Cad iad na Tuarascálacha Gníomhaíochta Briogáide?

Socraíodh go gcuirfí na coistí ar bun chun gníomhaíochtaí an IRA agus grúpaí eile a thaifead go cruinn


Ar 21 Eanáir, 1919, tionóladh an chéad Dáil Éireann i mBaile Átha Cliath. Ní raibh na teachtaí ar fad i láthair: bhí an chuid ba mhó d’ionadaithe tofa na Dála sa phríosún nó ar a dteitheadh.

An lá céanna, d'ionsaigh buíon de chuid an IRA baill Chonstáblacht Ríoga na hÉireann ar an tSulchóid Bheag i gContae Thiobraid Árainn. Maraíodh beirt chonstábla san ruathar agus glactar leis gurb é an t-ionsaí seo a chur tús le Cogadh na Saoirse (1919-1921).

Cé go ndéantar trácht sna leabhair staire ar mhór- eachtraí agus ar mhór-phearsain ar nós Seán Treacy agus Dan Breen a ghlac páirt san ionsaí ar an tSulchóid Bheag, is beag trácht a dhéantar orthu siúd a ghlac páirt in eachtraí áitiúla agus an íobairt a rinne pobal na tíre - faoin dtuath agus sna cathracha chun - aisling na Poblachta a fhíorú.

D'eisigh an Chartlann Mhíleata sraith Tuarascálacha Gníomhaíochta Briogáide mar chuid de Bhailiúchán Phinsean na Seirbhíse Míleata i mí Feabhra na bliana seo agus tá na mílte taifead ann a bhaineann le gníomhaíochtaí 151 bhriogáid de chuid Óglaigh na hÉireann.

READ MORE

Cén fáth ar bailíodh iad?

Bailíodh na tuarascálacha seo chun cabhrú leis an obair a bhí ar bun sna tríochaidí d’fhonn measúnú a dhéanamh ar iarratais seanfhondúirí ar Phinsin Seirbhíse Míleata.

Moladh i mí Meán Fómhar 1935 go gcuirfí coistí briogáide ar bun chun gníomhaíochtaí an IRA, Cumann na mBan agus Fianna Éireann, i measc grúpaí eile, a thaifead go cruinn.

Bhí sé ar intinn ag na coistí eolas a chur ar fáil ar ruathair agus eachtraí ar bith ar ghlac fórsaí na poblachta páirt iontu.

Bhí orthu óglaigh a ainmniú agus líon na ndaoine a maraíodh nó a gortaíodh a liostáil leis. Anuas ar sin, tá suas le 400 léarscáil, plean agus léaráid i measc na dtuairiscí. Tá taifid as gach cearn den tír sa chartlann. Is foinse luachmhar staire é ar iarrachtaí gnáthdhaoine tabhairt faoi fhórsaí na Corónach le linn Chogadh na Saoirse.

Cén saghas eolais atá ann?

Mar shampla, déantar tagairt don Captaen Patrick Moran (33) a ghlac páirt san ionsaí in Óstán an Gresham ar Dhomhnach na Fola, 1920, áit ar mharaigh fir Mhíchíl Uí Choileáin beirt fhear a bhain leis an Cairo Gang.

Gabhadh Moran ina dhiaidh sin agus daoradh chun báis é. Bhailigh suas le 40,000 duine lasmuigh de bhallaí an phríosúin ar an lá a maraíodh é.

Cuireadh chun báis é ar an 14ú Márta, 1921, i gCarcair Moinseó. An lá céanna crochadh Francis Flood (19), Thomas Bryan (24), Patrick Doyle (29) agus Bernard Ryan (21) a ghlac páirt in ionsaí a bhí á réiteach acu ar Dhroichead Binn i nDrum Conrach. Cuireadh an Gaillmheach Thomas Whelan (22) chun báis ar an lá céanna.

Cé go bhfuil cur síos ann freisin ar roinnt eachtraí a bhain le bunú Óglaigh na hÉireann i 1913, Éirí Amach na Cásca 1916 agus an Cogadh Cathartha, baineann a bhformhór le Cogadh na Saoirse.

Cá bhfuil siad ar fáil?

Tá Bailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata ar an mbailiúchán eolais is saibhre agus is tábhachtaí a bhaineann le tréimhse réabhlóideach na hÉireann 1913-23 agus is mór is fiú cuairt a thabhairt ar shuíomh ghréasán na Cartlainne Míleata.

Is féidir na taifid a chuardach ar líne agus iniúchadh a dhéanamh de réir ainmneacha daoine, logainmneacha agus eochairfhocal ag an suíomh militaryarchives.ie.