Is Fiú An Tairbhe An Trioblóid

Caisleáin Óir - Comóradh 100 Bliain: Scéal le rang cúig agus a sé, Scoil Phádraig, Dobhar, Co Dhún na nGall

Léiriú: Shaun McFadden
Léiriú: Shaun McFadden

Bhí clann ina gcónaí i nGaoth Dobhair 100 bliain ó shin, na tuismitheoirí Nancy & Billí agus na páistí Susan, John & Séamus. Ba é Séamus an duine ab óige agus John an duine ba shine agus bhí Susan sa lár. Bhí siad ina gcónaí lena máthair mhór Máire agus a n-athair mór Páidí, tuismitheoirí Nancy. Bhí Máire 93 agus bhí Páidí 94 bliain d’aois. Bhí siad ina gcónaí i dteach beag sa chaorán.

Bhí siad iontach bocht, bhí feirm bheag acu le bó amháin agus dhá chaora. Bhí madadh beag acu sa teach fosta, Bengi. Bhí dhá shúil dhifriúla aige, ceann glas agus ceann gorm.

Chuaigh na páistí go dtí an scoil thuas ar An Tor. Bhí Séamus i rang a 1, Susan i rang a 3 agus John i rang a 6. Bhíodh na múinteoirí ag bualadh na bpáistí le slat saileoige a bhí i gcónaí ar mhullach an chláir dhuibh. Bhí tairní istigh sa tslat seo. Bhí eagla ar na páistí roimh an mhúinteoir.

Bhíodh ag na páistí siúl go dtí an scoil agus fód mónadh leofa don tine. Is minic gur ghoid siad fóid mhónadh ó thithe eile muna raibh a gcuid féin leofa.

READ MORE
Léiriú: Shaun McFadden
Léiriú: Shaun McFadden

Deich mbliana ina dhiaidh sin chuaigh John agus Séamus go hAlbain le dhul ag obair ar na feirmeacha.

Bhí saoiste acu darbh ainm Scott. Fear beag ramhar a bhí ann agus bhí sé iontach leadránach. Ní thabharfadh sé móran airgid dófa don obair chrua a bhí le déanamh acu. Ach beagán achan mhí go díreach. Fuair siad litir ón bhaile.

Léiriú: Shaun McFadden
Léiriú: Shaun McFadden

“ A Shéamais agus a John,

Tá muid buartha le inse daoibh go bhfuair athair mór s’agaibh bás. Bás tobann a bhí ann. D’ith sé béile fraocháin nimhiúla agus thug sé a bhás. Ba mhaith le Susan sibh a fheiceáil arís. An dtig libh theacht ‘na bhaile chomh gasta agus a thig libh?

Le grá, Mamaí & Daidí.”

Téann Séamus agus John chun ‘na bhaile ar an bhád agus iad breá brónach. Tig siad isteach go cé Dhoire agus faigheann siad an traein go Croithlí agus siúlann siad ‘na bhaile ansin.

Fanann siad sa bhaile ar feadh míosa agus téann siad ar Aifreann achan Domhnach. Bhí a gcuid cairde uilig socraithe síos agus a gcuid páistí féin acu agus bhí siad sásta iad a fheiceáil.

Léiriú: Shaun McFadden
Léiriú: Shaun McFadden

Ach ba mhaith leo tuilleadh airgid a fháil. Chuaigh Séamus go dtí an Astráil agus fuair sé jab ag obair i gcoiléar mór, bhí saoiste iontach deas aige agus fuair sé go leor airgid. Chuaigh John go Meiriceá agus fuair sé obair mar mháistir traenach.Bhí siad ar shiúl ar feadh 23 bliain.

Tháinig siad ‘na bhaile ansin agus bhí siad iontach saibhir. Fuair siad amach go bhfuair a máthair mhór bás. Bhí Susan anois pósta agus triúir páistí aicí féin, Máire bheag, Páidí óg agus Maria agus bhí sí ag amharc i ndiadh a mamaí agus a daidí.

Léiriú: Shaun McFadden
Léiriú: Shaun McFadden

I ndiaidh tamaill cheannaigh Séamus agus John feirm mhór, le muca, eallach, caoirigh, cearca, asal agus an madadh Rocky.

Phós Séamas agus John agus shocraigh siad síos agus bhí a bpáistí féin acu. Ba mhaith leofa go mbeadh saol deas ag a bpáistí féin agus mar sin thóg siad scoil úr ar An Tor, le múinteoirí deasa.Ní raibh slat saileoige le feiceáil sa scoil níos mó!