfuil reachtaíocht á ullmhú aige, ach go mbeidh gá le tacaíocht traspháirtí chun í a thabhairt tríd an Oireachtas.

Agus ar bhealach, is é sin an dúshlán is mó - beidh gá toil pholaitiúil agus córasach a ghríosú chun athrú mar seo a chur i bhfeidhm.

- ÉANNA Ó CAOLLAÍ

Foclóir:

deasghnátha = rituals/rites

fuadar = bustle/hurry

cnuasach = collection

gliondrach = joyful/gleeful

achrannach = contentious/troublesome

indíritheach = introverted

eisdíritheach = extroverted

bunchloch = foundation stone