Deasghnáth agus damhsa an Earraigh

Rince, filíocht agus fás

 Tero Saarinen, rinceoir, ag ceiliúradh shaothar Stravinsky. grianghraf: eric luke/the irish times

Tero Saarinen, rinceoir, ag ceiliúradh shaothar Stravinsky. grianghraf: eric luke/the irish times

a
 

Nach fíor don tseanfhocal “Ní thig an fuacht go dtig an t-earrach”?

Agus mé i mo ghasúr óg is cuimhin liom a bheith ag tnúth le sneachta um Nollaig agus go mbíodh an-díomá orm nuair nár thit sé. Ina ainneoin sin ba mhinic a thit an sneachta i mí Feabhra nuair nach raibh súil againn leis agus gur mhéadaigh sin ar an lúcháir a bhí orainn ag caitheamh liathróidí sneachta nó ag déanamh fear sneachta.

Cé go mbraithim go bhfuil cúrsaí níos teo ar na saolta seo, de bharr théamh domhanda, is dócha, admhóidh an saol go bhfuil an t-earrach seo go fuar feanntach.

Le linn dom a bheith ag siúl le m’iníon faoi shléibhte Bhaile Átha Cliath le déanaí, thugamar faoi deara smólach an gheimhridh, an sacán, ag soláthar lóin i measc a bhuíne sna páirceanna.

Ní fhacamar deargán sneachta ar bith cé gur maith is cuimhin liom an t-éan gleoite sin a fheiceáil i rith gheimhrí níos reoití, mar aon lena chompánach álainn, an sciathán céarach.

Más fíor do Raifteirí “beidh an lá dul chun síneadh” agus is mór an faoiseamh teacht an earraigh féin tar éis dúluachair an gheimhridh.

Tógáil croí dom go bhfuil Féile Bhríde fós á comóradh, go háirithe sna Gaelscoileanna, agus, i bhfianaise air sin, gur rug mo gharpháistí crosa Bhríde abhaile leo ón scoil mar bhronntanas dom.

Le teacht an Charghais fadó is minic a rinne mé féin agus mo dheirfiúr an Carghas ar mhilseáin. Ba bheag píonós é i ndáiríre píre de bharr go gcuirimis na milseáin a fhaighimis ar leataobh i mbosca cairtchláir agus go mbíodh féasta beag againn Lá Fhéile Pádraig, ní áirím craos a dhéanamh orthu Domhnach na Cásca!

Mhaígh T.S. Eliot, file, sa Waste Land, gurbh í mí an Aibreáin an mhí ba chruálta:

April is the cruellest month, breeding lilacs

Out of the dead land, mixing

Memory and desire, stirring

Dull roots with spring rain.

Tuigim don fhile cáiliúil sin ós seanathair mé féin anois ag fáiltiú roimh earrach nua eile agus mé i bhfómhar mo shaoil.

Fuair Dubhghlas de hÍde le rá é freisin ina dhán goinbhlasta An Gleann Inar Tógadh mé:

Ní hamhlaidh tá sé liom anois,

Do bhí mé luath, ’nois tá mé mall

Is é mo léan, an aois do bhris

Sean-neart mo chroí is lúth mo bhall

Seans nach bhfuil seanaithreacha an lae inniu chomh mall spíonta sin ach is buan an t-ábhar machnaimh teacht an earraigh.

Damhsa an Earrraigh

Ba é ballet cáiliúil Le Sacre de Printemps ( Deasghnáth an Earraigh) le hIgor Stravinsky, a chuir tús leis an gceol clasaiceach nua-aimseartha. Nuair a cuireadh an ballet ar siúl i bPáras na Fraince sa bhliain 1913, níor thaitin sé leis an lucht féachana ar chor ar bith agus bhí círéib san amharclann – mar a tharla i gcás dráma J.M. Synge, The Playboy of the Western World in Amharclann na Mainistreach, sa bhliain 1907.

Bhí olc ar go leor daoine mar go raibh an sár-rinceoir ballet, Vaslav Nijinsky, ag rince sa seó agus ghlac siad scannal nuair a léiríodh an ballet L’apret-midi d’un Faune bliain roimhe sin ina ndearna seisean rince macnasach. Tharla an chíréib mar bhí cuid den lucht féachana i bhfábhar an bhallet agus an chuid eile go mór ina choinne.

In ainneoin agóid an phobail spreag Le Sacre de Printemps, ní amháin ceol, ach an litríocht féin. Ag tagairt arís do línte T.S Eliot thuas as The Waste Land, bhí tionchar ag ceol Stravinsky ar shaothar Eliot a léirigh iargúltacht agus fuaire an tsaoil nua-aimseartha mar aon le cás an duine féin.

Gné amháin den earrach a spreagann mo chroí féin ná ceiliúr na camhaoire, ina gcloistear ceiliúr mórchuid éan ag breacadh an lae.

Cé nach bhfuil i gceist anseo i ndáiríre ach éin ag leagan amach a dteorainneacha féin, is fiú go mór, mar sin, éirí go luath agus taitneamh a bhaint as.

Eagraíonn leithéid Bird Ireland agus Birdwatch Ireland turais ina dtagann daoine le chéile ag breacadh an lae i bpáirceanna poiblí ar fuaid na tíre, chun éisteacht le ceiliúr na n-éan agus chun a gceol a aithint. Craoltar an ceiliúr álainn ar Mooney Goes Wild ar RTÉ 1.

Mar fhocal scoir luaim seanfhocal eile cuí adeir “scuab úr scuabann sí glan”.

Bhí an méid sin i gceist, is dócha, ag an gCadhanach ina ghearrscéal cliste, Glantachán Earraigh: “Tá mé sa teach seo le leathchéad bliain… Ná tabhair cead do bhean nuaphósta mé a chaitheamh amach.”

Ba chóir dúinn a bheith dóchasach as teacht an earraigh féin nuair a thagann athfhás sa dúlra. Níl teorainn le teacht aniar an duine daonna agus, “mura gcuireann tú san earrach ní bhainfidh tú san fhómhar”.

a
The Irish Times Logo
Commenting on The Irish Times has changed. To comment you must now be an Irish Times subscriber.
SUBSCRIBE
GO BACK
Error Image
The account details entered are not currently associated with an Irish Times subscription. Please subscribe to sign in to comment.
Comment Sign In

Forgot password?
The Irish Times Logo
Thank you
You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.
The Irish Times Logo
Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.
Screen Name Selection

Hello

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

The Irish Times Logo
Commenting on The Irish Times has changed. To comment you must now be an Irish Times subscriber.
SUBSCRIBE
Forgot Password
Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In

Your Comments
We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.