Feile damhsa

Beidh Féile Chóilín Sheáin Dharach ar siúl i Ros Muc, Co na Gaillimhe, idir an Aoine 26ú agus an Domhnach 28ú, Eanáir. Beidh …

Beidh Féile Chóilín Sheáin Dharach ar siúl i Ros Muc, Co na Gaillimhe, idir an Aoine 26ú agus an Domhnach 28ú, Eanáir. Beidh béim ar leith arís ar dhamhsa ar an sean-nóis mar is gnách agus ar an phort ach go háirithe. Beidh ceardlann damhsa poirt ar feadh an lae Dé Sathairn agus comórtas damhsa sóisearach poirt Dé Domhnaigh.

Beidh seisiún amhránaíochta faoi choimirce Chumann Amhránaíochta Iorras Aithneach ar siúl agus an t-amhránaí sean-nóis Josie Sheáin Jeaic Mac Donnchadha ina fhear an tí. Beidh comórtas eile ar siúl den chéad uair - comórtas amhránaíochta sean-nóis sóisearach le dhá roinn: ceann d'amhránaithe bunscoile agus ceann d'amhránaithe meánscoile. Beidh léachtaí, díospóireacht i nGaeilge na hAlban, agus seisiúin cheoil ar siúl le linn an deireadh seachtaine fosta.

Eolas: damhsoir@eircom.net  nó 087-6657120